Cuardaigh ar fad gov.ie

Preasráitis

‘Abair do Chuid’: Céim dheireanach den chomhairliúchán faoi Ár dTodhchaí Thuaithe seolta ag an Aire Calleary

  • Inniu sheol an tAire Forbartha Tuaithe agus Pobal agus Gaeltachta, Dara Calleary TD, an chéim dheireanach den chomhairliúchán chun eolas a dhéanamh d’fhorbairt an chéad leagan eile de bheartas forbartha tuaithe na hÉireann, Ár dTodhchaí Thuaithe.
  • Cuirfidh an beartas nua leis an dul chun cinn a rinneadh cheana agus leagfar amach fís athnuaite agus gníomhartha nua ann mar fhreagairt ar na deiseanna agus na dúshláin atá roimh phobail tuaithe.
  • Le heolas ón rannpháirtíocht chuimsitheach a rinneadh cheana, foilsíodh doiciméad comhairliúcháin ina leagtar amach na príomhthéamaí agus tosaíochtaí beartaithe don bheartas nua, agus tá fáilte á chur roimh aighneachtaí scríofa roimh 12 Nollaig 2025.

Óna sheoladh in 2021 i leith, tá Ár dTodhchaí Thuaithe i ndiaidh infheistíocht agus tacaíochtaí bunriachtanacha a thabhairt i gcrích, geilleagair áitiúla a neartú, agus an caighdeán maireachtála a fheabhsú ar fud cheantair thuaithe na hÉireann.

Tá an chéad leagan eile de Ár dTodhchaí Thuaithe á fhorbairt mar fhreagra ar riachtanais athraitheacha na ngeilleagar agus pobal tuaithe. Le roinnt míonna anuas, tá an Roinn Forbartha Tuaithe agus Pobail agus Gaeltachta i ndiaidh plé cuimsitheach a dhéanamh le geallsealbhóirí agus pobail fud fad na tíre chun tuairimí a bhailiú faoi cad atá tábhachtach do phobail tuaithe na hÉireann.

Léirítear an rannpháirtíocht sin sa doiciméad comhairliúcháin a foilsíodh inniu. Leagtar amach ann na príomhthéamaí agus tosaíochtaí beartaithe don bheartas nua agus tá sraith ceisteanna comhairliúcháin molta ann chun treoir agus tacaíocht a thabhairt do pháirtithe leasmhara agus a n-aighneachtaí á n-ullmhú acu.

Agus é ag seoladh an Chomhairliúcháin, dúirt an tAire Forbartha Tuaithe agus Pobail agus Gaeltachta, Dara Calleary:

“Tá sprioc thábhachtach bainte amach againn le seoladh na céime deireanaí seo den chomhairliúchán agus muid ag forbairt an chéad leagan eile de bheartas Ár dTodhchaí Thuaithe; ar phríomhghealltanas é sa Chlár Rialtais.

“Ba mhaith liom bhur ndearcthaí a chloisteáil faoi conas is féidir leis an Rialtas leanúint lena thacaíocht do cheantair thuaithe agus conas is féidir linn a chinntiú go bhfuil an beartas náisiúnta sin ag dul i ngleic leis na deiseanna agus dúshláin atá ag teacht chun cinn i bpobail tuaithe”.

Dúirt an tAire Stáit le freagracht as Forbairt Phobail agus Carthanachtaí, Jerry Buttimer TD:

“Is croí agus anam ár dtíre iad pobail tuaithe. Is fearr an tuiscint atá ag muintir na gceantar sin faoi cad is riachtanach chun beocht a mbailte agus sráidbhailte a chothú agus a neartú.

“Chonaic mé féin dúthracht agus tiomantas na ndaoine le linn ár n-imeachtaí comhairliúcháin, agus anois tá deis fhiúntach eile againn le cinntiú go dtugtar tuairimí gach pobal san áireamh. Spreagaim do gach duine, ar mhaithe lena bpobail áitiúla, páirt a ghlacadh agus cabhradh linn cruth a chur ar an gcéad leagan eile de bheartas Ár dTodhchaí Thuaithe.”

Tá tuilleadh sonraí faoi conas aighneacht scríofa a dhéanamh ar fáil sa doiciméad.

Beidh an comhairliúchán ar oscailt go dtí 12 Nollaig 2025.

Ar deireadh, dúirt an tAire Calleary:

“Geallann muid go gcuirfimid le rath Ár dTodhchaí Thuaithe agus go gcinnteoidh muid go ndéanfar áit níos fearr de cheantair thuaithe na hÉireann le cónaí, le hobair, le staidéar agus le clann a thógáil iontu sna blianta amach romhainn.”

Nótaí:

Ár dTodhchaí Thuaithe

Is é Ár dTodhchaí Thuaithe an creat uile-Rialtais um fhorbairt inbhuanaithe cheantair thuaithe na hÉireann.

Tá geallta sa Chlár Rialtais go bhforbrófar beartas nua Ár dTodhchaí Thuaithe don tréimhse dar tús 2026. Sa chéad leagan eile de Ár dTodhchaí Thuaithe, cuirfear le héachtaí bheartas 2021-2025, agus rachfar i ngleic le mórcheisteanna nua atá roimh mhuintir thuaithe na hÉireann.

Tá Páipéar Comhairliúcháin Ár dTodhchaí Thuaithe 2026-2031 ar fáil anseo.

Tá fáilte roimh aighneachtaí chuig rural.consultation@drcdg.gov.ie nó tríd an phost chuig an tseoladh atá sa doiciméad.

Is ann don fhoirm seo d’aiseolas, agus sin amháin, a bhaineann leis an leathanach reatha.

Ná cuir faisnéis phearsanta ná airgeadais san áireamh.

Chun gov.ie a fheabhsú, déanfar anailís ar an bhfaisnéis a chuireann tú isteach agus ní thabharfar freagra uirthi ar bhonn indibhidiúil.

Conas mar a bhí d’eispéireas ar an leathanach reatha? (ag teastáil)

Tá 400 carachtar fágtha agat