Tairbhe bainte ag 369 mBothán Fear as maoiniú ón Roinn Forbartha Tuaithe agus Pobail agus Gaeltachta

Cuardaigh ar fad gov.ie

Preasráitis

Tairbhe bainte ag 369 mBothán Fear as maoiniú ón Roinn Forbartha Tuaithe agus Pobail agus Gaeltachta

  • Deontais de suas le €3,000 tugtha do Bhotháin Fear chun tacú lena gcostais reatha
  • Íocadh deontais ina n-iomlán le 369 mBothán le roinnt míonna anuas
  • Maoiniú dáilte ag Cumann Bothán Fear na hÉireann (CBFÉ)

Inniu (4 Bealtaine, 2026) d’fhógair an tAire Forbartha Tuaithe agus Pobail agus Gaeltachta, Dara Calleary TD, agus an tAire Stáit sa Roinn Forbartha Tuaithe agus Pobail agus Gaeltachta, Jerry Buttimer TD, sonraí faoi na Botháin Fear a bhain tairbhe as maoiniú a tugadh do Chumann Bothán Fear na hÉireann (CBFÉ).

Leis an mhaoiniú seo, a d’fhógair na hAirí Calleary agus Buttimer anuraidh, bhí Cumann Bothán Fear na hÉireann in ann tacaíochtaí a dháileadh lena mbaill, le deontais de suas le €3,000 ar fáil. Is é cuspóir an mhaoinithe ná tacú le 369 mBothán Fear lena gcostais reatha/oibríochta, cosúil le billí téimh, leictreachais agus árachais. Is chuig CBFÉ a cuireadh na hiarratais, agus iadsan a rinne measúnú orthu.

Íocadh an maoiniú seo ina iomlán le gach ceann de na 369 mbothán le roinnt míonna anuas.

Is forbairt fhíordhearfach iad na Botháin Fear do phobail ar fud Éireann, agus tá rún daingean ag an Rialtas seo tacaíocht leanúnach a thabhairt do Bhotháin Fear agus don obair luachmhar atá ar siúl acu.

Dúirt an tAire Calleary:

“Is cúis áthais dom a bheith ábalta an maoiniú seo a chur ar fáil do CBFÉ chun tacú le Botháin Fear ar fud na tíre. Cuireann na Botháin Fear seirbhís bhunriachtanach ar fáil d’fhir ó cheann ceann na tíre, inar féidir leo teacht le chéile i dtimpeallacht shábháilte chompordach ionchuimsitheach agus scileanna a roinnt, agus caidreamh a chothú lena chéile agus lena bpobail.”

Dúirt an tAire Calleary an méid seo freisin:

“Tá cabhair ag teastáil go géar ar na Botháin Fear ó thaobh a gcostas oibríochta agus reatha, agus tá súil agam go mbeidh an maoiniú seo ina chúnamh dóibh chun leanúint lena seirbhís bhunriachtanach d’fhir na hÉireann.

“Ba mhaith liom aitheantas a thabhairt freisin do na tacaíochtaí, na haighneachtaí agus an obair abhcóideachta a bhíonn ar siúl ag Cumann Bothán Fear na hÉireann (CBFÉ) thar ceann an líonra Bothán Fear ar fud Phoblacht na hÉireann, agus thar ceann a mball.”

Agus an maoiniú á fhógairt aige inniu freisin, dúirt an tAire Buttimer:

“Tá an t-ádh liom go raibh mé in ann cuairt a thabhairt ar chuid mhór Bothán Fear ó rinneadh Aire dom anuraidh agus chonaic mé dom féin an ról tábhachtach atá acu i bpobail ó cheann ceann na tíre. Do na fir agus don phobal i gcoitinne, cabhraíonn na botháin chun aonrú sóisialta a chomhrac, agus chun spás a chur ar fáil le buaileadh le daoine eile agus cairdeas a chothú, go háirithe i gceantair thuaithe. Léiríonn an maoiniú seo an bhéim atá á leagan ag an Rialtas ar a thiomantas i leith Bothán Fear, mar atá leagtha amach sa chlár rialtais.”

Nótaí d’Eagarthóirí:

Tacaíonn Cumann Bothán Fear na hÉireann leis an líonra 450 Bothán Fear in Éirinn.

