Cuardaigh ar fad gov.ie

Preasráitis

Tuarascáil Bhliantúil 2024 um Chiste na gCuntas Díomhaoin foilsithe ag an Aire Buttimer

  • €44.8 milliún caite in 2024 chun dul i ngleic le míbhuntáiste

Inniu (26ú Meitheamh 2025) d’fhoilsigh an tAire Stáit ag an Roinn Forbartha Tuaithe agus Pobail agus Gaeltachta Jerry Buttimer Tuarascáil Bhliantúil 2024 um Chiste na gCuntas Díomhaoin.

Is féidir airgead i gCiste na gCuntas Díomhaoin a úsáid chun maoiniú a thabhairt i gcomhair beart lena dtugtar aghaidh ar mhíbhuntáiste eacnamaíoch, sóisialta nó oideachasúil, agus chun tacú le daoine faoi mhíchumas. Sonraítear i dTuarascáil Bhliantúil 2024 gurbh ionann caiteachas ar bhearta Cuntas Díomhaoin i rith na bliana agus €44.8 milliún ar fud 12 Roinn Rialtais.

Tá trí chás-staidéar ar bhearta lenar tacaíodh in 2024 san áireamh sa tuarascáil;

Rothaíocht Éireann – Tionscadal na Rothar Sléibhe Oiriúnaitheach (aMTB) – Trí Chiste na gCuntas Díomhaoin, cheannaigh Rothaíocht Éireann 5 aMTB. Cuireadh na rothair seo le chéile ar Champas Spórt Éireann le cuidiú ó dheonaithe ar lánchumas in éineacht le húsáideoirí cathaoir rothaí ar mhian leo páirt a ghlacadh. Tugann na rothair seo an deis d’úsáideoirí cathaoireacha rothaí chun freastal ar ionaid chonaire agus traenáil a fháil ar gach leibhéal.

  • The Great Care Cooperative (GCC) – Fuair Rethink Ireland maoiniú trí Chiste na gCuntas Díomhaoin i gcomhair “The Great Care Cooperative” (GCC). Is fiontar sóisialta seachbhrabúsach é an GCC a bhfuil mar aidhm acu sár-chúram agus sár-phostanna a chur ar fáil agus úsáid á baint as creat comhionannais. Tacaíonn siad le mná imeallaithe atá ag obair san earnáil cúraim chun rochtain a fháil ar fhostaíocht fhiúntach trí chomh-úinéirí a dhéanamh dóibh. Trí mhúnla GCC cuirtear cúramóirí i róil cheannaireachta agus chinnteoireachta. Infheistíonn siad an brabús go léir ar ais i bpá, pinsin agus oiliúint na bhfostaithe, rud a chuireann feabhas díreach ar chúram do dhaoine scothaosta.
  • An Scéim um Oibrithe Forbartha Pobail Oideachais don Lucht Siúil agus na Romaigh (ECDW) – Forbraíodh an scéim ECDW chun dul i ngleic leis an neamhionannas oideachais a bhíonn á fhulaingt ag an Lucht Siúil agus na Romaigh, go háirithe maidir le freastal, rannpháirtíocht, agus daltaí a choinneáil ar scoil, agus chun dul i ngleic le héifeachtaí agus iarmhairtí phaindéim Covid-19 mar a bhaineann siad le páistí agus daoine óga ón Lucht Siúil agus ó na Romaigh sa chóras oideachas.

Baineadh úsáid as maoiniú ó na Cuntais Dhíomhaoine chun ECDWanna tiomanta a fhostú, a oibríonn i gcomhar le pobail Lucht Siúil agus Romach áitiúla, bunscoileanna agus iar-bhunscoileanna, agus soláthraithe seirbhísí ar bith eile ar féidir leo cuidiú le feabhas a chur ar thorthaí oideachasúla páistí agus daoine óga ó phobail an Lucht Siúil agus na Romach. In 2024, bhí 12 ECDW ag obair in 10 n-áit ar fud an Stáit, le mórchuid na n-oibrithe seo ag teacht ón Lucht Siúil.

