€1 milliún fógartha ag an Aire Calleary do Seónna Talmhaíochta in 2026

Cuardaigh ar fad gov.ie

Preasráitis

€1 milliún fógartha ag an Aire Calleary do Seónna Talmhaíochta in 2026

  • 126 seó ar fud na tíre chun leas a bhaint as maoiniú
  • Beidh luach idir €4,200 agus €11,400 leis na deontais

Inniu d’fhógair an tAire Forbartha Tuaithe agus Pobail agus Gaeltachta, Dara Calleary TD, go ndéanfar infheistíocht de bhreis is €1 milliún chun tacú le 126 Seó Talmhaíochta fud fad na tíre.

Mar chuid den tionscnamh, gheobhaidh gach seó deontas idir €4,200 agus €11,400 de réir a mhéid. Tacóidh an maoiniú seo leis an obair atá ar bun ag gach ceann de na 126 choiste seó agus iad ag ullmhú don tséasúr seónna atá ag teacht aníos.

Rinne an tAire Calleary an fhógairt inniu agus Cumann Seónna na hÉireann (CSÉ) ag seoladh Bliainiris 2026 s’acu le linn imeacht bhliantúil i mBaile Átha Luain.

Agus é ag déanamh an fhógra, dúirt an tAire Calleary:

“Is cúis áthais dom mar Aire Forbartha Tuaithe agus Pobail agus Gaeltachta a bheith ag tacú leis na seónna talmhaíochta seo, ar ardáin thar barr iad chun earnáil talmhaíochta iontach na hÉireann a chur ar taispeáint.

“Anuraidh, bhí an phribhléid agam cuairt a thabhairt ar roinnt seónna ar fud na tíre agus chonaic mé go díreach na buntáistí ollmhóra a thugann gach seó don phobal.

“Is deis iad don iomaíocht chairdiúil freisin, agus téann caighdeán an bheostoic agus na dtáirgí atá ar taispeáint, téann siad i gcion orm i gcónaí. Is imeachtaí sóisialta iontacha iad ár seónna talmhaíochta freisin, ina ndéantar cairdeas saoil a chruthú agus a chothú.

“Inniu táim ag fógairt go dtabharfar maoiniú de bhreis is €1m chun tacú le 126 seó talmhaíochta ar fud na tíre le linn shéasúr seónna 2026. Fágann fógra an lae inniu gur mó an méid atá curtha ar fáil ag mo Roinn faoin chiste ná €6.3m ó 2017.”

Rachaidh an Roinn Forbartha Tuaithe agus Pobail agus Gaeltachta i gcomhar le Cumann Seónna na hÉireann (CSÉ) chun ciste 2026 a riar.

Mar fhocal scoir, dúirt an tAire:

“Tá méid ollmhór oibre agus pleanála de dhíth sna seachtainí agus sna míonna roimh na seónna seo. Ní trí sheans a tharlaíonn seo.

“Ba mhaith liom aitheantas a thabhairt d’iarrachtaí éachtacha bhainistíocht agus fhoirne réigiúnacha CSÉ, choistí na seónna, na maor, na n-oibrithe deonacha, agus na n-urraí. Gan bhur dtacaíocht, níorbh fhéidir na seónna seo a óstáil mar atá á dhéanamh le 200 bliain.

“Mholfainn do gach duine freastal ar a seó áitiúil agus tacú leis. Imeachtaí speisialta iad na seónna seo agus beidh sé soiléir do gach duine a fhreastalóidh orthu go bhfuil rud éigin ann do chách.”

Is féidir breathnú ar an mhaoiniú atá á chur ar fáil do gach seó sa tábla ANSEO.

Nótaí d’Eagarthóirí

Déanann an Roinn Forbartha Tuaithe agus Pobail agus Gaeltachta forbairt tuaithe agus phobail a chur chun cinn agus tacaíonn sí le pobail bheoga, chuimsitheacha agus inbhuanaithe ar fud na hÉireann.

Díríonn sí ar athléimneacht pobal agus aontacht shóisialta a neartú, agus tacú le pobail chun gur féidir leo dul i ngleic le dúshláin an lae inniu agus an lae amárach.

Tá an maoiniú á riar ag an Irish Shows Association (ISA). Is é an ISA an foras oifigiúil a dhéanann ionadaíocht thar ceann Seónna Talmhaíochta Éireannacha ar oileán na hÉireann. Tá ceangailte leis seo liosa na seónna a bhainfidh leas as an mhaoiniú seo.

Is ann don fhoirm seo d’aiseolas, agus sin amháin, a bhaineann leis an leathanach reatha.

Ná cuir faisnéis phearsanta ná airgeadais san áireamh.

Chun gov.ie a fheabhsú, déanfar anailís ar an bhfaisnéis a chuireann tú isteach agus ní thabharfar freagra uirthi ar bhonn indibhidiúil.

Conas mar a bhí d’eispéireas ar an leathanach reatha? (ag teastáil)

Tá 400 carachtar fágtha agat