Fógraíonn an tAire Calleary maoiniú €6.2 milliún do thionscadail Ghaeilge agus Ultaise faoin Tionscnamh um Oileán Comhroinnte

Cuardaigh ar fad gov.ie

Preasráitis

Fógraíonn an tAire Calleary maoiniú €6.2 milliún do thionscadail Ghaeilge agus Ultaise faoin Tionscnamh um Oileán Comhroinnte

D’fhógair an tAire Forbartha Tuaithe agus Pobail agus Gaeltachta, Dara Calleary TD, inniu go bhfuil maoiniú caipitil €6.2 milliún ceadaithe aige do thionscadail a thacaíonn leis an nGaeilge agus le cultúr, oidhreacht agus teanga na hUltaise, faoin Tionscnaimh Rialtais um Oileán Comhroinnte.

San áireamh san fhógra seo, tá maoiniú caipitil suas le €4.8m san iomlán thar 4 bliana ceadaithe don Chiste Infheistíochta Gaeilge chun cómhaoiniú a dhéanamh ar thograí pobail Gaeilge i dTuaisceart Éireann. Tá maoiniú caipitil os cionn €1.4 milliún fógartha chomh maith do North West Cultural Partnership chun cómhaoiniú a dhéanamh ar an tionscadal caipitil Cuimsiú Cultúrtha i gCathair Dhoire.

Tá maoiniú curtha ar fáil ag an Rialtas tríd an gCiste um Oileán Comhroinnte – faoinar fógraíodh €6 milliún i bhFeabhra 2025 mar thacaíocht do thionscadail Ghaeilge agus Ultaise – mar aon le maoiniú ón Roinn Forbartha Tuaithe agus Pobail agus Gaeltachta, a dhéanfaidh maoirseacht ar sheachadadh an mhaoinithe, i gcomhar le comhpháirtithe i dTuaisceart Éireann.

Cuirfidh na tionscadail a bainfidh tairbhe as an maoiniú atá fógartha inniu go mór chun leas teangeolaíocha, sóisialta, eacnamaíochta agus cultúrtha na bpobal Gaeilge agus Ultaise i dTuaisceart Éireann agus cois teorann.

Agus an maoiniú á fhógairt aige inniu, dúirt an tAire Dara Calleary TD:

“Cuireann sé an-áthas orm an maoiniú suntasach caipitil seo a fhógairt inniu mar chuid den Tionscnamh Rialtais um Oileán Comhroinnte chun comhoibriú, caidrimh agus comhthuiscint a fheabhsú ar oileán na hÉireann. Cuirfidh an maoiniú le raon tionscadal a chruthóidh buntáistí buana pobail agus cultúrtha do phobail na Gaeilge agus na hUltaise i dTuaisceart Éireann agus cois teorann.

“Tá sé tábhachtach go dtacaímid le heagraíochtaí ar fud an oileáin atá ag obair ar mhaithe le daoine agus pobail a thabhairt le chéile, lena n-áirítear tríd an nGaeilge agus trí chultúr, oidhreacht agus teanga na hUltaise. Táim ag súil go mór le toradh na dtionscadal atá á bhforbairt ag an gCiste Infheistíochta Gaeilge agus ag an North West Cultural Partnership, ag neartú pobail áitiúla agus ag cothú ceangal cultúrtha ar fud an oileáin.”

Is ann don fhoirm seo d’aiseolas, agus sin amháin, a bhaineann leis an leathanach reatha.

Ná cuir faisnéis phearsanta ná airgeadais san áireamh.

Chun gov.ie a fheabhsú, déanfar anailís ar an bhfaisnéis a chuireann tú isteach agus ní thabharfar freagra uirthi ar bhonn indibhidiúil.

Conas mar a bhí d’eispéireas ar an leathanach reatha? (ag teastáil)

Tá 400 carachtar fágtha agat