Bunaíodh Cumann Bothán Fear na hÉireann in 2011. Mar sin féin, cuireadh tús le gluaiseacht na mBothán Fear san Astráil, a bhí ina spreagadh do dhaoine in Éirinn chun gluaiseacht dá gcuid féin a bhunú.

Tosaíodh gluaiseacht na mBothán Fear i dTiobraid Árainn, áit inar bunaíodh an chéad Bhothán Fear. I ndiaidh thús an chéad bhothán fear in Éirinn, tháinig borradh sciobtha ar ghluaiseacht na mbothán, agus anois tá 450 bothán cláraithe le Cumann Bothán Fear na hÉireann.

Le deich mbliana anuas, tá Botháin Fear i ndiaidh páirt ríthábhachtach a ghlacadh i mbonneagar pobail na hÉireann. Is deis iad na botháin d’fhir chun buaileadh le chéile i spás tacúil comhoibríoch, chun feabhas a chur ar a sláinte agus a ndea-bhail, agus chun cur lena bpobail.

Cumann Bothán Fear na hÉireann, Aonad 6, Uimh. 12, Sráid Uí Chearúil, Tulach Mhór, Contae Uíbh Fhailí.

Teil: 01 8916150 | Ríomhphost: info@menssheds.ie | Suíomh Gréasáin: www.menssheds.ie

                                                                                                                                                                                                       

