Cuardaigh ar fad gov.ie

Preasráitis

Fograíonn an tAire Calleary agus an tAire Buttimer méadú maoinithe do chlár na Seirbhísí Pobail

  • Bainfidh níos mó ná 400 eagraíocht phobail ar fud na tíre leas as méadú maoinithe
  • Glacfaidh 9 n-eagraíocht nua páirt sa chlár in 2026
  • Bainfidh níos mó ná 50 eagraíocht leas as catagóir maoinithe níos airde
  • Cuirfear síneadh le conarthaí 11 eagraíocht go dtí deireadh 2027
  • Pleananna chun clár na Seirbhísí Pobail a oscailt d’iarratais nua go luath an bhliain seo chugainn

Inniu (Dé Céadaoin, 17 Nollaig 2025) d’fhógair an tAire Forbartha Tuaithe agus Pobail agus Gaeltachta, Dara Calleary TD, agus an tAire Stáit le freagracht as Forbairt Pobail agus Carthanachtaí, Jerry Buttimer TD, maoiniú méadaithe do bhreis is 400 eagraíocht ar fud na tíre a fhaigheann tacaíocht faoi láthair faoi chlár na Seirbhísí Pobail.

Mar gheall ar athbhreithniú ar na rátaí maoinithe a chuirfear i bhfeidhm ón 1 Eanáir 2026:

  • Déanfar an ranníocaíocht bhliantúil in aghaidh an phoist a mhéadú faoi €1,260 d’eagraíochtaí atá rangaithe mar eagraíochtaí a bhfuil riachtanas maoinithe ard acu; agus
  • Déanfar an ranníocaíocht bhliantúil in aghaidh an phoist a mhéadú faoi €1,160 d’eagraíochtaí CSP atá rangaithe mar eagraíochtaí a bhfuil riachtanas maoinithe meánach acu; agus,
  • Déanfar 351 post bainisteoirí a mhéadú faoi €400 in aghaidh na bliana a fhaigheann tacaíocht ó CSP ar fud na gcatagóirí maoinithe uile.

Aistreofar 55 eagraíocht a fhaigheann tacaíocht ó CSP go catagóir maoinithe níos airde. Is beart spriocdhírithe é seo chun tacaíocht bhreise a dhíriú ar eagraíochtaí a bhfuil gá soiléir airgeadais acu.

Glacfaidh naoi n-eagraíocht eile, lena n-áirítear Ballinamore Community Hall CLG ag trádáil mar The Island Theatre, páirt i gclár na Seirbhísí Pobail ag tosú go luath in 2026. Tacóidh sé seo le fostaíocht 11 phost lánaimseartha agus sé bhainisteoir agus tabharfaidh sé líon iomlán na n-eagraíochtaí a fhaigheann tacaíocht suas go 435 in 2026.

Ina theannta sin, cuirfear síneadh dhá bhliain eile ar fáil 11 eagraíocht a raibh dáta deiridh conartha bunaidh acu ar an 31 Nollaig 2025.

D'fhógair na hAirí Calleary agus Buttimer freisin go mbeidh gairm oscailte ann ar eagraíochtaí nua chun páirt a ghlacadh i gclár na Seirbhísí Pobail go luath in 2026.

Ag cur fáilte roimh mhéadú an mhaoinithe, dúirt an tAire Calleary:

“Tá ról ríthábhachtach ag clár Seirbhísí Pobail mo Roinne chun a chinntiú go sroicheann seirbhísí riachtanacha pobail ar fud na tíre. Freastalaíonn an clár ar riachtanais áitiúla agus seachadann sé freagraí éifeachtacha spriocdhírithe chun tacú le daoine. Tá an-áthas orm a fhógairt go bhfuilimid in ann anois an tacaíocht seo a neartú le maoiniú breise do 2026. Seo an ceathrú méadú ar rátaí maoinithe a ceadaíodh ó tugadh isteach samhail nua maoinithe don chlár in 2023.”

Ag labhairt le linn cuairte ar Amharclann an Oileáin i Halla Phobal Bhaile an Átha Mhóir i gcontae Liatroma, dúirt an tAire Buttimer:

“Tá áthas orm an fógra seo a dhéanamh faoi mhaoiniú breise do phoist a fhaigheann tacaíocht faoi chlár na Seirbhísí Pobail. Tuigim na dúshláin go rímhaith atá roimh eagraíochtaí pobail agus táim tiomanta go hiomlán d’oibriú go dlúth leis an earnáil chun aghaidh a thabhairt orthu. Tá súil agam go gcuirfidh an méadú seo ar ranníocaíochtaí ar chumas eagraíochtaí a fhaigheann tacaíocht ó CSP leanúint de sheirbhísí a sholáthar sna pobail ina bhfuil an oiread sin gá leo.”

Tacaíonn CSP le seachadadh níos mó ná 440 seirbhís ar fud na tíre trí 426 eagraíocht phobail chun seirbhísí sóisialta, eacnamaíocha agus comhshaoil ​​áitiúla a sholáthar trí mhúnla fiontraíochta sóisialta. Díríonn an Clár ar phobail uirbeacha agus tuaithe ina bhfuil easpa seirbhísí san earnáil phoiblí agus phríobháideach, bíodh sé sin de bharr aonrú geografach nó sóisialta nó mar gheall ar easnaimh éilimh. Soláthraíonn CSP ranníocaíocht chómhaoinithe bhliantúil i dtreo chostas gach poist lánaimseartha choibhéiseach atá á thacú, agus, nuair is gá, i dtreo chostas bainisteoir a fhostú.

