€17.5 milliún fógartha ag an Aire Calleary d’Údaráis Áitiúla i gcomhair na Scéime Feabhsúcháin Áitiúla (SFÁ)
- Foilsithe: 25 Feabhra 2026
- An t-eolas is déanaí: 25 Feabhra 2026
- SFÁ ag cur maoiniú ar fáil chun bóithre agus lánaí tuaithe a uasghrádú
- Méadú €2 milliún faighte i mBuiséad 2026
- Maoiniú bunriachtanach chun feabhas a chur ar rochtain bhóthair ar thithe agus feirmeacha i gceantair thuaithe
- Maoiniú imfhálaithe chun bóithre incháilithe ar ár n-oileáin amach ón chósta a fheabhsú
Inniu (Dé Céadaoin, 25 Feabhra) d’fhógair an tAire Forbartha Tuaithe agus Pobail agus Gaeltachta, Dara Calleary TD, go n-osclófar Scéim Feabhsúcháin Áitiúil (SFÁ) 2026 faoina gcuirfear €17.55 milliún ar fáil i gcomhair deisiúchán agus oibreacha feabhsúcháin ar bhóithre agus lánaí neamhphoiblí.
Léirítear leis an infheistíocht seo tiomantas leanúnach an Rialtais don bhonneagar bhunriachtanach i gceantair thuaithe na hÉireann, chun rochtain ar thithe agus feirmeacha a chur ar fáil.
Fágann an fógra seo gurb é an t-iomlán a leithdháileadh ar údaráis áitiúla faoin Scéim ná breis is €201 milliún ó tugadh ar ais í in 2017. Tá an maoiniú á leithdháileadh i gcomhair oibreacha atá le déanamh in 2026 ar bhóithre nach ndéanann na húdaráis áitiúla cothabháil orthu de ghnáth.
Agus é ag fógairt na leithdháiltí inniu, dúirt an tAire Calleary:
“Is cúis áthais dom maoiniú €17.55 milliún a fhógairt inniu don Scéim Feabhsúcháin Áitiúil, ar méadú €2 milliún é a fuair mise i mBuiséad 2026. San áireamh, tá breis is €500,000 imfhálaithe le caitheamh ar bhóithre atá incháilithe i gcomhair SFÁ ar ár n-oileáin amach ón chósta.
“Faoin scéim seo cuirfear feabhas ar na céadta bóthar agus lána tuaithe fud fad na tíre, agus is foinse bhunriachtanach mhaoinithe í do bhóithre neamhphoiblí nach ndéanann na húdaráis áitiúla cothabháil orthu de ghnáth.
“Scéim iontach í faoina ndéanann úinéirí tí agus feirmeoirí a bhaineann úsáid as an lána ranníocaíocht bheag áitiúil, agus an Rialtas ag cur iarmhéid an mhaoinithe ar fáil le cinntiú go mbeidh rochtain leanúnach ag daoine ar a dtithe agus a bhfeirmeacha, ar dhromchlaí de chaighdeán maith”.
Tá na húdaráis áitiúla freagrach as bóithre a shainaithint agus a chur in ord tosaíochta i gcomhair oibreacha feabhsúcháin faoin scéim, i ndiaidh dul i gcomhairle leis na cónaitheoirí/úinéirí talún.
Dúirt an tAire Stáit Buttimer:
“Tá áthas orm fógra Scéim Feabhsúcháin Áitiúil 2026 a fheiceáil inniu. Mar Aire Iompair Tuaithe, feicim na buntáistí do húinéirí tí agus feirmeoirí faoin tuath tríd an maoiniú seo, trína ndéanann údaráis áitiúla oibreacha feabhsúcháin ar lánaí tuaithe agus ar bhóithre neamhphoiblí. Tá áthas ar leith orm an maoiniú breise €2 milliún a cuireadh ar fáil don scéim i mbliana a fheiceáil.”
Ar deireadh, dúirt an tAire Calleary:
“Tá a fhios agam nach mór do na hÚdaráis Áitiúla oibreacha SFÁ a dhéanamh de réir mar a oireann an aimsir agus, mar aitheantas air seo, agus mar chabhair do na húdaráis agus iad ag pleanáil a gclár oibre, táim ag seoladh na scéime i mí Feabhra chun gur féidir an líon is mó bóithre incháilithe a chríochnú i mbliana.”
AGUISÍN 1
Scéim Feabhsúcháin Áitiúil 2026 - Leithdháiltí de réir an Chontae
Nótaí d’Eagarthóirí
An Scéim Feabhsúcháin Áitiúil (SFÁ)
Tugadh an Scéim Feabhsúcháin Áitiúil (SFÁ) ar ais i mí Mheán Fómhair 2017 agus tá beagnach €184 milliún curtha ar fáil cheana i gcomhair oibreacha ar bhreis is 5,500 bóthar. Fágfaidh an maoiniú breise a fógraíodh inniu go n-ardófar an fhigiúir sin thar €201 milliún.
Tá na húdaráis áitiúla freagrach as bóithre a shainaithint agus a chur in ord tosaíochta i gcomhair oibreacha feabhsúcháin faoin scéim, i ndiaidh dul i gcomhairle leis na cónaitheoirí/úinéirí talún. Beidh an maoiniú atá á chur ar fáil ag an Roinn Forbartha Tuaithe agus Pobail agus Gaeltachta á chomhlánú le ranníocaíocht áitiúil ó thithe/úinéirí talún a bhainfidh tairbhe as an scéim.
Bóithre Incháilithe
Is iad na bóithre atá incháilithe faoin Scéim Feabhsúcháin Áitiúil ná:
- bóithre neamhphoiblí lena dtugtar rochtain ar phíosaí talún, a bhfuil péire nó níos mó díobh faoi úinéireacht nó in úsáid ag daoine éagsúla, agus ní mór
- ceann acu a bheith chun críocha talmhaíochta;
- bóithre lena dtugtar rochtain chun críocha talmhaíochta / bainte (móin nó feamainn san áireamh) do bheirt nó níos mó daoine; nó,
- bóithre neamhphoiblí chuig áiseanna tábhachtacha poiblí ar nós reiligí, tránna, céanna, sléibhte, srl.
Bóithre Neamh-Incháilithe
Áirítear ar bhóithre neamh-incháilithe:
- bóithre chuig fiontair thráchtála. Is féidir teacht ar thuilleadh eolais san achoimre ar an Scéim, atá ar fáil ar gov.ie.
Ranníocaíocht áitiúil
Is mar seo a leanas a socraíodh an ranníocaíocht atá le híoc ag an líon tí/úinéir talún:
- 10% de chostas measta na mbóithre incháilithe do suas le cúig theach/úinéir talún, agus
- 15% do na bóithre siúd ar a bhfuil sé theach/úinéir talún nó níos mó.
Is é an t-uaslíon a mbeidh ar líon tí/úinéir talún amháin a íoc ná €1,200, i gcásanna ina bhfuil gach tairbhí toilteanach ranníocaíocht a dhéanamh.