Fógraíonn an tAire Calleary tús na chéad chéime eile de mhórfhorbairt i nGaeltacht na Gaillimhe
- Foilsithe: 6 Feabhra 2026
- An t-eolas is déanaí: 6 Feabhra 2026
- Deimhníonn an tAire gur cuireadh tús leis an bpróiseas tairisceana chun Ionad Oideachais agus Óige a fhorbairt in Indreabhán, Co. na Gaillimhe
Inniu, d’fhógair an tAire Forbartha Tuaithe, Pobail agus Gaeltachta, Dara Calleary TD, gur cuireadh tús leis an bpróiseas tairisceana don chéad chéim eile den fhorbairt ar fiú na milliún euro é ar Ionad Oideachais agus Óige in Indreabhán, Co. na Gaillimhe.
Tá an tionscadal ar cheann de thrí thionscadal caipitil mhóra atá á seachadadh ag an Roinn Forbartha Tuaithe agus Pobail agus Gaeltachta le maoiniú a fuair an tAire Calleary faoin bPlean Forbartha Náisiúnta athbhreithnithe i mí Iúil 2025.
Is éard atá sa tionscadal ná ionad nua-aimseartha, ardchaighdeáin a thógáil ina mbeidh halla ilchuspóireach is féidir a úsáid le haghaidh imeachtaí spóirt agus siamsaíochta araon, seomraí ranga, cistin, oifigí agus páirceáil ar shuíomh de chuid Údarás na Gaeltachta ina bhfuil Coláiste Lurgan suite faoi láthair.
Sa bhliain 2023, cheadaigh Roinn na Gaeltachta maoiniú d’Údarás na Gaeltachta chun an próiseas deartha a dhéanamh agus cead pleanála a fháil don Ionad seo agus tá sé réidh anois le bogadh go dtí an chéad chéim eile.
Beidh an t-ionad faoi úinéireacht agus faoi bhainistíocht Údarás na Gaeltachta, agus beidh sé ina áis oideachais, óige, spóirt agus pobail lasmuigh de thréimshe an tsamhraidh – nuair a úsáidfidh Coláiste Lurgan é chun coláiste samhraidh a reáchtáil.
Ag labhairt inniu in Indreabhán, dúirt an tAire Calleary:
“Tá áthas orm a bheith anseo in Indreabhán agus muid ag fógairt an chéad chéim eile sa tionscadal mór bonneagair seo ina mbeidh tairiscintí á lorg chun an obair mhór seo a dhéanamh. Is céim mhór chun tosaigh í seo a rachaidh go mór chun tairbhe don cheantar agus don phobal máguaird. Cuirfidh sé spás atá de dhíth go géar ar fáil do raon grúpaí pobail agus gníomhaíochtaí sa cheantar Gaeltachta seo, agus neartóidh sé an próiseas pleanála teanga tuilleadh trí spásanna a sholáthar ina gcuirtear imeachtaí agus gníomhaíochtaí chun cinn do dhaoine óga na Gaeltachta agus d’fhoghlaimeoirí Gaeilge ó gach cearn den tír.”
“Tá an tionscadal seo ar cheann de phríomhthionscadail chaipitil na Roinne, mar aon leis an gcé nua in Inis Oírr agus Ionad na Gaeilge agus an Chultúir ar Shráid Fhearchair i mBaile Átha Cliath, agus is tosaíocht domsa go ndéanfaí dul chun cinn orthu gan mhoill.”
Dúirt Tomás Ó Síocháin, Príomhfheidhmeannach Údarás na Gaeltachta:
“Cuirfear áiseanna den scoth ar fáil san ionad seo do dhaoine óga na Gaeltachta. Tá ról lárnach ag daoine óga i dtodhchaí na Gaeilge agus léirítear san infheistíocht seo ár dtiomantas dá riachtanais foghlama, forbartha agus shóisialta. Beidh an áis ina hionad foghlama agus forbartha ar leibhéal réigiúnach agus náisiúnta freisin agus cuirfidh sé go mór le cumas Údarás na Gaeltachta freastal ar na héilimh a thiocfaidh chun cinn i ndiaidh Phlean Gníomhaíochta na Seirbhísí Poiblí don Ghaeilge a d'fhoilsigh Roinn an Aire Calleary.”