Maoiniú €4.9m fógartha ag an Aire Calleary do thionscadail dhigiteacha Ghaeilge in Ollscoil Chathair BÁC

Cuardaigh ar fad gov.ie

Preasráitis

Maoiniú €4.9m fógartha ag an Aire Calleary do thionscadail dhigiteacha Ghaeilge in Ollscoil Chathair BÁC

Maoiniú go ceann ceithre bliana cinntithe le haghaidh Dúchas, Logainm, Corpas, Canúint agus Ainm

Maoiniú go ceann trí bliana cinntithe do thionscadal eSTÓR in Ionad Taighde ADAPT

Nascfar an nuálaíocht dhigiteach, an Ghaeilge agus cúrsaí oidhreachta sna hacmhainní digiteacha seo

An leagan Gaeilge de AI Literacy in the Classroom ­­– cúrsa ar líne saor in aisce do mhúinteoirí iar-bhunscoile – seolta ag an Aire freisin

Inniu, d’fhógair an tAire Forbartha Tuaithe agus Pobail agus Gaeltachta, Dara Calleary TD, go bhfuil deontas suas le €4,013,886 thar thréimhse ceithre bliana (2026-2029) ceadaithe aige do Gaois – an grúpa taighde de chuid Fiontar & Scoil na Gaeilge in Ollscoil Chathair Bhaile Átha Cliath (DCU) – chun forbairt shuntasach a dhéanamh ar a gcúig mhórthionscadal Dúchas, Logainm, Corpas, Canúint, agus Ainm. Chomh maith leis an infheistíocht seo, d’fhógair an tAire deontas €900,000 thar thréimhse trí bliana don tionscadal eSTÓR de chuid Ionad Taighde ADAPT san Ollscoil.

Is acmhainní taighde agus tagartha den scoth iad na tionscadail atá forbartha ag Gaois, ina dtugtar áis chuimsitheach do phobal na Gaeilge atá dírithe ar acmhainní nuálaíocha a fhorbairt chun teanga agus saíocht na Gaeilge a chothú. Is féidir le mic léinn, múinteoirí, iriseoirí, aistritheoirí agus leis an bpobal trí chéile teacht ar an ábhar go héasca trí chuardach a dhéanamh ar aon cheann de na suíomhanna seo:

  • Dúchas.ie: Digitiú Chnuasach Bhéaloideas Éireann
  • Logainm.ie: Bunachar Logainmneacha na hÉireann
  • Corpas.ie: Corpas Náisiúnta na Gaeilge ina bhfuil meascán d’ábhar scríofa agus ábhar labhartha
  • Canúint.ie: Taisce Chanúintí na Gaeilge
  • Ainm.ie: An Bunachar Náisiúnta Beathaisnéisí Gaeilge

Tá na suíomhanna ina n-ábhair spéise, chomh maith, do dhaoine ar fud an domhain a chuireann suim i dteanga na Gaeilge, agus in oidhreacht nó i gcultúr na hÉireann.

Leis an maoiniú seo beidh ar chumas Gaois comhtháthú níos doimhne a fhorbairt idir na suíomhanna, áiseanna cuardaigh níos cumhachtaí a chur ar fáil, agus soláthar eolais struchtúrtha ar bhealach tomhaiste a chinntiú do na samhlacha intleachta saorga. Chomh maith leis sin, déanfar meithleacha Gaois a fhorbairt; an chéad ghlúin eile de theicneoirí agus de thaighdeoirí a fhás; agus pobal úsáide na n-acmhainní a chothú.

Anuas ar an maoiniú atá fógartha do thionscadail Gaois, d’fhógair an tAire deontas €900,000 thar thréimhse trí bliana do thionscadal eSTÓR de chuid Ionad Taighde ADAPT in Ollscoil Chathair Bhaile Átha Cliath.

Bunaíodh eSTÓR chun áis lárnach náisiúnta a chur ar fáil inar féidir sonraí dátheangacha teanga ó chomhlachtaí poiblí – cosúil le cáipéisí dátheangacha Gaeilge/Béarla –­ a thiomsú agus a chomhroinnt.

