Éamon Ó Cuív fógartha ag an Aire Calleary mar Chathaoirleach nua Chomhairle na Tuaithe
- Foilsithe: 20 Samhain 2025
- An t-eolas is déanaí: 20 Samhain 2025
- Tá ról lárnach ag an Chomhairle i maoirseacht agus cur i bhfeidhm ‘Téigh Amach Faoin Aer’, straitéis náisiúnta na hÉireann um áineas faoin aer
Inniu (Déardaoin, 20 Samhain 2025) d’fhógair an tAire Forbartha Tuaithe agus Pobail agus Gaeltachta, Dara Calleary TD, go bhfuil Éamon Ó Cuív á cheapadh mar Chathaoirleach Chomhairle na Tuaithe.
Cuireann Comhairle na Tuaithe eolas ar an Aire Forbartha Tuaithe agus Pobail agus Gaeltachta maidir le forbairt inbhuanaithe na hearnála áineasa faoin aer in Éirinn.
Agus an ceapachán á fhógairt aige inniu, dúirt an tAire Calleary:
“Tá áthas orm go bhfuil Éamon ag glacadh leis an ról nua seo. Is mór an taithí atá aige ar Chomhairle na Tuaithe agus bhí páirt lárnach aige i mbunú an chomhlachta chomhairligh in 2004 nuair a bhí sé ina Aire Gnóthaí Tuaithe, Pobail agus Gaeltachta.
“Tá a’ fhios agam go bhfuil spéis faoi leith aige in gach gné den áineas faoin aer agus go dtacaíonn sé go láidir le pobail tuaithe agus le húsáid inbhuanaithe na tuaithe go fóill. Cuirfidh sé go mór le Comhairle na Tuaithe lena thaithí agus a shaineolas.
“Beidh Éamon ag teacht in ionad an Dr. Liam Twomey, a bhí an-chumasach ina cheannasaíocht ar an gComhairle le seacht mbliana anuas. Agus é ina Chathaoirleach, ghlac Liam ról suntasach i bhforbairt ‘Téigh Amach Faoin Aer’, an straitéis náisiúnta áineasa faoin aer, agus ina chur i bhfeidhm go dtí seo.”
Agus é ag glacadh leis an ról, dúirt Éamon Ó Cuív:
“Is cúis áthais dom go bhfuil deis á tabhairt dom chun a bheith i mo Chathaoirleach ar Chomhairle na Tuaithe. Tá ionadaíocht ar an gComhairle ag na príomh-gheallsealbhóirí go léir i réimse an áineasa faoin aer, agus táim ag tnúth go mór le leanúint le dea-obair an chathaoirligh dheireanaigh, Liam Twomey, trína bheith ag obair leo uile chun tacú le cur i bhfeidhm ‘Téigh Amach Faoin Aer’, an Straitéis Náisiúnta Áineasa Faoin Aer 2023 go 2027.”
Nótaí don Eagarthóir
Éamon Ó Cuív
Bhí Éamon Ó Cuív ina Theachta Dála do thoghcheantar na Gaillimhe Thiar ón 27ú Dáil i 1992 go dtí an 33ú Dáil i 2024, tar éis dó a bheith ina Sheanadóir ó 1989 go 1992. Bhí sé ina Leas-cheannaire ar Fhianna Fáil ó 2011 go 2012.
Bhí roinnt post aire aige, ina measc:
- Aire Stáit sa Roinn Ealaíon, Oidhreachta, Gaeltachta agus Oileán 1997-2001
- Aire Stáit sa Roinn Talmhaíochta, Bia agus Forbartha Tuaithe le freagracht as forbairt tuaithe agus Coimisiún Forbartha an Iarthair 2001-2002
- Aire Gnóthaí Pobail, Tuaithe agus Gaeltachta 2002-2010
- Aire Coimirce Sóisialaí 2010-2011
Comhairle na Tuaithe
Is Comhairle Chomhairleach í Comhairle na Tuaithe a bhunaigh an tAire Gnóthaí Pobail, Tuaithe agus Gaeltachta i mí Feabhra 2004 mar chomhlacht neamhreachtúil. Cruinníonn an Chomhairle ceithre huaire sa bhliain agus tá ionadaithe geallsealbhóra uirthi ó eagraíochtaí feirmeoireachta, úsáideoirí áineasa na tuaithe, agus comhlachtaí stáit a bhfuil freagracht acu as an tuath nó a bhfuil leas acu inti.
In 2019, ceapadh cathaoirleach neamhspleách ar an Chomhairle den chéad uair, agus tugadh údarás nua don Chomhairle chun a ról comhairleach a athneartú i leith an earnáil áineasa faoin aer in Éirinn a fhorbairt go hinbhuanaithe.
Ó cuireadh tús leis an Chomhairle tá fás suntasach i ndiaidh teacht ar an líon daoine a mbíonn i mbun áineasa faoin aer. Le roinnt blianta anuas, tá ról lárnach ag an Chomhairle i bhforbairt agus i gcur i bhfeidhm Téigh Amach Faoin Aer, an Straitéis Náisiúnta Áineasa Faoin Aer 2023-2027, a foilsíodh i mí na Samhna 2022. Tá ról lárnach fós ag an Chomhairle i maoirseacht agus cur i bhfeidhm na straitéise le linn a saolré.
Is tréimhse trí bliana, ar dtús, atá i gceist leis an cheapachán mar Chathaoirleach.
Is féidir teacht ar thuilleadh sonraí faoi bhallraíocht agus obair Chomhairle na Tuaithe ar www.gov.ie ag an nasc seo a leanas: Comhairle na Tuaithe.