Agus an Tuarascáil Bhliantúil á foilsiú aige inniu, dúirt an tAire Buttimer:

“Is cúis áthais dom Tuarascáil Bhliantúil 2024 um Chiste na gCuntas Díomhaoin a fhoilsiú, ina léirítear gur cuireadh breis agus €44 milliún ar fáil in 2024 chun dul i ngleic le míbhuntáiste fud fad na hÉireann. Rinneadh an 51 beart a bhí sa tuarascáil a chur i bhfeidhm ar fud an Rialtais agus chuaigh siad i ngleic le raon leathan ceisteanna cosúil le cláir a chur ar fáil chun tacú le páistí agus daoine óga; daoine faoi mhíchumas; cúramóirí; agus grúpaí imeallaithe ar nós phobail an Lucht Siúil agus na Romach.”

Lean an tAire ar aghaidh:

“Is mór an difear a dhéanann maoiniú ó na Cuntais Dhíomhaoine do dhaoine aonair agus do phobail fud fad na tíre. Tá sé ag cuidiú le daoine leochaileacha, ag tacú le hionchuimsiú sóisialta, agus ag neartú ár bpobal. Tá sé ag dul i bhfeidhm go mór ar shaol daoine agus beidh tionchar dearfach fadtéarmach i gceist leis.”

Dúirt an tAire Calleary:

“Fáiltím roimh fhoilsiú Thuarascáil Bhliantúil 2024 um Chiste na gCuntas Díomhaoin ina leagtar amach conas ar cuireadh maoiniú d’os cionn €44 milliún ar fáil an bhliain seo caite. Laistigh den Roinn, baineadh úsáid as €11.64 milliún i gcomhar beart cosúil leis an Scéim Rabhaidh do Sheanóirí, Fiontar Sóisialta, Bearta Spriocdhírithe d’Ionchuimsiú Sóisialta agus Tacaíochtaí do Leabharlanna. Níorbh fhéidir na tacaíochtaí seo a chur ar fáil gan Chiste na gCuntas Díomhaoin agus is cabhair mhór é chun tacú le hionchuimsiú sóisialta i bpobail in gach cearn den tír.”


Nótaí d’Eagarthóirí

Ba ionann an caiteachas iomlán ó Chiste na gCuntas Díomhaoin in 2024 agus €44.8m i gcomhair 51 beart ar fud 12 Roinn. Tugtar eolas faoi na bearta seo sa Tuarascáil Bhliantúil in éineacht le trí chás-staidéar ar mhaoiniú do bhearta/tionscadail in 2024.

Rinneadh caiteachas ar fud raon Ranna, lenar tugadh maoiniú do bhearta chun tacú le páistí agus daoine óga; príosúnaigh; cúramóirí; íospartaigh choire; easpa dídine; agus grúpaí imeallaithe cosúil le pobail an Lucht Siúil agus Romach.

Sna hAchtanna um Chuntais Dhíomhaoine 2001-2012, in éineacht leis an Acht um Polasaithe Árachais Saoil Neamhéilithe 2003, cuirtear creat ar fáil i gcomhair riarachán cuntas neamhéilithe in institiúidí creidmheasa (i.e. bancanna, cumainn foirgníochta agus An Post) agus polasaithe árachais saoil neamhéilithe i ngnóthais árachais.

Is é príomhchuspóir na reachtaíochta ná sealbhóirí cuntas nó sealbhóirí polasaithe a thabhairt ar ais le chéile lena n-airgead in institiúidí creidmheasa nó gnóthais árachais, agus ina leith seo, ceanglaítear ar na forais seo céimeanna a ghlacadh chun úinéirí na gcuntas díomhaoin agus na bpolasaithe árachais saoil neamhéilithe a shainaithint agus teagmháil a dhéanamh leo.

Mar sin féin, ionas gur féidir úsáid a bhaint as an airgead nár úsáideadh, tugadh scéim isteach leis an reachtaíocht lenar féidir úsáid a bhaint as maoiniú nár dócha go n-éileofar ar ais é ó na cuntais dhíomhaoine agus na polasaithe neamhéilithe, ar mhaithe le bearta chun tacú le:

  1. forbairt phearsanta agus shóisialta daoine atá faoi mhíbhuntáiste eacnamaíoch nó sóisialta;
  2. forbairt oideachasúil daoine atá faoi mhíbhuntáiste oideachasúil; nó
  3. daoine faoi mhíchumas.

