Cuardaigh ar fad gov.ie

Preasráitis

Plean Gníomhaíochta Chiste na gCuntas Díomhaoin 2026 foilsithe ag an Aire Buttimer

  • Maoiniú €47 milliún chun dul i ngleic le míbhuntáiste

Inniu (Dé Luain, 24 Samhain 2025) d’fhógair Jerry Buttimer, TD, Aire Stáit sa Roinn Forbartha Tuaithe agus Pobail agus Gaeltachta, maoiniú de bheagnach €47 milliún ó Chiste na gCuntas Díomhaoin chun dul i ngleic le míbhuntáiste fud fad na tíre. Sheol sé Plean Gníomhaíochta Chiste na gCuntas Díomhaoin 2026 sa Dúcharraig, Co. Chorcaí ag an “Try Table Tennis Programme” i Scoil Aston, a fuair tacaíocht faoi Chiste na gCuntas Díomhaoin.

Is féidir airgead i gCiste na gCuntas Díomhaoin a úsáid chun maoiniú a thabhairt i gcomhair beart lena dtugtar aghaidh ar mhíbhuntáiste eacnamaíoch, sóisialta nó oideachasúil, agus chun tacú le daoine faoi mhíchumas. Faoi Phlean Gníomhaíochta 2026, leithdháilfear maoiniú de €46.97 milliún ar 56 bheart atá le tabhairt i gcrích ar fud 11 Roinn Rialtais.

Agus é ag seoladh an Phlean Gníomhaíochta inniu, dúirt an tAire Buttimer:

“Is mór an t-áthas atá orm Plean Gníomhaíochta Chiste na gCuntas Díomhaoin 2026 a sheoladh go hoifigiúil, faoina dtabharfar maoiniú €46.97 milliún chun dul i ngleic le míbhuntáiste fud fad na hÉireann. Déanfar na 56 bheart dár ceadaíodh maoiniú in 2026 a chur i bhfeidhm ar fud an Rialtais agus cabhróidh siad le dul i ngleic le réimse leathan ceisteanna ar nós easpa dídine, míchumas, míbhuntáiste san aos óg, imeascadh imirceach agus bearta spóirt do phobail faoi mhíbhuntáiste.”

Lean an tAire ar aghaidh:

“Sa ré dhúshlánach seo, is mór an difear a dhéanann maoiniú ó na Cuntais Dhíomhaoine do dhaoine aonair agus do phobail fud fad na tíre. Cinnteoidh muid, le Plean Gníomhaíochta 2026 atá á fhoilsiú inniu, gur féidir linn leanúint lenár dtacaíocht dóibh siúd atá leochaileach inár sochaí. Cúis áthais ar leith dom go bhfuil mórán Ranna ag leanúint lena dtacaíocht dóibh siúd faoi mhíchumas ina mbearta.

“Tá áthas ar leith orm go bhfuil béim níos láidre curtha agam ar mhíchumas i ndáileadh mhaoiniú na gCuntas Díomhaoin i mbliana. Tá sé seo i gcomhréir le gealltanas an Chláir Rialtais chun tús áite a thabhairt do mhaoiniú agus do dheiseanna do dhaoine faoi mhíchumas.”

Dúirt an tAire Calleary TD:

“Cuirim fáilte roimh Phlean Gníomhaíochta Chiste na gCuntas Díomhaoin 2026 lena ndíreofar maoiniú de €46.97 milliún ar aghaidh a thabhairt ar an míbhuntáiste ar fud na tíre. Tá cúnamh leanúnach ó Chiste na gCuntas Díomhaoin faighte acu siúd is leochailí ar fad. Mar gheall ar an gCiste, beidh mo Roinn féin in ann leanúint le maoiniú €2.1 milliún don Scéim Rabhaidh do Sheanóirí, €4 milliún do Rethink Ireland agus €1.5 milliún chun tacú le cur i bhfeidhm an Bheartais Náisiúnta Daonchairdis. Beidh €2 milliún i gcomhair bearta Fiontraíochta Sóisialta ann dá bharr freisin, agus tabharfar €780k ar an iomlán don iliomad grúpaí aonair faoin Bheart um Ionchuimsiú Sóisialta Spriocdhírithe. Is mór an difríocht dár sochaí a dhéantar leis na hidirghabhálacha seo, agus le bearta cosúil leo ar fud an Rialtais.”

