Méadú ar na ceantair atá incháilithe do Mhaoiniú CLÁR fógartha agus CLÁR 2026 seolta ag an Aire Calleary

Cuardaigh ar fad gov.ie

Preasráitis

Méadú ar na ceantair atá incháilithe do Mhaoiniú CLÁR fógartha agus CLÁR 2026 seolta ag an Aire Calleary

  • Cuireadh 110 ceantar eile leis an chlár ar fud 20 contae
  • Den chéad uair, tá breis is milliún duine incháilithe anois i gcomhair tacaíochta i gceantair CLÁR
  • €12 milliún ar fáil do thionscadail faoi CLÁR 2026

D’fhógair an tAire Forbartha Tuaithe agus Pobail agus Gaeltachta, Dara Calleary TD, inniu (Dé Máirt, 10ú Márta) go bhfuil clár CLÁR á leathnú. Tá sé seo mar thoradh ar ghealltanas a tugadh sa Chlár Rialtais chun athbhreithniú cuimsitheach a dhéanamh ar chritéir incháilitheachta CLÁR ar mhaithe leis an chlár a leathnú go ceantair thuaithe nach raibh incháilithe roimhe seo.

Tugadh an t-athbhreithniú sin i gcrích san Ionad Breathnaithe um Thaighde Uile-Éireann in Ollscoil Mhá Nuad. Baineadh úsáid as Innéacs Díothachta Pobal HP agus aicmiú Saol Uirbeach agus Saol Tuaithe in Éirinn de chuid na Príomh-Oifige Staidrimh (POS), chun ceantair a aithint atá go mór faoin tuath agus iargúlta, agus a bhfuil an aicme sin acu, agus atá faoi mhíbhuntáiste socheacnamaíoch.

Mar thoradh ar an athbhreithniú sin, tá Toghranna (TRanna) nua in 20 contae curtha san áireamh, ar a n-áirítear níos mó ná 10 gcinn nua i nDún na nGall, Luimneach, Tiobraid Árann agus, den chéad uair, Loch Garman. Cuireadh Toghroinn amháin i gCill Dara san áireamh den chéad uair freisin.

Agus sonraí faoin mhéadú á bhfógairt aige inniu, dúirt an tAire Calleary:

Táim an-sásta na 110 dToghroinn nua a fhógairt, ina bhfuil daonra de bheagnach 150,000 duine, atá rangaithe anois mar cheantair CLÁR. Den chéad uair riamh i stair an chláir, beidh breis is milliún duine ina gcónaí in áiteanna in Éirinn atá incháilithe chun cur isteach ar an maoiniú tábhachtach seo.”

Tá cóip den tuarascáil a rinneadh ar shíneadh cheantair CLÁR, in éineacht le léarscáileanna nua de na contaetha, ar fáil anseo.

D’fhógair an tAire freisin go bhfuil clár CLÁR 2026, le buiséad leathnaithe de €12 milliún, ar oscailt anois i gcomhair iarratas.

Dúirt an tAire Stáit Buttimer:

“Tá luach CLÁR cruthaithe do phobail thuaithe ar fud na tíre le blianta anuas, agus tá a fhios agam go leanfaidh grúpaí pobail ag baint úsáid iontach as an maoiniú seo arís i mbliana. Tá an raon tionscadal is féidir a mhaoiniú faoi CLÁR fós ar cheann dá láidreachtaí, agus cuirfear fáilte roimh fhógra an lae inniu i go leor pobal tuaithe.”

Faoin tionscnamh, beidh maoiniú á thabhairt thar thrí bheart:

Beart 1

Forbairt áiseanna agus saoráidí pobail, lena n-áirítear áiseanna spóirt, clubanna óige, spásanna do dhéagóirí, clóis súgartha, gairdíní céadfaí, conairí siúil agus go leor eile nach iad. Tá nithe nua ann i mbliana atá incháilithe i gcomhair tacaíochta faoi Bheart 1, lena n-áirítear tacaíocht do bhearta sábháilteachta tráchta ag a bhfuil nasc ar leith le háiseanna nó imeachtaí pobail, agus tacaíocht do thionscnaimh a bhfuil mar aidhm leo truailliú solais a laghdú i bpobail tuaithe.

Beart 2

Tacaíocht d’fheithiclí iompair pobail atá á n-úsáid chun othair a bhfuil ailse orthu nó daoine beagluaineachta a iompar, feithiclí d’fhreagróirí garchabhrach pobail agus feithiclí d’eagraíochtaí béilí ar rothaí.

Beart 3

Maoiniú saincheaptha dár bpobail ar oileáin amach ón chósta, faoi bheart sonrach ‘Ár nOileáin Bheo’.

Ag labhairt faoin oscailt, dúirt an tAire Calleary:

“Ba chúis áthais dom méadú maoinithe a fháil i mBuiséad na bliana seo caite, a fhágann gurb ionann an leithdháileadh do 2026 agus €12 milliún. Leanann clár CLÁR de bheith ag tacú le pobail athléimneacha bhríomhara a chothú. Chun tuilleadh tacaíochta a thabhairt do cheantair Ghaeltachta, beidh cead ag údaráis áitiúla dhá iarratas bhreise a chur isteach i mbliana maidir le háis phobail i gceantar Gaeltachta faoi Bheart 1.

