Maoiniú i gcomhair bhainistiú chonair Chruach Phádraig fógartha ag an Aire Calleary
- Foilsithe: 18 Bealtaine 2026
- An t-eolas is déanaí: 18 Bealtaine 2026
- Infheistíocht €90,000 i gcothabháil agus bainistiú conaire in 2026
- Infheistíocht €42,000 ó RFTPG le €35,000 ó Fhóram Geallsealbhóirí Chruach Phádraig agus €13,000 ó Chomhairle Contae Mhaigh Eo
Inniu (Dé Luain, 18 Bealtaine 2026) d’fhógair an tAire Forbartha Tuaithe agus Pobail agus Gaeltachta, Dara Calleary TD, go dtabharfaidh a Roinn maoiniú €42,000 chun tacú le cothabháil agus bainistiú chonair athchóirithe Chruach Phádraig do 2026.
Tá mar aidhm le ‘Téigh Amach Faoin Aer’, straitéis náisiúnta áineasa faoin aer de chuid na hÉireann, ár n-acmhainní lasmuigh a fhorbairt agus a bhainistiú ar bhealach inbhuanaithe. I ndiaidh comhiarracht den chineál chéanna in 2025, rachaidh an Roinn Forbartha Tuaithe agus Pobail agus Gaeltachta i gcomhar le Comhairle Contae Mhaigh Eo agus Fóram Geallsealbhóirí Chruach Phádraig chun an chothabháil bhunriachtanach agus na costais bhainistithe a mhaoiniú do 2026.
Agus an maoiniú á fhógairt aige inniu, dúirt an tAire Calleary:
“Mealltar na mílte oilithreach agus turasóir go Cruach Phádraig gach bliain. Leis an obair ar an gconair a críochnaíodh in 2024, tugadh aghaidh ar thionchar na húsáide áineasa ar ghnáthóg na sléibhe, agus chuaigh an obair chun tairbhe iad siúd a úsáideann an chonair freisin.
“Rinneadh dianobair ar feadh blianta chun an chonair athchóirithe ar Chruach Phádraig a thabhairt i gcrích, agus obair de láimh an chuid is mó de, ach ní raibh ann sin ach an chéad chéim. Anois ba mhaith linn cinnte a dhéanamh nach gcailltear tairbhe na hoibre sin. Cinnteofar leis an obair chothabhála seo go mbainistítear an chonair ar bhealach inbhuanaithe.
“Caithfear Fóram Geallsealbhóirí Chruach Phádraig a mholadh, in éineacht leis an iliomad oibrithe deonacha a chuidíonn leo, as an gcúram a dhéanann siad den sliabh agus díobh siúd a thugann cuairt uirthi. Is eiseamláir dúinn go léir an infheistíocht, ó thaobh ama agus airgid, atá déanta ag an ngrúpa geallsealbhóirí sa tsliabh, i gcomhar le húinéirí talún áitiúla, agus is cúis áthais dom gur féidir liom tacú lena n-iarrachtaí.”
Dúirt Cathaoirleach Fhóram Geallsealbhóirí Chruach Phádraig, Martin Keating:
“Is cúis áthais do Ghrúpa Geallsealbhóirí Chruach Phádraig gur aontaigh an Roinn Forbartha Tuaithe agus Pobail agus Gaeltachta, i gcomhar le Comhairle Contae Mhaigh Eo, tacú leis an obair chothabhála ar Chruach Phádraig do 2026.
“Cinnteofar leis an gcomhar seo, in éineacht leis na hacmhainní a deonaíodh go háitiúil trí Thionscnamh Chairde Chruach Phádraig, go mbeidh an chonair láidir agus oiriúnach dá cuspóir, go leanfaidh an tsliabh lena teacht aniar ón chreimeadh, agus go mbeidh eispéireas níos fearr agus níos sábháilte ann do chuairteoirí. Ba mhaith liom mo bhuíochas a ghabháil leis an Aire Calleary agus le hoifigigh na Roinne as a dtacaíocht leanúnach luachmhar do Chruach Phádraig.”
Agus é ag labhairt inniu freisin, dúirt Michael McDermott, Ceannasaí Turasóireachta le Comhairle Contae Mhaigh Eo:
“Is cúis áthais do Chomhairle Contae Mhaigh Eo gur féidir linn tacú le Grúpa Geallsealbhóirí Chruach Phádraig agus aithníonn muid an tábhacht chultúrtha, oidhreachta agus chomhshaoil ar leith atá ag an sliabh, in éineacht lena ról lárnach mar cheann de na príomhchinn scríbe turasóireachta i gContae Mhaigh Eo.”
Nótaí don Eagarthóir
Téigh Amach Faoin Aer – Straitéis Náisiúnta Áineasa Faoin Aer 2023 - 2027
Óna seoladh i mí na Samhna 2022 i leith, tá Straitéis Náisiúnta Áineasa Faoin Aer 2023-2027:
Téigh Amach Faoin Aer, arb í an chéad straitéis dá leithéid in Éirinn, mar chreat straitéiseach comhoibríoch chun daingniú agus fás inbhuanaithe na hearnála áineasa faoin aer a éascú.
Faoin Straitéis, forbrófar cur chuige níos comhordaithe i leith an áineasa faoin aer ar leibhéal náisiúnta agus áitiúil trí Phleananna Contae Áineasa Faoin Aer a fhorbairt agus Coistí Contae Áineasa Faoin Aer agus Fóraim Geallsealbhóirí Contae a bhunú.
Tionscadal um Rochtain Inbhuanaithe agus Athbhunú Gnáthóige Chruach Phádraig
Ceapadh an tionscadal seo chun rochtain inbhuanaithe ar Chruach Phádraig a chur ar fáil trí aghaidh a thabhairt ar an chreimeadh/éadan rite ar an tsliabh, agus an damáiste suntasach atá i ndiaidh tarlú ar an chonair de bharr na 50,000 cuairteoir a thagann gach bliain. Bhí múnla oiliúint-bhunaithe in úsáid don tionscadal, le ceithre oibrithe faoi oiliúint ag obair faoi mhaoirseacht saineolaí i réimse an athchóirithe conairí, ó Albain.
Chuir RFTPG maoiniú de €525,000 ar fáil, le €135,000 sa bhreis arna chur ar fáil ag Comhairle Contae Mhaigh Eo. Críochnaíodh oibreacha athchóirithe ar an chonair i mí Aibreáin 2024.