23 phost nua fógartha agus tionscadail ar fiú €12 milliún iad nochta ag an Aire Calleary ar cuairt dhá lá go Ciarraí

Cuardaigh ar fad gov.ie

Preasráitis

23 phost nua fógartha agus tionscadail ar fiú €12 milliún iad nochta ag an Aire Calleary ar cuairt dhá lá go Ciarraí

  • 23 phost nua teicneolaíochta do Dhaingean Uí Chúis
  • Oscailt Mol gteic nua úrscothach in Uíbh Ráthach
  • Iompú fóid ar Fhoirgneamh Pobail Carnegie i gCathair Saidhbhín
  • Seoladh feithicil Tharrtháil Sléibhe Chiarraí i gCill Airne
  • Tionscadail á n-oscailt i dTrá Lí, Lios Tuathail agus Maigh Mheáin

Tá tús curtha ag an Aire Forbartha Tuaithe agus Pobail agus Gaeltachta, Dara Calleary TD, inniu (Déardaoin, 5 Márta 2026) le cuairt dhá lá go Ciarraí, áit ina n-osclóidh sé tionscadail dár ceadaíodh maoiniú de bhreis is €12 milliún óna Roinn agus Gníomhaireachtaí féin, agus ina dtabharfaidh sé cuairt ar roinnt eile.

Cuirfear tús le cuairt an Aire le fógairt faoi 23 phost nua ag Net Feasa Limited, ar comhlacht teicneolaíochta é atá lonnaithe i nDaingean Uí Chúis.

Áireofar ar na róil nua: forbróirí agus innealtóirí bogearraí, innealtóirí Intleachta Saorga, oibrithe líonra gan sreang (NOC) agus róil seirbhísí custaiméirí.

Tacófar leis an earcaíocht le deontas fostaíochta €345,000 ó Údarás na Gaeltachta.

Agus é ag labhairt faoi fhógairt na bpost, dúirt an tAire:

“Is cúis áthais dom a bheidh anseo chun an rath seo a cheiliúradh. Tá na poist in Net Feasa ina róil d’ardchaighdeán le pá maith i gcuideachta teicneolaíochta spreagúil.

“Bunaíodh Net Feasa i mbaile tuaithe Gaeltachta, ach tá tionchar domhanda anois aige, agus oifigí acu i Singeapór, i Hong Cong, sa Téaváin agus sna Stáit Aontaithe.

“Leis an neart tallainne atá ar fáil i gceantair thuaithe, agus le tacaíocht mo Roinne agus gníomhaireachtaí ar nós Údarás na Gaeltachta, táimid ag obair go dian chun tuilleadh deiseanna mar seo a chruthú.”

Dúirt POF Údarás na Gaeltachta, Tomás Ó Síocháin:

"Fostaíocht, tithíocht agus bonneagar digiteach: seo na trí philéar atá riachtanach chun ár bpobail Ghaeltachta a choinneáil ar an bhfód agus ag fás. Táim an-bhródúil as an dul chun cinn atá á dhéanamh againn i gcomhar leis an bpobal agus na fiontraithe i nGaeltacht Chiarraí. Le fógairt post Net Feasa, an tionscnamh nua tithíochta le Comharchumann Forbartha Chorca Dhuibhne agus mol digiteach úrscothach gteic@UíbhRáthach, táimid ag obair le chéile ar mhaithe leis an gceantar seo agus leis na glúnta atá le teacht."

Agus é i nDaingean Uí Chúis, osclóidh an tAire Halla Measarthachta Naomh Muire go hoifigiúil, a athchóiríodh agus atá le bheith ina mhol pobail le hinfheistíocht ón Chiste Aitheantais Pobail.

Ina theannta sin, beidh an tAire ag iompú fóid i gcomhair páirc astroturf uile-aimsire nua in áit dúchais bhuaiteoirí Chraobh Clubanna Sinsearacha na hÉireann, C.L.G. Daingean Uí Chúis, agus i gcomhair clós súgartha nua i nDún Chaoin. Tá an roinn ag tacú leis an dá thionscadal trí chlár LEADER.

Ina dhiaidh sin, tabharfaidh an tAire cuairt ar an tionscadal tithíochta nua i mBaile an Fheirtéaraigh lena bhfuiltear ag dul i ngleic leis an ghanntanas lóistín do choláistí samhraidh Gaeilge sa cheantar. Is le deontas €274,500 ó Údarás na Gaeltachta a tógadh an scéim seo de chuid Chomharchumann Forbartha Chorca Dhuibhne Teoranta, ina mbeidh tithe trí stór le cúig sheomra leapa, agus 12 fhoghlaimeoir Gaeilge in gach ceann acu. Ligfear na tithe amach ar cíos le daoine a óstálann foghlaimeoirí Gaeilge.

Is é an t-imeacht deireanach Déardaoin ná oscailt oifigiúil gteic @ Uíbh Ráthach i mBaile an Sceilg. Tógadh an áis seo, atá ag feidhmiú ó Dheireadh Fómhair 2024 i leith, le hinfheistíocht €2.5 milliún ón Roinn Forbartha Tuaithe agus Pobail agus Gaeltachta, le cómhaoiniú arna cheadú ag Údarás na Gaeltachta, agus tá seomraí cruinnithe, mol plean-oscailte, agus spásanna oifige ar fáil ann, agus iad uilig le leathanbhanda snáthoptaice.

