Cuardaigh ar fad gov.ie

Preasráitis

Fógartha ag an Aire Calleary go bhfuil an t-athbhreithniú ar an gcéad 10 bplean teanga faoin bpróiseas pleanála teanga sa Ghaeltacht foilsithe

Tá fógartha ag an Aire Forbartha Tuaithe agus Pobail agus Gaeltachta, Dara Calleary TD, inniu (19 Eanáir 2026) go bhfuil an t-athbhreithniú ar an gcéad 10 bplean teanga faoin bpróiseas pleanála teanga foilsithe.

Faoi Acht na Gaeltachta 2012, is faoin Aire Forbartha Tuaithe agus Pobail agus Gaeltachta atá sé athbhreithniú ar phleananna teanga a chur i gcrích. Mar thoradh ar iarratas a tháinig ón bpobal pleanála teanga féin, tá an chéad athbhreithniú neamhspleách ar an bpróiseas curtha i gcríoch anois ag an gcomhlacht Barr Feabhais Teo.

Chuaigh Barr Feabhais Teo. i mbun taighde agus comhairliúcháin le réimse leathan eagraíochtaí, ceanneagraíochtaí Gaeilge agus páirtithe leasmhara agus iad i mbun a gcuid oibre. Tá réimse moltaí san athbhreithniú atá foilsithe inniu, a chuimsíonn gníomhaíochtaí a d’fhéadfadh tacú leis an bpleanáil teanga sna blianta amach romhainn. Tá freagra na Roinne Forbartha Tuaithe agus Pobail agus Gaeltachta ar na moltaí sin á bhfoilsiú inniu chomh maith.

Is fiú a nótáil go bhfuil líon suntasach moltaí san áireamh a bhfuil céimeanna glactha ina leith cheana féin, lena n-áirítear nithe a eascraíonn ón bPlean Náisiúnta um Sheirbhísí Poiblí Gaeilge agus ó Phlean Digiteach don Ghaeilge mar aon le tacaíocht subsantiúil atá ceadaithe ag Roinn an Aire Calleary i réimsí an teaghlaigh, na luathbhlianta, an óige, na n-ealaíon agus réimsí eile nach iad. Tá moltaí eile san áireamh a d’fhéadfadh gníomhaíochtaí úra a spreagadh agus muid ag dul i dtreo an dara timthriall den phróiseas pleanála teanga.

D’fháiltigh Dara Calleary, TD, Aire Forbartha Tuaithe agus Pobail agus Gaeltachta roimh fhoilsiú an athbhreithnithe seo. Dúirt sé:

“Gabhaim buíochas le Barr Feabhais Teoranta, a d’ullmhaigh an t-athbhreithniú ar an gcéad 10 bplean teanga, agus leo siúd uile a ghlac páirt sa phróiseas athbhreithnithe. Cé go bhfuil dúshláin áirithe aitheanta ag na comhairleoirí neamhspleácha a thug faoin athbhreithniú, is léir ó na torthaí go bhfuil ag éirí go maith leis an bróiseas trí chéile. Baineann roinnt mhaith de na moltaí le feabhas a chur ar sheirbhísí poiblí sa Ghaeltacht agus, chuige sin, beidh mé ag tabhairt an chéad Plean Gníomhaíochta um Sheirbhísí Poiblí Gaeilge faoi bhráid an Rialtais an tseachtain seo. Tar éis dom an t-ardú is mó riamh a fháil d’earnáil na Gaeilge agus na Gaeltachta i mBuiséad 2026, beidh €3m breise á infheistiú sa phróiseas i mbliana. Idir an infheistíocht seo agus tionchar an Phlean Gníomhaíochta, cuirfear borradh faoin bpróiseas sa thréimhse atá amach romhainn. Is cinnte go mbeidh an t-athbhreithniú seo ina chabhair chuige sin agus go dtacóidh sé le feidhmiú an dara timthriall den phróisis pleanála teanga.”

Tá cóip den athbhreithniú féin agus cóip de fhreagra na Roinne ag anseo.

Nóta don Eagarthóir

Athbhreithniú ar Phleananna Teanga

Ceadaíodh maoiniú suas le €92,500 don athbhreithniú neamhspleách ar an gcéad deich bplean teanga a ceadaíodh faoi réir Acht na Gaeltachta 2012. Is í an eagraíocht Barr Feabhais Teo, a roghnaíodh don obair. B’iad na pleananna a bhí i gceist ná:

  • Cloich Chionnaola, Gort an Choirce, An Fál Carrach & Machaire Rabhartaigh
  • Ná Déise
  • Ciarraí Theas
  • Gaoth Dobhair, Rann na Feirste, Anagaire & Loch an Iúir
  • Ciarraí Thiar
  • Conamara Láir
  • An Cheathrú Rua
  • Maigh Eo Thuaidh
  • Ráth Chairn & Baile Ghib
  • Árainn Mhór

Is iad seo a leanas na téarmaí tagartha a aontaíodh don athbhreithniú:

  • Mír 1: Cur chuige chun athbhreithniú a dhéanamh ar phleananna teanga a ullmhú;
  • Mír 2: Athbhreithniú a dhéanamh ar an gcéad 10 bplean teanga de chuid Limistéir Pleanála Teanga;
  • Mír 3: Tuairisc a chur ar fáil don Roinn agus do na ceanneagraíochtaí pleanála teanga maidir le gach plean teanga;
  • Mír 4: Tuairisc iomlán a chur ar fáil don Roinn maidir leis an phictiúr iomlán a thagann chun cinn ón anailís ar an 10 bplean atá luaite i Mír 2.
  • Mír 5: Moltaí sonracha a chur ar fáil sa tuairisc a luaitear i Mír 4 maidir le cad a d’fhéadadh a bheith á dhéanamh ag an Roinn Forbartha Tuaithe agus Pobail agus Gaeltachta agus Údarás na Gaeltachta chun cur i bhfeidhm an próiseas pleanála teanga a fheabhsú, bunaithe ar aon treochtaí ábhartha a aithnítear agus athbhreithniú á dhéanamh ar na pleananna teanga.

Is ann don fhoirm seo d’aiseolas, agus sin amháin, a bhaineann leis an leathanach reatha.

Ná cuir faisnéis phearsanta ná airgeadais san áireamh.

Chun gov.ie a fheabhsú, déanfar anailís ar an bhfaisnéis a chuireann tú isteach agus ní thabharfar freagra uirthi ar bhonn indibhidiúil.

Conas mar a bhí d’eispéireas ar an leathanach reatha? (ag teastáil)

Tá 400 carachtar fágtha agat