Nótaí d’Eagarthóirí

Tacófar le 56 bheart difriúla, de €46.97 milliún ar an iomlán, faoi Phlean Gníomhaíochta 2026. Leagtar amach sa tábla thíos liosta iomlán de na bearta atá le maoiniú faoi Phlean Gníomhaíochta Chiste na gCuntas Díomhaoin 2026.

Maoiníodh cuid mhór de na beartais faoi Phleananna Gníomhaíochta roimhe seo agus anois leanfar leis an mhaoiniú sin in 2026 chun go mbeidh na bearta sin i bhfeidhm arís an bhliain seo chugainn. Leanfar le mórchuid na mbeart faofa in 2026, agus gach Roinn Rialtais freagrach as a mbearta féin a thabhairt i gcrích. Is féidir le bearta dul chun cinn thar roinnt blianta agus maoiniú á tharraing aníos ón Chiste de réir mar a thabhaítear caiteachas.

Seo a leanas roinnt samplaí de bhearta ar ceadaíodh maoiniú ina leith:

  • €10 milliún i gcomhair infheistíochta agus gníomhartha atá dírithe ar bhorradh a chur faoi rannpháirtíocht i spóirt i bpobail faoi mhíbhuntáiste agus i measc daoine faoi mhíchumas.
  • €3 milliún chun daoine a aistriú ón easpa dídine fhadtéarmach go tionóntachtaí tacaithe.
  • €3 milliún i gcomhair seirbhísí ceartais d’óige agus pobail a bhfuil mar aidhm leo tionchar agus éifeachtaí na coiriúlachta ar dhaoine óga agus pobail a chomhrac.
  • €2 milliún chun tacú le fiontair shóisialta chun dul i ngleic le míbhuntáiste sóisialta agus eacnamaíoch.
  • €1.4 milliún i gcomhair tionscnaimh óige agus teaghlaigh chun na scileanna boga atá de dhíth chun infhostaitheacht a fheabhsú a thabhairt do dhaoine óga.

Cuireann an Plean Gníomhaíochta seo le pleananna roimhe seo agus leanfar le tacaíocht do dhaoine agus eagraíochtaí fud fad na tíre dá bharr. Tháinig ardú 4.8% ar mhaoiniú i bPlean Gníomhaíochta 2026 i gcomparáid le 2025.

Cúlra Chiste na gCuntas Díomhaoin

Sna hAchtanna um Chuntais Dhíomhaoine 2001-2012, in éineacht leis an Acht um Polasaithe Árachais Saoil Neamhéilithe 2003, cuirtear creat ar fáil i gcomhair riarachán cuntas neamhéilithe in institiúidí creidmheasa (i.e. bainc, cumainn foirgníochta agus An Post) agus polasaithe árachais saoil neamhéilithe i ngnóthais árachais.

Is é príomhchuspóir na reachtaíochta ná sealbhóirí cuntas nó sealbhóirí polasaithe a thabhairt ar ais le chéile lena n-airgead in institiúidí creidmheasa nó gnóthais árachais, agus ina leith seo, ceanglaítear ar na forais seo céimeanna a ghlacadh chun úinéirí na gcuntas díomhaoin agus na bpolasaithe árachais saoil neamhéilithe a shainaithint agus teagmháil a dhéanamh leo.