Ainm an Bhotháin

Contae

 Deontas 2024/2025

An Bhuiríos

Ceatharlach

€908.60

Ceatharlach

Ceatharlach

€2,785.37

An Tulach

Ceatharlach

€676.69

RehabCare Choill an Chollaigh

An Cabhán

€2,266.04

Baile Shéamais Dhuibh

An Cabhán

€3,000.00

Béal Tairbirt agus Ceantar Bhéal Tairbirt

An Cabhán

€2,982.07

Baile an Chabháin

An Cabhán

€924.81

Muinchille

An Cabhán

€3,000.00

Cill na Leice

An Cabhán

€2,992.00

Dún an Rí

An Cabhán

€1,675.50

An Mullach

An Cabhán

€831.16

An Muileann Iarainn

An Cabhán

€2,533.43

Achadh an Iúir

An Cabhán

€3,000.00

Droichead an Chláir

An Clár

€3,000.00

Cora Chaitlín

An Clár

€550.36

An Dún Beag

An Clár

€1,879.22

Inis

An Clár

€2,906.32

Inis Díomáin

An Clár

€1,580.11

Seanchoill an Pháirtín

An Clár

€2,373.28

Baile Shionainne

An Clár

€2,263.29

Droichead Abhann Ó gCearnaigh/Cill Mhuire

An Clár

€2,540.73

Áth Fhada

Corcaigh

€730.10

Na hAilichí

Corcaigh

€2,700.72

Baile an Chollaigh

Corcaigh

€3,000.00

Baile an Locha

Corcaigh

€1,782.52

Baile an Óraigh

Corcaigh

€1,335.09

Baile Féitheán

Corcaigh

€1,415.05

An tOileán Mór

Corcaigh

€1,077.00

Baile an Easpaig

Corcaigh

€1,743.65

An Bhlarna

Corcaigh

€3,000.00

Carraig na bhFear

Corcaigh

€1,504.11

Carraig Uí Leighin

Corcaigh

€3,000.00

An Ráth

Corcaigh

€1,973.53

Páirc na hEaglaise/Garrán na mBráthar

Corcaigh

€716.31

Cathair Chorcaí

Corcaigh

€1,639.28

Cloich na Coillte

Corcaigh

€2,220.82

Cluain

Corcaigh

€2,865.10

Cobh

Corcaigh

€466.28

Dúglas

Corcaigh

€3,000.00

Gleann Maghair

Corcaigh

€2,530.55

An Gleanntán

Corcaigh

€1,406.25

Headway

Corcaigh

€3,000.00

Cnoc an Chuilinn/Cnoc na hAoine

Corcaigh

€3,000.00

Ceann Toirc

Corcaigh

€2,305.46

Cionn tSáile

Corcaigh

€3,000.00

Maigh Chromtha

Corcaigh

€2,861.27

Mala

Corcaigh

€2,287.09

Baile na mBocht

Corcaigh

€3,000.00

Mainistir na Corann

Corcaigh

€3,000.00

Sráid an Mhuilinn

Corcaigh

€2,631.87

Abhainn na Baoi

Corcaigh

€1,528.66

Ráth Chormaic

Corcaigh

€1,607.10

Rinn an Scidígh

Corcaigh

€539.07

Rocky Road

Corcaigh

€2,615.86

Seandún

Corcaigh

€2,941.10

Shandon Haz Music

Corcaigh

€904.28

An Tóchar

Corcaigh

€1,091.29

Eochaill

Corcaigh

€1,981.86

Ard an Rátha

Dún na nGall

€2,955.26

Bealach Féich & Srath an Urláir

Dún na nGall

€478.23

Béal Átha Seanaidh

Dún na nGall

€2,031.70

Carn

Dún na nGall

€2,958.08

Caisleán na Finne

Dún na nGall

€1,985.51

Bothán na bhFear Cloich Cheann Fhaola

Dún na nGall

€2,688.15

Baile Dhún na nGall

Dún na nGall

€2,093.12

Ionad Acmhainní Teaghlaigh Downstrands Ros Beag & Phort Nua

Dún na nGall