Leis an tacaíocht airgeadais seo, beidh úsáideoirí an ardáin in ann leanúint ar aghaidh ag cur a n-acmhainní teanga ar fáil agus a chomhroinnt ar an tairseach náisiúnta, eStór. Rachaidh na hacmhainní sin chun tairbhe do Rialtas na hÉireann agus d’iarrachtaí forbartha meaisínaistriúcháin an Choimisiúin Eorpaigh, eTranslation.

Agus an maoiniú á fhógairt aige inniu, dúirt an tAire Calleary:

“Tá an-áthas orm go bhfuil ar chumas mo Roinne tacaíocht a chur ar fáil do na tionscnaimh nuálacha seo. Is acmhainní an-tábhachtach iad na suíomhanna atá forbartha ag Gaois, a mbaineann scoláirí, taighdeoirí, múinteoirí agus pobal na Gaeilge trí chéile leas astu. Tá stair faoi leith ag baint leis an nGaeilge agus pobal na teanga, agus tá sé tábhachtach go mbeadh taifeadadh agus cartlannú déanta ar an oiread agus is féidir de sin agus é curtha ar fáil don phobal ar bhealach tarraingteach, nua-aoiseach. Tá acmhainní Gaeilge ar líne ríthábhachtach lena chinntiú go mbainfidh an teanga tairbhe as an bhféidearthacht a chruthaíonn teicneolaíocht dhigiteach ár linne.

“Tá an-áthas orm freisin go bhfuil ar chumas mo Roinne deontas a cheadú do thionscadal eSTÓR de chuid Ionad Taighde ADAPT ar feadh tréimhse 3 bliana eile. Tá tábhacht nach beag ag baint leis an obair seo, a chinnteoidh áis mheaisínaistriúcháin ar ardchaighdeán don Ghaeilge trí sheirbhís eTranslation an Choimisiún Eorpaigh.

“Tréaslaím a gcuid oibre le foirne Gaois agus Ionad Taighde ADAPT anseo in Ollscoil Chathair Bhaile Átha Cliath agus an guím gach rath ar na taighdeoirí go léir atá i mbun oibre ar na tionscadail.”

Léirigh Uachtarán Ollscoil Chathair Bhaile Átha Cliath, an tOllamh Dáire Keogh, a bhuíochas as an tacaíocht leanúnach atá faighte ag tionscadail na hOllscoile ón Roinn, ag rá:

“Cuirim fáilte mhór roimh fhógra an mhaoinithe seo, a thacóidh le sraith tograí nua spreagúla ó DCU ina nascfar an nuálaíocht dhigiteach, an Ghaeilge agus cúrsaí oidhreachta. Léiríonn an deontas seo feabhas taighde na hOllscoile sa réimse seo agus tugann sé aitheantas dá bhfuil bainte amach ag grúpa taighde Gaois maidir le hacmhainní nuálacha agus iontaofa a chur ar fáil do na milliúin úsáideoirí ar fud an domhain, mar aon leis an obair ríthábhachtach atá ar bun ag foireann Ionad Taighde ADAPT agus iad ag forbairt na seirbhíse a sholáthraíonn eStór."

Anuas ar an dá fhógra maoinithe, sheol an tAire Calleary an leagan Gaeilge de AI Literacy in the Classroom ­­– cúrsa ar líne saor in aisce atá forbartha ag Ionad Taighde ADAPT do mhúinteoirí iar-bhunscoile.

Cuireadh tús leis an leagan Béarla den tionscadal seo i mí Dheireadh Fómhair 2024 agus áirítear leis ceardlanna réigiúnacha, oiliúint inscoile i scoileanna DEIS, agus traenáil do mhúinteoirí faoi oiliúint. Deis faoi leith atá sa chúrsa seo ­– atá ar fáil as Gaeilge anois – dul i ngleic leis an intleacht shaorga i gcomhthéacs an tseomra ranga.

Is ann don fhoirm seo d’aiseolas, agus sin amháin, a bhaineann leis an leathanach reatha.

Ná cuir faisnéis phearsanta ná airgeadais san áireamh.

Chun gov.ie a fheabhsú, déanfar anailís ar an bhfaisnéis a chuireann tú isteach agus ní thabharfar freagra uirthi ar bhonn indibhidiúil.

Conas mar a bhí d’eispéireas ar an leathanach reatha? (ag teastáil)

Tá 400 carachtar fágtha agat