Mar sin féin, ionas gur féidir úsáid a bhaint as an airgead nár úsáideadh, tugadh scéim isteach leis an reachtaíocht lenar féidir úsáid a bhaint as maoiniú nár dhócha go n-éileofar ar ais é ó na cuntais dhíomhaoine agus na polasaithe neamhéilithe, ar mhaithe le bearta chun tacú le:

  1. forbairt phearsanta agus shóisialta daoine atá faoi mhíbhuntáiste eacnamaíoch nó sóisialta;
  2. forbairt oideachasúil daoine atá faoi mhíbhuntáiste oideachasúil; nó
  3. daoine faoi mhíchumas.

Tábla Achomair um Plean Gníomhaíochta Chiste na gCuntas Díomhaoin

Tugtar achoimre sa tábla a leanas ar na bearta agus ar an maoiniú a leithdháileadh orthu faoi Phlean Gníomhaíochta 2026 ar gach Roinn Rialtais ábhartha. Tá na sonraí go léir le fáil sa Phlean Gníomhaíochta féin.

Príomh-Roinn/Gníomhaireacht

Uimh.

Cur Síos

Uas-Leithdháileadh

An Roinn Forbartha Tuaithe agus Pobail agus Gaeltachta

1

Beart Fiontair Shóisialta

2,000,000

2

Scéim Rabhaidh do Sheanóirí

2,100,000

3

Ionchuimsiú Sóisialta Spriocdhírithe

779,930

4

Leabharlanna - Tionscnamh Scileanna Saoil

150,000

5

Rethink Ireland

4,000,000

 

6

An Polasaí Náisiúnta Daonchairdis 2024-2028

1,500,000

An Roinn Tithíochta, Rialtais Áitiúil agus Oidhreachta

7

Tithíocht ar dTús

3,000,000

8

Lóistín do Bhaill an Lucht Siúil

620,000

An Roinn Dlí agus Cirt, Gnóthaí Baile agus Imirce

9

Seirbhísí Ceartais d’Óige agus Pobail

3,000,000

10

Eagraíochtaí Pobail – Earnáil an Cheartais Choiriúil

300,000

11

Bearta chun tacú le daoine óga atá ag fágáil géibhinn nó coimeádta.

521,000

12

Maoiniú do Bhaile Formaid agus Gort na Silíní

480,000

13

Sláinte Pobal-Bhunaithe sa Chóras Dlí agus Cirt

455,648

14

Acmhainní chun eolas a dhéanamh agus tacaíocht a thabhairt do pháistí agus dóibh siúd le constaicí litearthachta nó teanga chun próisis ceartais teaghlaigh a láimhseáil

720,000

15

Piarmheantóireacht – Earnáil an Cheartais Choiriúil

360,000

16

Obair choisctheach agus chosanta Cuan faoin Tríú Straitéis Náisiúnta maidir le Foréigean Baile, Gnéasach agus Inscnebhunaithe

1,500,000

17

Ballymun Implementation Board (BIB)

200,000

An Roinn Coimirce Sóisialaí

18

Beart um Chúramóirí Teaghlaigh - Tacaíocht do Chúramóirí Teaghlaigh lena n-áirítear Cúramóirí Óga & Iar-Chúramóirí chun rochtain a fháil ar thacaíochtaí fostaíochta agus/nó oiliúna agus oideachais

1,000,000

 

An Roinn Leanaí, Míchumais agus Comhionannais

 

 

19

Tacaíocht Chúraim do Dhaoine Leochaileacha sa Phobal

1,720,000

20

Tionscnaimh Oiliúna Champas Coinneála Bhaile an Oibricigh

285,000

21

Tionscnaimh Phobail don Lucht Siúil agus/nó Romaigh

1,344,000

22

Tionscnaimh Óige agus/nó Teaghlaigh

1,413,900

23

Tionscnamh Feasachta Míchumais

736,380

 

 

 

 

An Roinn Oideachais agus Óige

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

24

Clár Píolótach d’fhoghlaimeoirí RSO [riachtanais speisialta oideachais] i mbun aistrithe

