Cuardaigh ar fad gov.ie

Preasráitis

Fógraíonn an tAire Calleary €26 mhilliún do bhreis is 100 tionscadal ar fud na tíre faoin Scéim Athnuachana Bailte agus Sráidbhailte

  • Fógraíodh maoiniú do thionscadail chun athnuachan eacnamaíoch agus sóisialta agus acmhainneacht lár na mbailte a spreagadh
  • Díriú ar dhul i ngleic le foirgnimh thréigthe chun níos mó daoine a mhealladh chuig lár na mbailte
  • Maoiniú do na costais réamhfhorbartha a bhaineann le tionscadail chun cabhrú le pobail iarratais a fhorbairt do ghlaonna maoinithe amach anseo

Inniu (Dé Luain, 22 Nollaig 2025) d’fhógair an tAire Forbartha Tuaithe agus Pobail agus Gaeltachta, Dara Calleary TD, maoiniú níos mó ná €26 mhilliún do 116 thionscadal i bpobail thuaithe ar fud na tíre.

Déanfar an maoiniú, faoin Scéim Athnuachana Bailte agus Sráidbhailte, a infheistiú i dtionscadail a athnuachanóidh lár na mbailte, a thiomáinfidh fás eacnamaíoch agus líon na ndaoine i mbailte, a rachaidh i ngleic le foirgnimh thréighthe, a fhorbróidh criosanna coisithe agus spásanna lasmuigh agus a threiseoidh turasóireacht faoin tuath in Éirinn.

Tá an Scéim ar cheann de na córais mhaoinithe ríthábhachtacha do cheantar tuaithe na hÉireann agus bhí na buntáistí soiléir nuair a d’oscail an tAire Áis Óige Pobail Theach na Canála i mBéal an Mhuirthead, Contae Mhaigh Eo, go hoifigiúil Dé hAoine seo caite. Cuirfidh an tionscadal, a fuair maoiniú €500,000 faoin Scéim Athnuachana Baile agus Sráidbhaile 2022, ionad ar fáil do ghníomhaíochtaí óige atá de dhíth go géar i gceantar Iorrais.

I measc samplaí de thionscadail a fuair ceadú maoinithe inniu tá:

  • €500,000 le haghaidh athchóiriú agus síneadh halla pobail ó na 1940idí ina amharclann, ionad ealaíon agus spás margaidh i mBaile Uí Bheoláin, an Clár
  • €500,000 le haghaidh athchóiriú an Bhloc Príosúin folamh trí stór chun eispéireas cuairteoirí a sholáthar sa Cheathrú Stairiúil agus Cultúir san Aonach, Tiobraid Árann
  • €500,000 chun athchóiriú a dhéanamh ar dhá fhoirgneamh fholmha i gCafé agus Siopa Pobail sa Ghleann Mór, Cill Chainnigh.
  • €500,000 chun seanleabharlann Shuí an Róin in Uíbh Fhailí a athfhorbairt ina spás pobail ilfheidhmeach nua-aimseartha
  • €300,000 le hathchóiriú ar Mhúseum Chorca Dhuibhne agus ionad pobail i gceantar Gaeltachta Bhaile an Fheirtéaraigh
  • €300,000 le haghaidh athghiniúint Chearnóg an Mhargaidh i mBaile na Cille, Laois
  • €300,000 le haghaidh tógáil clós súgartha i gCollan, Lú

Tá liosta iomlán de na tionscadail ar éirigh leo ar fáil anseo

Agus é ag fógairt an mhaoinithe do na 116 thionscadal, dúirt an tAire Calleary:

“Tá áthas orm na tionscadail rathúla a roghnaíodh as iarratais chuig Scéim Athnuachana Bailte agus Sráidbhailte 2025 a fhógairt. Tá tionchar thar a bheith dearfach ag an Scéim i gcónaí ar bhailte agus sráidbhailte tuaithe na hÉireann agus neartóidh an infheistíocht seo an obair seo tuilleadh.

“In 2025, leanfaimid orainn ag cur leibhéil infheistíochta i dtuath na hÉireann i bhfeidhm nach bhfacthas riamh cheana – ag déanamh ár mbailte agus ár sráidbhailte níos fearr le maireachtáil iontu, le hoibriú iontu, le teaghlach a thógáil agus le gnó a reáchtáil iontu. Deimhnítear i bhfógra an lae inniu ár dtiomantas láidir chun tacú lenár bpobail thuaithe go heacnamaíoch agus go sóisialta araon.”

Ar an dara dul síos, dúirt an tAire:

"Tá ardleibhéal spéise sa scéim Athnuachana Bailte agus Sráidbhailte agus is ar ardchaighdeán i gcónaí a bhíonn na hiarratais a chuireann ár n-údaráis áitiúla chun cinn tar éis a rannpháirtíochta le pobail. Is rud dearfach é a thabhairt faoi deara go bhfuil líon na dtionscadal atá ag teacht chun cinn ag fás ó bhailte atá gníomhach i bpróiseas chun tosaíocht a thabhairt do lár an bhaile. Tá na bailte seo ag obair lena nOifigigh Athnuachana Baile chun a bpobail a fhorbairt agus a fheabhsú. Déanaim comhghairdeas le gach duine ar éirigh leo.”

Le fógra an lae inniu, meastar gur éirigh le 77 thionscadal maoiniú €24.4 mhilliún a fháil faoin bpríomhscéim. Ina theannta sin, tá €1.85 mhilliún á sholáthar do 39 dtionscadal faoin mBeart Forbartha Tionscadal. Tacaíonn an beart seo le húdaráis áitiúla sraith tionscadal a fhorbairt agus soláthraítear maoiniú ann i dtreo na gcostas chun tionscadail a thabhairt go dtí an pointe ina bhfuil siad réidh le húsáid.

Is ann don fhoirm seo d’aiseolas, agus sin amháin, a bhaineann leis an leathanach reatha.

Ná cuir faisnéis phearsanta ná airgeadais san áireamh.

Chun gov.ie a fheabhsú, déanfar anailís ar an bhfaisnéis a chuireann tú isteach agus ní thabharfar freagra uirthi ar bhonn indibhidiúil.

Conas mar a bhí d’eispéireas ar an leathanach reatha? (ag teastáil)

Tá 400 carachtar fágtha agat