Tábla Achomair Thuarascáil Bhliantúil 2024 um Chiste na gCuntas Díomhaoin

Tugtar achoimre sa tábla a leanas ar na bearta agus an maoiniú a cuireadh ar fáil in 2024 do gach Roinn Rialtais ábhartha. Tá na sonraí go léir le fáil sa Tuarascáil Bhliantúil í féin.

Uimh.

Roinn Rialtais

Beart

Dáilte ó CCD in 2024

1

R/Forbartha Tuaithe & Pobail

Beart Fiontair Shóisialta

2,000,000

2

R/Forbartha Tuaithe & Pobail

Scéim Rabhaidh do Sheanóirí

2,700,000

3

R/Forbartha Tuaithe & Pobail

Ionchuimsiú Sóisialta Spriocdhírithe

878,497

4

R/Forbartha Tuaithe & Pobail

Ballraíocht i Leabharlanna a chur chun cinn i measc Grúpaí faoi Mhíbhuntáiste

560,780

5

R/Forbartha Tuaithe & Pobail

Rethink Ireland

5,500,000

6

An Roinn Tithíochta, Rialtais Áitiúil agus Oidhreachta

Tithíocht ar dTús

3,000,000

7

An Roinn Tithíochta, Rialtais Áitiúil agus Oidhreachta

Loistín do Bhaill an Lucht Siúil

 

419,942

8

An Roinn Dlí agus Cirt

Plean Cur chun Feidhme Dhroichead Átha, Bliain 3

145,284

9

An Roinn Dlí agus Cirt

Seirbhísí Ceartais d’Óige agus Pobail

4,159,734

10

An Roinn Dlí agus Cirt

Feachtais Feasachta maidir le Foréigean Baile, Gnéasach agus Inscne-Bhunaithe, agus Cearta Íospartach

1,132,963

11

An Roinn Dlí agus Cirt

Eagraíochtaí Pobail - Earnáil an Cheartais Choiriúil

357,000

12

An Roinn Dlí agus Cirt

An tSeirbhís Phromhaidh: Maoiniú d’Fhiontar Sóisialta, Babhta a Trí de KickStart: Múnla maoinithe leathnaithe

 

21,250

13

An Roinn Dlí agus Cirt

An tSeirbhís Phromhaidh: Babhta a Ceathair de Chiste KickStart

81,250

14

An Roinn Dlí agus Cirt

Clár Toilithe don earnáil Breisoideachais agus Oilúna

189,000

15

An Roinn Dlí agus Cirt

Sláinte Pobal-Bhunaithe sa Chóras Dlí agus Cirt

385,909

16

An Roinn Coimirce Sóisialaí

Beart um Chúramóirí Teaghlaigh - Tacaíocht do Chúramóirí Teaghlaigh lena n-áirítear Cúramóirí Óga & Iar-Chúramóirí chun rochtain a fháil ar thacaíochtaí fostaíochta agus/nó oiliúna agus oideachais.

598,550

17

An Roinn Leanaí, Comhionannais, Míchumais, Lánpháirtíochta agus Óige

Tacaíocht Chúraim do Dhaoine Leochaileacha sa Phobal

1,226,453

18

An Roinn Leanaí, Comhionannais, Míchumais, Lánpháirtíochta agus Óige

Tionscnaimh Oiliúna Champas Coinneála Bhaile an Oibricigh

347,500

19

An Roinn Leanaí, Comhionannais, Míchumais, Lánpháirtíochta agus Óige

Tionscnaimh Phobail don Lucht Siúil agus/nó Romaigh

1,905,112

20

An Roinn Leanaí, Comhionannais, Míchumais, Lánpháirtíochta agus Óige

Tionscnaimh Óige agus/nó Teaghlaigh

3,023,584        

21

An Roinn Leanaí, Comhionannais, Míchumais, Lánpháirtíochta agus Óige

Babaithe agus/nó Páistí Óga

302,364

22

An Roinn Leanaí, Comhionannais, Míchumais, Lánpháirtíochta agus Óige

Tionscnamh Feasachta Míchumais

171,120

23

An Roinn Oideachais

I dTreo an Ionchuimsithe

32,311

24

An Roinn Oideachais

Time to Count - Tacaíocht Uimhearthachta do Leanaí

20,000

25

An Roinn Oideachais

Network for Teaching Entrepreneurship (NFTE)