400,000

25

Network for Teaching Entrepreneurship (NFTE)

300,000

26

Nuálaithe Sóisialta Óga

120,000

27

Time To Count

20,000

28

Experience Glasnevin

30,000

29

The B!G Idea

136,000

30

Rolladh amach suímh City Connects in Oirthuaisceart na Cathrach

700,000

31

Saibhriú- Foghlaimeoirí le hardchumas a chumasú

150,000

32

Foróige - Clár Ceannaireacht don Saol

270,000

33

Ionad Pobail San Aignéas um Cheol agus na hEalaíona

45,000

34

Anseo – Uirlis Tinrimh Inghníomhaithe do Scoileanna

544,346

35

I dTreo an Ionchuimsithe

150,000

36

Foróige – Clár Oibre Digiteach don Aos Óg

150,203

37

Foróige – Clár Sábháilteachta ar Líne

160,267

38

Tacú le páistí agus daoine óga trí CLG

100,000

39

Tionscadal Health Alliance for Practice-based Professional Education and Engagement (HAPPEE)

130,000

40

Cuairteanna baile chun tacú le haistrithe chun bunscoileanna - DEIS Plus

100,000

41

Bord Oideachais agus Oiliúna Átha Cliath agus Dhún Laoghaire (DDLETB)

405,000

42

Comhairle Náisiúnta Óige na hÉireann – Tionscadal Skills Summary

110,000

43

Díriú ar mhíbhuntáiste oideachasúil i measc páistí agus daoine óga ó phobail an Lucht Siúil agus na Romach

47,500

 

44

Tinreamh, rannpháirtíocht agus coinneáil scoile a chur chun cinn

371,143

An Roinn Cosanta

45

Flít Feithiclí agus Bád Cosanta Sibhialta a Uasghrádú

400,000

46

Maoiniú ó Chuntais Dhíomhaoine do Chumainn Iarshaighdiúirí

200,000

 

47

Sail Training Ireland

50,000

An Roinn Cultúir, Cumarsáide agus Spóirt

48

Moil Phobail Spóirt agus Gníomhaíochta Fisiciúla

1,354,000

49

Mol Náisiúnta Oideachais agus Traenála Spóirt

1,950,000

50

Bearta Spóirt do Phobail faoi Mhíbhuntáiste chun tacú leis an Phlean Náisiúnta um Ghníomhaíocht Choirp

6,696,000

An Roinn Breisoideachais agus Ardoideachais, Taighde, Nuálaíochta agus Eolaíochta

 

51

Clár Dreasachta Printíseachtaí don Lucht Siúil agus Clár Dreasachta Printíseachtaí dóibh siúd atá ag Fágáil Cúraim

360,000

52

Sparánacht Lóistín Mac Léinn do Phobail an Lucht Siúil agus na Romach, agus dóibh siúd atá ag Fágáil Cúraim

500,000

53

Tacaíochtaí airgeadais d’fhoghlaimeoirí ar Chlár Chéim Threasach P-TECH DABs

602,500

An Roinn Fiontar, Turasóireachta agus Fostaíochta

54

Balance for Better Business

243,512

An Roinn Sláinte

55

Rochtain ar sheirbhísí cúraim sláinte a fheabhsú do phobal na Romach in gach ceann de sé réigiún sláinte an FSS

860,000

56

Foireann Scoile Ildisciplíneach Bhaile Munna

1,125,000

IOMLÁN:

 

 

€46,966,329

Is ann don fhoirm seo d’aiseolas, agus sin amháin, a bhaineann leis an leathanach reatha.

Ná cuir faisnéis phearsanta ná airgeadais san áireamh.

Chun gov.ie a fheabhsú, déanfar anailís ar an bhfaisnéis a chuireann tú isteach agus ní thabharfar freagra uirthi ar bhonn indibhidiúil.

Conas mar a bhí d’eispéireas ar an leathanach reatha? (ag teastáil)

Tá 400 carachtar fágtha agat