Comhpháirtíocht chúig bhliana le Bord na Móna fógartha ag an Aire Calleary chun tacú le conairí áineasa i gcúig chontae
- Foilsithe: 11 Lúnasa 2025
- An t-eolas is déanaí: 11 Lúnasa 2025
- €350,000 ar feadh cúig bliana chun líonra na gconairí Lár Tíre agus conairí Loch na Buaraí a chothabháil
- Comhpháirtíocht straitéiseach ceaptha chun borradh a chur faoin turasóireacht agus áiseanna a fheabhsú do phobail tuaithe
Inniu (Dé Luain, 11 Lúnasa 2025) d’fhógair an tAire Forbartha Tuaithe agus Pobail agus Gaeltachta, Dara Calleary TD, na mionsonraí faoi mhaoiniú de €350,000 a bheidh á chur ar fáil ag a Roinn mar pháirt de chomhpháirtíocht straitéiseach chúig bliana le BnM (ar a dtugtaí Bord na Móna roimhe seo) atá ceaptha chun tacaíocht a thabhairt agus cothabháil a dhéanamh i gcomhair conairí atá á bhforbairt ar thailte i gcúig chontae: An Longfort, Uíbh Fhailí, Ros Comáin, Tiobraid Árann agus an Iarmhí
Agus an maoiniú á fhógairt aige, dúirt an tAire Calleary:
“Mar aitheantas ar an infheistíocht shuntasach atá ag tarlú cheana féin tríd an gCiste um Aistriú Cóir de chuid an AE chun líonra conairí Lár Tíre a chruthú ar fud bhunachar talún BnM, tá mo roinn ag tabhairt faoi chomhpháirtíocht straitéiseach chúig bhliana le BnM chun tacú le cothabháil leanúnach na gconairí nua seo. Tacóidh an maoiniú seo le roinnt conairí laistigh de Pháirc Thaiscéalaíochta Loch na Buaraí.
“Leis an líonra conairí nua arna fhorbairt faoin gCiste um Aistriú Cóir, tá an-deiseanna áineasa faoin aer á n-oscailt. Tá deis uathúil ag teacht ar an bhfód ar líonra iarnród, droichead, bóithre portaigh, conairí easbhóthair agus uiscebhealaí de chuid BnM.
“Beidh timpeallachtaí agus gnáthóga nua, nach raibh rochtain ag cuairteoirí fóillíochta orthu roimhe, ar oscailt do rothaithe agus siúlóirí araon.
“Tá maoiniú suntasach ón AE agus ón Státchiste curtha isteach sa líonra conairí seo agus is tábhachtach go gcoinnítear na conairí ar ardchaighdeán sna blianta amach romhainn.
“Chun gur féidir an infheistíocht seo a chosaint, tá mo roinn sásta dul i gcomhpháirt le BnM chun na tacú leis na háiseanna seo agus iad a chaomhnú do na glúine amach romhainn.”
Dúirt POF BnM, Tom Donnellan:
“Tá BnM ag obair lenár mbunachar talún, lenár gcomhpháirtithe straitéiseacha agus le pobail áitiúla chun ár n-infreastruchtúr fuinnimh in-athnuaite a fhorbairt agus sprioc neodrachta carbóin na hÉireann a thabhairt i gcrích.
“Tá comhpháirtíocht BnM leis an Roinn Forbartha Tuaithe agus Pobail agus Gaeltachta mar chuid dár dtiomantas chun luach fadtéarmach sóisialta agus comhshaoil a chruthú do phobail sa cheantar Lár Tíre, chomh maith le soláthar fuinnimh in-athnuaite na hÉireann a chosaint.
“Leis na háiseanna nua seo cuirfear le hathbheochan leanúnach an Cheantair Lár Tíre, in éineacht le tionscadail Eco Energy Park agus Fuinnimh In-athnuaite de chuid BnM, agus ba mhaith liom mo bhuíochas a ghabháil leis an Aire Calleary agus leis an Roinn Forbartha Tuaithe agus Pobail agus Gaeltachta as a dtacaíocht”.