€2,602.43

Droim Thuama

Dún na nGall

€1,067.80

Dún Fionnachaidh

Dún na nGall

€1,072.71

Scioból na bhFear Bhaile na Finne

Dún na nGall

€1,784.50

Na Cealla Beaga

Dún na nGall

€1,861.92

Cúil na gCuirridín

Dún na nGall

€2,600.00

Cill Mhic Réanáin

Dún na nGall

€2,384.73

Leitir Ceanainn

Dún na nGall

€1,722.62

Mainéar Uí Chuinneagáin

Dún na nGall

€3,000.00

Mín an Aoire

Dún na nGall

€1,562.25

Míobhaigh

Dún na nGall

€2,462.65

Bun an Phobail

Dún na nGall

€3,000.00

Ráth Bhoth

Dún na nGall

€1,320.35

Na Rosa

Dún na nGall

€3,000.00

Scioból na bhFear, Gaoth Dobhair

Dún na nGall

€3,000.00

Ard Aidhin

Baile Átha Cliath

€1,545.47

Bán an Aeir

Baile Átha Cliath

€1,962.64

Baile Brigín

Baile Átha Cliath

€3,000.00

Baile an tSaoir

Baile Átha Cliath

€2,281.99

Baile Formaid

Baile Átha Cliath

€2,913.94

Baile Munna

Baile Átha Cliath

€1,092.89

Baile Uí Ruáin

Baile Átha Cliath

€1,460.88

Beaumont & Ceantar Beaumont

Baile Átha Cliath

€3,000.00

Pobal na Carraige Duibhe

Baile Átha Cliath

€2,485.22

An Cloigín Gorm

Baile Átha Cliath

€3,000.00

Cluain Dolcáin

Baile Átha Cliath

€2,886.50

Cromghlinn

Baile Átha Cliath

€2,178.42

D8

Baile Átha Cliath

€2,671.49

Domhnach Bat & Port Reachrann

Baile Átha Cliath

€1,259.45

Domhnach Míde

Baile Átha Cliath

€1,577.78

Baile Átha Cliath 12

Baile Átha Cliath

€647.87

Baile Átha Cliath 10/20

Baile Átha Cliath

€1,735.52

Dún Laoghaire

Baile Átha Cliath

€3,000.00

Dún Droma / Na Glasáin

Baile Átha Cliath

€348.00

An Port Thoir

Baile Átha Cliath

€2,560.29

Fionnradharc/Marino

Baile Átha Cliath

€1,321.84

Teach na Giúise

Baile Átha Cliath

€2,999.04

Baile Gháire

Baile Átha Cliath

€1,068.56

Gleann Coilín

Baile Átha Cliath

€1,530.03

Inse Chór

Baile Átha Cliath

€1,749.64

Irish Deaf Men’s Shed

Baile Átha Cliath

€258.43

KFRC

Baile Átha Cliath

€3,000.00

Cill Easra

Baile Átha Cliath

€2,016.17

Cill Mochuda

Baile Átha Cliath

€3,000.00

Cnoc Lín

Baile Átha Cliath

€1,316.00

LBS

Baile Átha Cliath

€1,612.80

Leamhcán

Baile Átha Cliath

€1,652.95

Lusca

Baile Átha Cliath

€1,377.80

Mullach Íde

Baile Átha Cliath

€262.49

Mullach Eadrad

Baile Átha Cliath

€2,568.42

An Garrán Cnó & Loreto

Baile Átha Cliath

€1,690.21

Plunketts

Baile Átha Cliath

€3,000.00

Port Mearnóg agus Ceantar Phort Mearnóg

Baile Átha Cliath

€900.00

Coill an Phrióra

Baile Átha Cliath

€1,549.09

Ráth Eanaigh

Baile Átha Cliath

€1,150.88

Ráth Cúil

Baile Átha Cliath

€315.00

Ráth Maonais

Baile Átha Cliath

€280.62

Raytown

Baile Átha Cliath

€2,830.05

Retired Active Men's Social (RAMS)

