Cuardaigh ar fad gov.ie

Preasráitis

Plean Teanga Baile an Róba ceadaithe ag an Aire Dara Calleary

  • Maoiniú de €672,000 á chur ar fáil don Bhaile Seirbhíse Gaeltachta thar seacht mbliana

Inniu, d’fhógair an tAire Forbartha Tuaithe agus Pobail agus Gaeltachta, Dara Calleary TD, go bhfuil plean teanga Bhaile an Róba ceadaithe aige. Is céim thábhachtach í seo don phróiseas pleanála teanga sa Bhaile Seirbhíse Gaeltachta seo.

Tá maoiniú bliantúil de €96,000 á chur ar fáil d’fheidhmiú an phlean thar thréimhse 7 mbliana, rud a chiallaíonn go mbeidh buiséad iomlán de €672,000 ar fáil d’fheidhmiú an phlean teanga.

Dúirt an tAire Calleary:

“Is údar ceiliúrtha é go bhfuil plean teanga Bhaile an Róba ceadaithe inniu. Tréaslaím le gach aon duine - pobal Bhaile an Róba, an coiste stiúrtha agus Gnó Mhaigh Eo a d’oibrigh ar an bplean. Le cúnamh leanúnach mo Roinne agus Fhoras na Gaeilge don phlean agus don obair trí chéile atá ar bun agus beartaithe, táim cinnte go mbeidh ar a chumas oibriú as lámha a chéile le forais agus eagraíochtaí atá lárnach i gcur chun cinn na Gaeilge chun an plean a chur chun feidhme.”

Tá Baile an Róba suite ar imeall na Gaeltachta, ar an taobh thoir de Loch Measca, agus tá ról suntasach ag an mbaile sin maidir le seirbhísí poiblí, cultúrtha, tráchtála agus gnó a chur ar fáil do phobal na Gaeltachta i nDúiche Sheoigheach agus i dTuar Mhic Éadaigh. Is í príomhaidhm an phlean ná eolas agus úsáid laethúil na Gaeilge a chothú agus a mhéadú i mBaile an Róba go céimnithe thar thréimhse 7 mbliana an phlean i gcomhpháirtíocht le muintir na háite agus le heagraíochtaí áitiúla. Bainfear an sprioc sin amach trí bhéim a leagan ar réimsí éagsúla: oideachas, cultúr, spórt, caitheamh aimsire, seirbhísí poiblí agus gnó.

Nóta

  • Tá 10 mBaile Seirbhíse Gaeltachta ceadaithe faoin bpróiseas pleanála teanga go dáta faoi réir Acht na Gaeltachta 2012: Leitir Ceanainn, Daingean Uí Chúis, Cathair na Gaillimhe, An Clochán Liath, Trá Lí, Dún Garbhán, Caisleán an Bharraigh, Cathair Saidhbhín, An Clochán agus Baile an Róba.
  • Tá 3 Líonra Gaeilge ceadaithe go nuige seo faoin bpróiseas reachtúil sa Stát ó dheas – Inis, Baile Loch Riach agus Cluain Dolcáin – chomh maith le péire eile sa tuaisceart – Carn Tóchar agus Iarthar Bhéal Feirste – atá faofa ag Foras na Gaeilge faoi réir phróiseas neamh-reachtúil atá curtha ar bun ag an eagraíocht ann.
  • Tá an t-iomlán de 26 Limistéar Pleanála Teanga Gaeltachta ceadaithe.

Is ann don fhoirm seo d’aiseolas, agus sin amháin, a bhaineann leis an leathanach reatha.

Ná cuir faisnéis phearsanta ná airgeadais san áireamh.

Chun gov.ie a fheabhsú, déanfar anailís ar an bhfaisnéis a chuireann tú isteach agus ní thabharfar freagra uirthi ar bhonn indibhidiúil.

Conas mar a bhí d’eispéireas ar an leathanach reatha? (ag teastáil)

Tá 400 carachtar fágtha agat