Nótaí don Eagarthóir
Téigh Amach Faoin Aer - Straitéis Náisiúnta Áineasa Faoin Aer 2023 - 2027
Cuirfidh fógra an Téigh Amach Faoin Aer, Straitéis Náisiúnta Áineasa Faoin Aer 2023 2027 lae inniu go mór le cur i bhfeidhm Téigh Amach Faoin Aer, Straitéis Náisiúnta Áineasa Faoin Aer 2023-2027 atá chun cabhrú agus neartú le forbairt inbhuanaithe an áineasa faoin aer sna blianta amach romhainn.
An Ciste um Aistriú Cóir de chuid an AE
Mar chuid den Chiste um Aistriú Cóir de chuid an AE, arna chomhchistiú ag Rialtas na hÉireann agus an tAontas Eorpach, déanfaidh Fáilte Ireland an Scéim um Thurasóireacht Athghiniúnach agus Comhfhorbairt Áite do Cheantar Lár Tíre na hÉireann 2023-2026 a thabhairt chun críche. Faoin scéim seo, déanfar infheistíocht i bhforbairt inbhuanaithe na turasóireachta sa Cheantar Lár Tíre, chun go ndéanfar geilleagar an réigiúin a éagsúlú trí phoist a chruthú, tacú le gnáthóga agus bithéagsúlacht, agus pobail a chothabháil, agus tabharfar chun críche í trí shraith clár maoinithe.
I measc na gclár, tá an Scéim um Fhorbairt Líonra Conairí, faoinar tugadh maoiniú €30m do BnM chun tacú le forbairt 51km de líonra conairí lár tíre idir chonairí siúil agus rothaíochta atá inrochtana do chách ar fud thailte BnM i gcúig chontae, eadhon an Longfort, Uíbh Fhailí, Ros Comáin, Tiobraid Árann agus an Iarmhí. Mar chuid den scéim, déanfar forbairt ar chonairí ar thailte oiriúnacha de chuid BnM. Beidh mórchuid na forbartha seo ar iar-fhoghráid iarnróid agus ar phortaigh ar baineadh úsáid astu roimhe seo do bhaint móna, agus beidh forbairtí nua in éineacht le huasghráduithe ar chonairí atá ann cheana, chun feabhas suntasach a chur ar eispéireas na n-úsáideoirí.
Faoi BnM
Tá BnM ag feidhmiú in Éirinn le breis agus 90 bliana, agus i ndiaidh athrú ó bhonn tá muid anois inár mórsholáthraí fuinnimh inathnuaite atá ag tacú le haistriú na hÉireann go neodracht carbóin trí fhuinneamh slán in-athnuaite a chur ar fáil d’Éirinn.
Tá muid ag obair lenár mbunachar talún, lenár gcomhpháirtithe straitéiseacha agus le pobail áitiúla chun ár n-infreastruchtúr fuinnimh in-athnuaite a leathnú le píblíne fuinnimh in-athnuaite de 5GW. Tá geallta ag Éirinn go nginfear 80% dá leictreachas le foinsí in-athnuaite faoi 2030 agus tá BnM ag obair le fuinneamh gaoithe, gréine, bithmhaise agus bithgháis chun cuidiú leis an sprioc seo a bhaint amach agus chun seasmhacht fuinnimh a chur ar fáil i gcomhair fás tionsclaíoch agus do na glúnta amach romhainn.
Ó bunaíodh BnM, tá muid dírithe ar thacaíocht a thabhairt do phobail ar fud na hÉireann, agus inniu tá muid fós ag tacú le gnólachtaí agus le pobail áitiúla, ní amháin trí sholáthar leictreachais in-athnuaite a chosaint ach trínár gclár tiomanta de thionscnaimh phobail, ar a n-áirítear cistí comhshochair pobail, áiseanna, cláir luathaithe do ghnólachtaí agus tacaíochtaí oideachais.
Tabhair cuairt ar bnm.ie i gcomhair tuilleadh eolais.