Imeachtaí Dé hAoine

Ar Dé hAoine, iompóidh an tAire an fód ar shuíomh Fhoirgneamh Pobail Carnegie, atá á athchóiriú agus á shíneadh. Tá na hoibreacha seo mar chuid de Thionscadal Athghiniúna Lár Baile Chathair Saidhbhín, ar ceadaíodh breis is €8.5 milliún ina leith faoin Chiste um Athghiniúint agus Forbairt Tuaithe.

Agus é ag labhairt faoi Thionscadal Athghiniúna Lár Baile Chathair Saidhbhín, dúirt an tAire:

“Mar Aire Forbartha Tuaithe agus Pobail agus Gaeltachta, is cúis áthais dom go bhfuil an Ciste um Athghiniúint agus Forbairt Tuaithe in ann tacú leis na tionscadail seo timpeall an bhaile.

“Is mór an phribhléid é a bheith in ann an fód a iompú ar an gcéad chéim de Thionscadal Athghiniúna Lár Baile Chathair Saidhbhín. Cuirfidh sé seo áiseanna pobail suntasacha ar fáil i lár ‘Cheathrú Dhónaill Uí Chonaill’.

“Táim cinnte, nuair atá an tionscadal seo críochnaithe, go mbainfear sult as go ceann na mblianta.”

Dúirt Cathaoirleach Chomhairle Contae Chiarraí, an Comhairleoir Michael Foley:

“Cuirim fáilte ó chroí roimh an Aire Dara Calleary go Ciarraí i gcomhair sraith imeachtaí tábhachtacha. Tá tacaíocht curtha ar fáil ag an Roinn Forbartha Tuaithe agus Pobail agus Gaeltachta don iliomad tionscadal agus tionscnamh i gCiarraí le blianta beaga anuas, agus táim sásta go mbeidh an deis ag an Aire an obair fhíordhearfach atá á déanamh ar fud an chontae a fheiceáil.”

Rachaidh an tAire go Páirc Náisiúnta Chill Airne ansin chun feithicil nua do Tharrtháil Sléibhe Chiarraí a nochtadh. Beifear in ann seirbhísí bunriachtanacha a chur ar fáil don phobal agus do chuairteoirí chun na Páirce Náisiúnta leis an fheithicil tarrthála 4x4 úrscothach seo, arna maoiniú ag an Roinn tríd an Chiste Aitheantais Pobail.

Ar Dé hAoine chomh maith, osclóidh an tAire Siúlóid na hAbhna go hoifigiúil ar Oileán Chiarraí, tabharfaidh sé cuairt ar an Ionad Acmhainní Idirnáisiúnta agus ar Chlub Dornálaíochta Thrá Lí, agus osclóidh sé Glasbhealaí Chiarraí Thuaidh i Lios Tuathail.

Tiocfaidh deireadh lena chuairt ar Chiarraí le hoscailt oifigiúil Fáilte Isteach Gach Duine, Mol Shráidbhaile Mhaigh Mheáin, a fuair maoiniú €250,000 faoin Scéim um Athnuachan Bailte agus Sráidbhailte.

Nótaí don Eagarthóir

Miondealú ar mhaoiniú ceadaithe do thionscadail a osclaíodh / ar tugadh cuairt orthu i gCiarraí

Ainm an tionscadail

Scéim

Maoiniú

Net Feasa Ltd

Údarás na Gaeltachta - Deontas fostaíochta

€345,000

St. Mary's Temperance Hall

Ciste Aitheantais Pobail

€171,009

CLG Daingean Uí Chúis

LEADER

€139,875

Casadh Fóid i nDún Chaoin

LEADER - Láthair Seoigh Dhún Chaoin

€149,224

Lóistín i gcoláiste samhradh Gaeilge, Baile an Fheirtéaraigh

Údarás na Gaeltachta - Deontas Caipitil Títhíochta

€274,500

Teach Siamsa

Scéim Athnuachana Baile agus Sráidbhaile

€250,000

gteic @Uíbh Rathach

Údarás na Gaeltachta - Deontas fostaíochta

€345,000

Leabharlann Carnegie, Cathair Saidhbhín

Ciste Forbartha Athnuachana Tuaithe

€8,510,000

Tarrtháil Sléibhe Chiarraí

Ciste Aitheantais Pobail

€150,000

Siúlóid Abhann Oileán an Chaisleáin

Scéim Athnuachana Baile agus Sráidbhaile

€243,631

Ionad Acmhainne Idirnáisiúnta Thrá Lí

Ciste Aitheantais Pobail

€151,000

Club Dornálaíochta Thrá Lí agus URDF Thrá Lí

Ciste Aitheantais Pobail

€1,003,653

Bealaí Glasa Thuaisceart Chiarraí

Scéim Bonneagair Áineasa faoin Aer

€199,807.20

Stásiún Gardaí na Maí Báine

Scéim Athnuachana Baile agus Sráidbhaile

€250,000

 

Iomlán

€12,182,699

Ciste Athnuachana agus Forbartha Tuaithe

Ó 2018 i leith, ceadaíodh breis is €614 milliún faoin gCiste do 273 thionscadal ar fud na hÉireann. Go dtí seo, leithdháileadh maoiniú de bhreis is €19 milliún ar 15 thionscadal atá lonnaithe ar fud chontae Chiarraí.

Is ann don fhoirm seo d’aiseolas, agus sin amháin, a bhaineann leis an leathanach reatha.

Ná cuir faisnéis phearsanta ná airgeadais san áireamh.

Chun gov.ie a fheabhsú, déanfar anailís ar an bhfaisnéis a chuireann tú isteach agus ní thabharfar freagra uirthi ar bhonn indibhidiúil.

Conas mar a bhí d’eispéireas ar an leathanach reatha? (ag teastáil)

Tá 400 carachtar fágtha agat