Baile Átha Cliath

€3,000.00

Áth an Ghainimh

Baile Átha Cliath

€400.00

Seanchill

Baile Átha Cliath

€262.50

Lána Uí Scalaí

Baile Átha Cliath

€1,774.52

Na Sceirí

Baile Átha Cliath

€3,000.00

Slade Valley

Baile Átha Cliath

€724.96

St. Judes

Baile Átha Cliath

€1,141.78

Sord

Baile Átha Cliath

€2,834.34

Teach Mealóg

Baile Átha Cliath

€2,595.20

Tír an Iúir

Baile Átha Cliath

€1,342.20

TOG Hackerspace

Baile Átha Cliath

€3,000.00

Turvey Vintage

Baile Átha Cliath

€685.00

An Seid Cumann na bhFear

Gaillimh

€2,589.85

Baile Átha an Rí

Gaillimh

€2,031.16

Béal Átha na Sluaighe

Gaillimh

€3,000.00

Baile an Doirín

Gaillimh

€3,000.00

Béal Átha Ghártha

Gaillimh

€35.14

Cashel Skills

Gaillimh

€206.44

Iarthar na Cathrach

Gaillimh

€1,570.31

Droichead an Chláirín

Gaillimh

€2,718.45

Cumann Na bhFear

Gaillimh

€2,225.69

Dunmore

Gaillimh

€983.15

Dún Mór

Gaillimh

€2,054.84

Baile Locha Riach

Gaillimh

€1,123.59

Marconi

Gaillimh

€500.00

An Creagán

Gaillimh

€2,008.48

Maigh Cuilinn / Cró na bhFear

Gaillimh

€2,639.81

Órán Mór

Gaillimh

€1,600.14

Uachtar Ard

Gaillimh

€858.38

Bóthar na Trá

Gaillimh

€1,449.83

Seid na bhFear agus na mBan Cheantar na nOileán

Gaillimh

€2,116.85

Seid Na bhFear Dhúiche Sheoigheach

Gaillimh

€2,938.29

Seid na bhFear, Inis Oírr

Gaillimh

€400.00

The Parish Shed/Muine Mheá

Gaillimh

€905.55

Tuaim

Gaillimh

€3,000.00

Tíne

Gaillimh

€3,000.00

Baile an Bhuinneánaigh

Ciarraí

€2,835.20

An Baile Dubh

Ciarraí

€2,086.31

Baile Uí Thaidhg

Ciarraí

€3,000.00

Cill Airne

Ciarraí

€3,000.00

An tSnaidhm

Ciarraí

€1,877.00

Trá Lí

Ciarraí

€3,000.00

An Coireán

Ciarraí

€1,656.47

Cathair Saidhbhín

Ciarraí

€3,000.00

Baile Átha Í

Cill Dara

€3,000.00

Cill Droichid

Cill Dara

€1,704.15

Claonadh

Cill Dara

€3,000.00

Confaí

Cill Dara

€3,000.00

Pobal Dhroichead Bhaile Sheáin

Cill Dara

€2,714.57

Cill Choca

Cill Dara

€3,000.00

Baile Chill Dara

Cill Dara

€465.77

An Chill & Ceantar na Cille

Cill Dara

€2,732.75

Léim an Bhradáin

Cill Dara

€1,780.54

Maigh Nuad

Cill Dara

€2,196.65

Mainistir Éimhín

Cill Dara

€1,273.07

Na Fianna

Cill Dara

€2,935.15

Pobal an Náis

Cill Dara

€2,503.88

An Droichead Nua

Cill Dara

€450.00

Na Solláin

Cill Dara

€546.95

Béal Átha Ragad

Cill Chainnigh

€2,037.31

Droichead Binéid

Cill Chainnigh

€3,000.00

Caisleán an Chomair & Ceantar Chaisleán an Chomair

Cill Chainnigh

€1,532.49

DGK

Cill Chainnigh

€3,000.00

Fen

Cill Chainnigh

€1,870.15

Port an Chalaidh

Cill Chainnigh

€2,916.04

An Droichead Nua/Baile Phóil

Cill Chainnigh

€296.80

Gráig na Manach

Cill Chainnigh

€2,743.29

Cill Chainnigh

Cill Chainnigh

€2,999.42

Cill Mhic Bhúith

Cill Chainnigh

€2,759.27

Móin Choinn

Cill Chainnigh

€2,978.87

O'Loughlin Gaels Working Group

Cill Chainnigh

€3,000.00

Baile an Phoill

Cill Chainnigh

€450.85

Baile Mhic Andáin

Cill Chainnigh

€3,000.00

Mainistir Laoise & Ceantar Mhainistir Laoise

Laois

€395.68

Buiríos Mór Osraí

Laois

€2,087.26

Knock Vintage

Laois

€2,800.38

Móinteach Mílic

Laois

€3,000.00

Maighean Rátha

Laois

€1,159.47

Cúil an tSúdaire

Laois

€1,296.21

Port Laoise

Laois

€3,000.00

Ráth Domhnaigh

Laois

€3,000.00

Rothar Rogues / Durrow Community Bikes Shed

Laois

€956.00

Achadh an Mheasa

Liatroim

€3,000.00

Béal an Átha Mhóir

Liatroim

