Cuardaigh ar fad gov.ie

Preasráitis

Céim chun cinn i neadú na Gaeilge i gCórais na hEarnála Poiblí

  • Oscailt oifigiúil déanta ag an Aire Calleary ar chéad chruinniú an Ghrúpa Oibre Teicniúil - bunaithe faoin bPlean Náisiúnta um Sheirbhísí Poiblí Gaeilge
  • Beidh ról lárnach ag an ngrúpa seo i neadú na Gaeilge i bhforbairtí teicneolaíochta agus digitiú na seirbhíse poiblí sna blianta amach romhainn

Bhuail an tAire Calleary le hionadaithe den Ghrúpa Oibre Teicniúil atá bunaithe anois faoin bPlean Náisiúnta um Sheirbhísí Poiblí Gaeilge ar maidin. Rinne sé oscailt oifigiúil ar a chéad chruinniú, a tionóladh in Oifigí na Roinne Forbartha Tuaithe agus Pobail agus Gaeltachta i mBaile Átha Cliath.

Is beart tacúil lárnach a bheidh in obair an ghrúpa seo ó thaobh chur i bhfeidhm rathúil cuid de na gnéithe teicniúla a bheidh ag teacht chun cinn sa bhogadh i dtreo seirbhís phoiblí dhátheangach. I measc obair an ghrúpa beidh a chinntiú go bhfuil córais TFC in ann glacadh le hainmneacha, seoltaí agus teidil i nGaeilge agus go bhfuil an coincheap ‘dátheangach ón tús’ agus an tairiscint ghníomhach neadaithe isteach i bhforbairtí teicneolaíochta. Trí obair an ghrúpa chomh maith beifear ag iarraidh deis a thabhairt d’úsáideoirí a rogha teanga a chlárú agus iad ag éileamh seirbhísí. Tá ionadaíocht leathan ar an ngrúpa, idir Ranna Rialtais agus comhlachtaí poiblí níos leithne, le béim curtha sa bhallraíocht ar chroí-sheirbhísí agus idirghníomhaíocht leis an bpobal.

Ag labhairt inniu dúirt an tAire Calleary:

“Tá clár oibre uaillmhianach amach roimh an nGrúpa Oibre seo agus, dá bharr sin, tá leagtha amach anois go dtiocfaidh an Grúpa le chéile uair sa mhí don chéad bhliain chun a chinntiú go bhfuil dlús lena chuid oibre. Feictear go mbeidh roinnt deiseanna ann obair an ghrúpa a cheangal isteach chomh maith le forbairtí digitithe eile trasna na hearnála poiblí, go háirithe i gcomhthéacs spriocanna atá leagtha amach i gCreat Digiteach na hÉireann – Leas a Bhaint as Digitiú agus níos mó agus níos mó seirbhísí poiblí á mbogadh ar líne.

“Ba mhaith liom buíochas a ghabháil le comhaltaí an ghrúpa, agus leis na Ranna Stáit agus na comhlachtaí poiblí lena mbaineann, as a dtiomantas don ábhar seo. Feictear go mbeidh na hionadaithe seo mar cheannródaithe ó thaobh na forbairtí teicniúla éagsúla Gaeilge seo a neadú isteach ina n-eagraíochtaí féin chomh maith le dea-chleachtas ar an ábhar a roinnt lena chéile agus leis an tseirbhís phoiblí níos leithne. Táim ag tnúth go mór leis an obair a bheidh le teacht chun cinn sa spás seo a fheiceáil agus guím gach rath ar an nGrúpa Oibre leis.”

Is trí obair an Choiste Chomhairligh um Sheirbhísí Gaeilge a aithníodh an gá grúpa oibre teicniúil mar seo a bhunú agus is chuig an gCoiste Comhairleach a bheidh an grúpa ag tuairisciú.

Nótaí d'Eagarthóirí:

Cúlra

Foilsíodh an chéad Phlean Náisiúnta um Sheirbhísí Poiblí Gaeilge (GA/EN) i stair an Stáit i mí Dheireadh Fómhair 2024. Is plean taighde-bhunaithe atá ann, ullmhaithe ag an gCoiste Comhairleach um Sheirbhísí Gaeilge (GA/EN) a bunaíodh faoi Acht na dTeangacha Oifigiúla, 2003 (arna leasú) (GA/EN).

Díríonn an Plean Náisiúnta ar chúig mhórthéama straitéiseacha sna réimsí seo a leanas:

  1. Tionscnaimh Leathana agus Neartú Struchtúir Reatha;
  2. Soláthar Seirbhísí Poiblí trí Ghaeilge;
  3. Teicneolaíocht;
  4. Oiliúint, Earcaíocht agus Inniúlacht Teanga; agus
  5. Bailiúchán Sonraí,

Leis an bplean seo, cuirtear treochlár ar fáil do chomhlachtaí poiblí chun cuspóirí foriomlána Acht na dTeangacha Oifigiúla a bhaint amach, is é sin líon agus caighdeán na seirbhísí poiblí a chuirtear ar fáil trí Ghaeilge a fheabhsú agus a mhéadú go mór, go háirithe i gceantair Ghaeltachta, agus a chinntiú go bhfuil líon leordóthanach foirne inniúil i nGaeilge ag comhlachtaí poiblí leis na seirbhísí sin a chur ar fáil.