Mar chuid de Bhuiséad 2026 a fógraíodh i mí Dheireadh Fómhair, leithdháileadh €4m breise ar CSP, rud a thugann a leithdháileadh maoinithe iomlán do 2026 go €59.4m.

Nótaí don eagarthóir

Clár na Seirbhísí Pobail

Tacaíonn Clár na Seirbhísí Pobail le 445 seirbhís phobalbhunaithe faoi láthair trí 426 eagraíocht, chun seirbhísí sóisialta, eacnamaíocha agus comhshaoil ​​​​áitiúla a sholáthar trí mhúnla fiontair shóisialta.

Soláthraíonn CSP, nach n-ailínítear leis an íosphá, ranníocaíocht mhaoinithe i dtreo chostas post lánaimseartha coibhéise agus, i gcás inar gá, poist bhainisteora. Níl an maoiniú a chuirtear ar fáil beartaithe chun freastal ar chostas iomlán tuarastail na bpost a fhaigheann tacaíocht. Ní mór d’eagraíochtaí cáilitheacha a bheith ina bhfiontair shóisialta atá in ann ioncam a ghiniúint óna ngníomhaíochtaí chun costais iomlána tuarastail na bpost a fhaigheann tacaíocht a chomhlíonadh, mar shampla, ó ioncam a fhaightear ó úsáid phoiblí áiseanna agus seirbhísí. Tacaíonn ranníocaíocht CSP le heagraíochtaí chun bearnaí seirbhíse áitiúla a líonadh agus rochtain a sholáthar ar sheirbhísí agus áiseanna nach mbeadh ar fáil de ghnáth.

Ó Mheán Fómhair 2025, tá 351 Bainisteoir agus 1,721 fostaí coibhéise lánaimseartha á dtacú faoi láthair faoin gclár. Thosaigh clár reatha na Seirbhísí Pobail i mí Eanáir 2023 agus cuirfear deireadh leis i mí na Nollag 2027. Tá an ciste á riaradh ag an Roinn Forbartha Tuaithe agus Pobail agus Gaeltachta.

Tá leagan amach reatha CSP á reáchtáil ó 2023 go 2027.

Leithdháiltí athbhreithnithe

Mar chuid de phróiseas athstruchtúraithe a críochnaíodh in 2022, tugadh isteach samhail nua leithdháilte ráta maoinithe do CSP in Eanáir 2023, mar mhalairt ar an tsamhail íocaíochta ráta comhréidh roimhe seo. Bhain eagraíochtaí CSP atá ag feidhmiú i gceantair faoi mhíbhuntáiste níos airde, a fhostaíonn 70% ar a laghad de dhaoine ó na grúpaí sprice cláir forordaithe agus a bhfuil acmhainneacht tuillimh theoranta acu, leas as an gcatagóir ráta maoinithe níos airde.

Tá rátaí athbhreithnithe 2026 sa tábla thíos:

Rátáil Fhoriomlán

Ráta in aghaidh poist choibhéise lánaimseartha 2025

Ráta in aghaidh poist choibhéise lánaimseartha 2026

Méadú

Ráta in aghaidh bainisteora 2025

Ráta in aghaidh bainisteora 2026

Ard

€27,600

€28,860

€1,260

€37,500

€37,900

Meánach

€24,930

€26,090

€1,160

€35,000

€35,400

Íseal

€19,033

€19,033

Gan Athrú

€32,000

€32,400

Eagraíochtaí nua a ghlacfaidh páirt sa chlár in 2026

Cuireadh naoi n-eagraíocht eile, a luaitear sa tábla thíós, leis an liosta feithimh tar éis gairm oscailte 2023.

Ainm an Deontaí

Contae

Parslickstown House Management CLG

Baile Átha Cliath

Swilly Mulroy Community Development Project Society Limited

Dún na nGall

Ballinamore Community Hall CLG t/a The Island Theatre

Liatroim

Charlestown Bellaghy & Districts Recreational Centre CLG

Maigh Eo

West Limerick Sports Complex CLG

Luimneach

Venture Out Wilderness Project CLG

Gaillimh

Taghmon Integrated Local Development Team CLG

Loch Garman

Blakestown Community Resource Centre CLG

Baile Átha Cliath 15

Crossroads & Killygordon Enterprise Centre CLG

Dún na nGall

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

Is ann don fhoirm seo d’aiseolas, agus sin amháin, a bhaineann leis an leathanach reatha.

Ná cuir faisnéis phearsanta ná airgeadais san áireamh.

Chun gov.ie a fheabhsú, déanfar anailís ar an bhfaisnéis a chuireann tú isteach agus ní thabharfar freagra uirthi ar bhonn indibhidiúil.

Conas mar a bhí d’eispéireas ar an leathanach reatha? (ag teastáil)

Tá 400 carachtar fágtha agat