300,000

26

An Roinn Oideachais

Clár Idirbhliana The Big Idea

200,000

27

An Roinn Oideachais

Clár um Chríochnú Scoile do leanaí atá ag lorg cosanta idirnáisiúnta

200,000

28

An Roinn Oideachais

Comhordaitheoirí Baile, Scoile agus an Phobail (HSCL)

790,000

29

An Roinn Oideachais

Glasnevin Trust Transportations

20,000

30

An Roinn Oideachais

Pacáistí Seachanta Scoile a uasdátú, a atáirgeadh agus a sheoladh do gach scoile

14,000

31

An Roinn Oideachais

Aistrithe agus Tinreamh Scoile a Neartú do Pháistí agus Daoine Óga

107,000

32

An Roinn Oideachais

Torthaí oideachasúla a fheabhsú do pháistí agus daoine óga ó phobail an Lucht Siúil agus na Romach

180,000

33

An Roinn Oideachais

Tionscadal saibhrithe scoile chun tacú le páistí i mbun aistrithe scoile

50,000

34

An Roinn Oideachais

Lánpháirtíocht Inimirceach CDETB

120,000

35

An Roinn Oideachais

Tionscadal chun dul i ngleic le míbhuntáiste eacnamaíoch agus oideachasúil atá á fhulaingt ag grúpa scoláirí 2ú leibhéal in 4 scoil nach Scoileanna DEIS iad i réigiún an *Oirthuaiscirt

146,760

36

An Roinn Oideachais

Tacaíocht iompair eatramhach a thabhairt do pháistí atá gan dídean

20,000

37

An Roinn Oideachais

Seimineáir ghréasáin shaincheaptha do LADTI+

20,000

38

An Roinn Oideachais

Clár Píolótach d’fhoghlaimeoirí RSO [riachtanais speisialta oideachais] i mbun aistrithe

500,000

39

An Roinn Oideachais

Nuálaithe Sóisialta Óga

180,000

40

An Roinn Cosanta

Flít Feithiclí agus Bád Cosanta Sibhialta a Uasghrádú

378,589

41

An Roinn Cosanta

Maoiniú ó Chuntais Dhíomhaoine do Chumainn Iarshaighdiúirí

44,345

42

An Roinn Cosanta

Sail Training Ireland

50,000

43

An Roinn Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán

Moil Phobail Spóirt agus Gníomhaíochta Fisiciúla

1,842,500

44

An Roinn Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán

Mol Náisiúnta Oideachais agus Traenála Spóirt

1,877,500

45

An Roinn Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán

Bearta Spóirt do Phobail faoi Mhíbhuntáiste chun tacú leis an Phlean Náisiúnta um Ghníomhaíocht Choirp

6,780,000

46

R/Breisoideachais agus Ardoideachais, Taighde, Nuálaíochta agus Eolaíochta

Clár Dreasachta Printíseachtaí don Lucht Siúil

450,000

47

R/Breisoideachais agus Ardoideachais, Taighde, Nuálaíochta agus Eolaíochta

Sparánacht do Dhaoine ag Fágáil Cúraim

100,000

48

R/Breisoideachais agus Ardoideachais, Taighde, Nuálaíochta agus Eolaíochta

Sparánacht um Loistín Mac Léinn ar son phobail an Lucht Siúil agus na Romach

390,000

49

An Roinn Sláinte

Leathadh amach uirlis mheasúnaithe do riachtanais cúramóirí

         710,000

50

An Roinn Fiontar, Trádála & Fostaíochta

Balance for Better Business

201,250

51

An Roinn Comhshaoil, Aeráide agus Cumarsáide

Beart spriocdhírithe d’iascairí faoi mhíchumas nó a bhfuil deacrachtaí lúith acu

40,000

Iomlán

 

 

44,870,505