€3,000.00

Cora Droma Rúisc

Liatroim

€1,911.61

Cill an Iomaire

Liatroim

€3,000.00

Cionn Locha

Liatroim

€420.02

North Leitrim Men's Group

Liatroim

€1,593.67

Mainistir na Féile

Luimneach

€282.91

Áth Dara

Luimneach

€3,000.00

Baile an Fhaoitigh

Luimneach

€2,274.82

An Brú

Luimneach

€700.87

Cathair Dháibhín agus Ceantar Chathair Dháibhín

Luimneach

€2,515.00

Cromadh

Luimneach

€2,395.50

Dún Bleisce & Ceantar Dhún Bleisce

Luimneach

€3,000.00

Tuar an Daill / An Ráithín

Luimneach

€3,000.00

Familes

Luimneach

€2,269.14

An Gallbhaile

Luimneach

€2,999.08

Garraí Eoin

Luimneach

€3,000.00

An Gleann

Luimneach

€2,579.41

Baile Hiobaird & Ceantar Bhaile Hiobaird

Luimneach

€2,381.52

Cill Mocheallóg

Luimneach

€566.25

Cnoc Loinge

Luimneach

€1,783.14

Mulcair

Luimneach

€2,892.42

An Taobh Thuaidh

Luimneach

€1,254.68

Pobal Ráth Caola agus Cheantar Ráth Caola

Luimneach

€2,508.22

Paróiste Mhuire

Luimneach

€2,824.86

Naomh Pádraig

Luimneach

€928.72

Ceantar an Droma Aird

An Longfort

€2,565.68

Droim Lis / Béal Átha na Muc

An Longfort

€2,106.13

Gránard

An Longfort

€2,856.17

Cill Eo

An Longfort

€2,921.70

An Longfort

An Longfort

€3,000.00

Meathas Troim

An Longfort

€1,508.04

An Longfort Thuaidh

An Longfort

€500.00

Ráth Mhuire

An Longfort

€2,218.74

Baile Saileach agus Ceantar Bhaile Saileach

€3,000.00

Leathinis Chuaille

€431.24

Droim Conrach

€2,399.04

Dún Dealgan

€1,923.43

Dún Léire

€860.10

Lár Lú

€2,223.60

Tulaigh Álainn

€2,733.20

Acaill

Maigh Eo

€2,135.22

Béal an Átha

Maigh Eo

€3,000.00

Baile an Róba

Maigh Eo

€1,712.37

Caisleán an Bharraigh

Maigh Eo

€3,000.00

Baile Chathail agus Ceantar Bhaile Chathail

Maigh Eo

€623.15

Clár Chlainne Mhuiris

Maigh Eo

€3,000.00

Crois Mhaoilíona

Maigh Eo

€2,433.27

Iorras

Maigh Eo

€2,558.38

Gleann Néifinne

Maigh Eo

€1,629.73

Oileán Éadaí

Maigh Eo

€2,218.69

Cill Chomáin

Maigh Eo

€3,000.00

Coillte Mach

Maigh Eo

€457.40

Ceantar Chluain Cearbán

Maigh Eo

€3,000.00

An Mhala Raithní

Maigh Eo

€646.91

Béal Átha na Muice

Maigh Eo

€1,436.66

Cathair na Mart

Maigh Eo

€1,695.37

Cill Dhéagláin

An Mhí

€2,091.16

Baile Átha Buí

An Mhí

€1,748.61

Droichead Átha agus Ceantar Dhroichead Átha

An Mhí

€2,759.60

Dún Búinne

An Mhí

€2,598.90

Paróiste an Bhóthair Bhuí/Ráth Moliain

An Mhí

€2,360.01

Ceanannas

An Mhí

€3,000.00

Coill Chluana

An Mhí

€845.42

Cill Mheasáin

An Mhí

€305.00

Maigh nEalta

An Mhí

€1,927.48

An Uaimh

An Mhí

€2,221.76

An Seanchaisleán

An Mhí

€1,235.23

Ráth Tó

An Mhí

€3,000.00

Baile Shláine agus Ceantar Bhaile Shláine

An Mhí

€2,847.20

The New An Tobar

An Mhí

€1,376.75

Baile Átha Troim

An Mhí

€2,489.54

Béal Átha Beithe

Muineachán

€2,708.70

Carraig Mhachaire Rois

Muineachán

€1,428.20

Cluain Eois

Muineachán

€1,995.92

Muineachán

Muineachán

€2,161.38

Beannchar

Uíbh Fhailí

€1,155.42

An Lios Dearg

Uíbh Fhailí

€2,999.52

Clóirtheach

Uíbh Fhailí

€1,594.65

Éadan Doire

Uíbh Fhailí

€3,000.00

Hardy Boys

Uíbh Fhailí

€841.50

Pollach

Uíbh Fhailí

€2,042.30

Raithean

Uíbh Fhailí

€832.48

Tulach Mhór

Uíbh Fhailí

€2,885.91

Bealach an Doirín

Ros Comáin

€3,000.00

Béal Átha Liag

Ros Comáin

€3,000.00

An Caisleán Riabhach

Ros Comáin

€368.54

Cluain Fada

Ros Comáin

€1,873.70

An Garrán Leathan

Ros Comáin

€1,402.61