Is céim shuntasach chun cinn é foilsiú an phlean seo i dtreo seirbhís phoiblí iomlán dhátheangach agus táthar le tacú leis trí dhá Phlean Gníomhaíochta. Beidh an chéad cheann díobh seo le tabhairt ag an Rialtas agus le foilsiú go luath.

Bunú Grúpa Oibre Teicniúil

I bhfianaise a thábhachtaí is a bheidh sé gné na Gaeilge a neadú isteach i bhforbairtí teicneolaíochta agus digitiú na Seirbhíse Poiblí sna blianta amach romhainn, tugadh aghaidh shonrach ar an réimse seo faoi Mhór-Théama Straitéiseach 3 den Phlean Náisiúnta.

Leagtar amach faoi Chuspóir 6 den téama sin:

  1. Go mbunófar grúpa nó grúpaí oibre teicniúil le féachaint go háirithe ar nithe a bhaineann le Pointí 1–5 thuas, mar aon le cur i bhfeidhm Ailt 9A agus 9B.

Is iad seo a leanas Cuspóirí/Pointí 1-5 :

  1. Go mbeifí réamhghníomhach ó thaobh ghné na Gaeilge a neadú isteach ón tús i bhforbairtí atá agus a bheidh ag teacht chun cinn i spás na teicneolaíochta, go háirithe mar a bhaineann le húsáid na hintleachta saorga i gcomhthéacs soláthar seirbhísí poiblí.
  2. Go mbreathnófaí ar na suíomhanna gréasáin, na córais nó na seirbhísí idirghníomhacha eile ar cheart a chur ar fáil sa dá theanga oifigiúla, ag tógáil san áireamh tosaíochtaí ar leith sa ghearrthéarma, meántéarma agus fadtéarma.
  3. Go scrúdófaí modhanna chun coincheap na tairisceana gníomhaí a neadú i bhforbairtí teicneolaíochta éagsúla a mhéid is féidir.
  4. Go mbreathnófaí ar na féidearthachtaí a bhaineann le deis a bheith ag saoránach a rogha teanga (Gaeilge agus/nó Béarla) a chlárú in aon áit amháin do sheirbhísí poiblí i gcoiteann agus go bhféadfaí í seo a úsáid ansin ar fud na hearnála poiblí.
  5. Go mbreathnófaí ar uirlisí tacaíochta teicniúla ar leith a aithint agus a chur ar fáil d’fhostaithe na hearnála poiblí, de réir mar is cuí, a thacóidh leo seirbhísí poiblí trí Ghaeilge ar ardchaighdeán a éascú dóibh.

Baineann ailt 9A agus 9B d’Acht na dTeangacha Oifigiúla leis na nithe seo a leanas:

  • Alt 9A: ainmneacha, seoltaí agus teidil a thaifeadadh agus a úsáid go cruinn i nGaeilge, lena n-áirítear an síneadh fada a úsáid agus a chinntiú go bhfuil córais TFC cumraithe chun glacadh leis sin;
  • Alt 9B: leagan amach foirmeacha oifigiúla dátheangacha nó Gaeilge amháin.

Feidhmeoidh an grúpa thar théarma trí bliana, le hathbhreithnithe bliantúla agus an tsolúbthacht chun dul in oiriúint do riachtanais reachtacha agus riachtanais oibríochtúla atá ag teacht chun cinn.

Ballraíocht an Ghrúpa

Beidh baill an Ghrúpa Oibre Teicniúil seo ina n-oifigigh theicniúla shinsearacha (atá comhionann le Grád Príomhoifigigh Chúnta nó níos airde agus i réimse a bhaineann le TFC), atá ionadaíoch ar na heagraíochtaí seo a leanas:

  1. Cathaoirleach: An RFTPG ina ról mar rúnaíocht don Choiste Comhairleach um Sheirbhísí Gaeilge
  2. Comhairleoir Speisialtóireachta TFC a bheidh le fostú ar conradh chun saineolas a chur ar fáil de réir mar is gá
  3. RCPA/Oifig Phríomh-Oifigeach Faisnéise an Rialtais
  4. An Roinn Coimirce Sóisialaí
  5. An Roinn Gnóthaí Eachtracha/Oifig na bPasanna
  6. An Roinn Iompair/Oifig Mótarchánach
  7. Feidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte
  8. An Garda Síochána
  9. An Ghníomhaireacht Bainistíochta Rialtais Áitiúil
  10. An Post
  11. Na Coimisinéirí Ioncaim
  12. An tÚdarás um Shábháilteacht ar Bhóithre/An tSeirbhís Náisiúnta um Cheadúnas Tiomána
  13. An tÚdarás Náisiúnta Iompair/Cárta Leap TFI
  14. Pobal

Is ann don fhoirm seo d’aiseolas, agus sin amháin, a bhaineann leis an leathanach reatha.

Ná cuir faisnéis phearsanta ná airgeadais san áireamh.

Chun gov.ie a fheabhsú, déanfar anailís ar an bhfaisnéis a chuireann tú isteach agus ní thabharfar freagra uirthi ar bhonn indibhidiúil.

Conas mar a bhí d’eispéireas ar an leathanach reatha? (ag teastáil)

Tá 400 carachtar fágtha agat