“Táim ag súil go mór le fógairt a dhéanamh níos déanaí i mbliana faoi na tionscadail a éireoidh leo faoi na bearta ar fad, leis na ceantair nua a cuireadh leis an scéim i mbliana san áireamh.”

Ar deireadh, dúirt an tAire Calleary:

“Ba cheart do ghrúpaí pobail teagmháil a dhéanamh lena n-údarás áitiúil maidir le hiarratais d’áiseanna pobail faoi Bheart 1.

“Is féidir le heagraíochtaí iarratas a dhéanamh le mo Roinn go díreach i gcomhair tionscadail faoi Bhearta 2 & 3. Beidh m’oifigigh ag reáchtáil seimineáir um chothú inniúlachta d’eagraíochtaí pobail ar spéis leo cur isteach ar Bheart 2, agus ceann eile do Bheart 3 ar Dé Céadaoin, Márta 25ú. Is féidir le heagraíochtaí a spéis a chur in iúl ag CLAR@drcdg.gov.ie.”

Tá na sonraí ar fad faoin scéim agus faoi na bearta atá le maoiniú ar fáil ar shuíomh gréasáin na Roinne.

Nótaí d’Eagarthóirí

Athbhreithniú CLÁR

Tugadh an t-athbhreithniú ar CLÁR i gcrích san Ionad Breathnaithe um Thaighde Uile-Éireann in Ollscoil Mhá Nuad. Faoin mhodheolaíocht a úsáideadh, aithníodh Toghranna neamh-CLÁR mar cheantair a d’fhéadfaí tabhairt isteach sa chlár má bhí “Ceantair Bheaga” laistigh iontu lenar bhain rangú ‘faoi mhíbhuntáiste’, ‘faoi an-mhíbhuntáiste’ nó ‘faoi géar-mhíbhuntáiste’ ar Innéacs Díothachta Pobal HP agus má bhí “Ceantair Bheaga” sna TRanna céanna a bhí rangú ‘go mór faoin tuath/iargúlta’ acu, faoi shainmhíniú Saol Uirbeach agus Saol Tuaithe in Éirinn de chuid an POS.

Ina theannta sin, i ndiaidh an ghnímh tosaigh, cuireadh TRanna san áireamh nach raibh ceangailte le ceantair uirbeacha agus a bhí timpeallaithe go hiomlán le ceantair CLÁR reatha agus/nó TRanna CLÁR nua-aitheanta. Rinneadh é seo chun nach mbeadh TR tuaithe iargúlta ar bith ina “hoileán” timpeallaithe le ceantair CLÁR. Tá na sonraí ar fad, le liosta na TRanna nua san áireamh, sa tuarascáil a foilsíodh anseo.

CLÁR 2026

Cuirtear maoiniú ar fáil faoi chlár CLÁR (Ceantair Laga Árd-Riachtanais) do mhiontionscadail i gceantair thuaithe aitheanta inar tharla leibhéal ard dídhaonraithe. Tá ceantair aitheanta anois in gach contae seachas Baile Átha Cliath.

Tá léarscáil náisiúnta nua de cheantair CLÁR, in éineacht le léarscáileanna de chontaetha aonair, ar fáil anseo.

Is iad seo a leanas na bearta atá á maoiniú faoi CLÁR 2026:

Beart 1: Áiseanna agus Saoráidí Pobail a Fhorbairt (iarratais trí údaráis áitiúla). Is ionann an leibhéal maoinithe d’áiseanna agus saoráidí pobail agus €65,000, agus tá de rogha ag údaráis áitiúla iarratas a dhéanamh ar mhaoiniú de suas le €100,000 i gcomhair 2 mhórthionscadal.

Beart 2: Iompar i gcomhair Soghluaisteachta, Cúram Ailse, Freagróirí Garchabhrach agus Béilí ar Rothaí (iarratais le RFTPG go díreach). Uasleibhéal maoinithe de €50,000 nó €100,000 de réir chineál na feithicle, le soláthar maoinithe bhreise i gcomhair painéil ghréine nó pointí luchtaithe d’fheithiclí leictreacha i gcás ina gceannaítear iad.

Beart 3: ‘Ár nOileáin Bheo’ (iarratais le RFTPG go díreach). Uasleibhéal maoinithe de €65,000 i gcomhair áiseanna pobail agus €100,000 i gcomhair feithiclí, le soláthar maoinithe bhreise i gcomhair painéil ghréine nó pointí luchtaithe d’fheithiclí leictreacha i gcás ina gceannaítear iad.

Is ann don fhoirm seo d’aiseolas, agus sin amháin, a bhaineann leis an leathanach reatha.

Ná cuir faisnéis phearsanta ná airgeadais san áireamh.

Chun gov.ie a fheabhsú, déanfar anailís ar an bhfaisnéis a chuireann tú isteach agus ní thabharfar freagra uirthi ar bhonn indibhidiúil.

Conas mar a bhí d’eispéireas ar an leathanach reatha? (ag teastáil)

Tá 400 carachtar fágtha agat