Ceathrú na Mainistreach

Sligeach

€1,045.00

Baile Easa Dara

Sligeach

€3,000.00

Clasp

Sligeach

€3,000.00

Cliafuine

Sligeach

€3,000.00

An Droim Mór Thiar

Sligeach

€2,160.00

Inis Crabhann

Sligeach

€2,338.88

Sligeach

Sligeach

€1,301.00

Tobar an Choire

Sligeach

€2,707.49

An Bealach 

Tiobraid Árann

€2,457.01

Béal an Átha / Cill Dalua

Tiobraid Árann

€327.40

Buiríos Uí Chéin

Tiobraid Árann

€2,963.28

An Chathair

Tiobraid Árann

€2,998.66

Carraig na Siúire

Tiobraid Árann

€1,798.75

An Chloichín

Tiobraid Árann

€1,541.51

Cluain Meala

Tiobraid Árann

€1,325.31

Fiodh Ard

Tiobraid Árann

€2,218.43

Maigh Chairce/Buiríos/An Baile Beag

Tiobraid Árann

€2,926.74

Mullinahone

Tiobraid Árann

€3,000.00

An tAonach

Tiobraid Árann

€3,000.00

Béal Átha Gabhann

Tiobraid Árann

€3,000.00

Durlas

Tiobraid Árann

€2,675.60

Tiobraid Árann

Tiobraid Árann

€1,400.00

Teach an Bhealaigh

Tiobraid Árann

€2,681.92

Déise

Port Láirge

€3,000.00

Dún Garbháin

Port Láirge

€3,000.00

Lios Mór

Port Láirge

€3,000.00

Mincéirí

Port Láirge

€3,000.00

Port Lách

Port Láirge

€566.87

Shedworx

Port Láirge

€3,000.00

Tulach an Iarainn

Port Láirge

€1,914.08

Cathair Phort Láirge

Port Láirge

€580.00

Inbhear Phort Láirge

Port Láirge

€2,804.37

An Baile Mór

An Iarmhí

€1,884.00

Baile na gCros

An Iarmhí

€2,967.64

Baile na gCailleach/Baile Fhobhair

An Iarmhí

€3,000.00

Cuasán

An Iarmhí

€3,000.00

Dealbhna

An Iarmhí

€430.57

Cill Bheagáin

An Iarmhí

€2,659.93

Cill Liúcainne

An Iarmhí

€1,655.56

An Móta

An Iarmhí

€1,982.59

An Muileann gCearr

An Iarmhí

€1,186.24

Muilte Farannáin

An Iarmhí

€3,000.00

Droichead Chaisleán Loiste

An Iarmhí

€1,199.77

An tSráid

An Iarmhí

€2,350.00

Baile Uí Chonnmhaí

Loch Garman

€1,292.57

Baile an Droichid

Loch Garman

€1,885.10

An Chéim

Loch Garman

€783.60

Baile Choimsín

Loch Garman

€737.60

Inis Córthaidh

Loch Garman

€1,479.63

Fearna

Loch Garman

€3,000.00

Guaire

Loch Garman

€1,926.05

Coill an Iarainn

Loch Garman

€487.00

Cill Mhucraise

Loch Garman

€2,157.96

Cill Ruáin/Calafort Ros Láir

Loch Garman

€1,645.86

Cill Téile

Loch Garman

€3,000.00

Ros Mhic Thriúin

Loch Garman

€2,817.21

An tAbhallort

Loch Garman

€2,339.14

An Ghráinseach

Loch Garman

€2,828.34

Shamrock

Loch Garman

€1,861.61

Teach Munna

Loch Garman

€1,610.11

Wexford Working Men's Club

Loch Garman

€1,875.84

An tInbhear Mór

Cill Mhantáin

€1,830.69

Eachroim

Cill Mhantáin

€622.93

Bealach Conglais

Cill Mhantáin

€2,033.16

Bré

Cill Mhantáin

€2,550.74

Cill Chomhghaill

Cill Mhantáin

€1,159.18

An Baile Nua agus an Caisleán Nua

Cill Mhantáin

€1,885.88

Purple House Cancer Care

Cill Mhantáin

€3,000.00

Ráth Droma

Cill Mhantáin

€2,550.53

Ráth Naoi

Cill Mhantáin

€2,092.45

An Tóchar

Cill Mhantáin

€1,220.91

Tigh na hÉille

Cill Mhantáin

€2,143.42

Gleann Abhóca

Cill Mhantáin

€2,158.51

An Chrois

Cill Mhantáin

€2,187.84

Cill Mhantáin

Cill Mhantáin

€1,462.41

 

 

Is ann don fhoirm seo d’aiseolas, agus sin amháin, a bhaineann leis an leathanach reatha.

Ná cuir faisnéis phearsanta ná airgeadais san áireamh.

Chun gov.ie a fheabhsú, déanfar anailís ar an bhfaisnéis a chuireann tú isteach agus ní thabharfar freagra uirthi ar bhonn indibhidiúil.

Conas mar a bhí d’eispéireas ar an leathanach reatha? (ag teastáil)

Tá 400 carachtar fágtha agat