Cuardaigh ar fad gov.ie

Preasráitis

Maoiniú €217,500 fógartha ag an Aire Calleary do Ghnó Mhaigh Eo

  • Cuirfidh an deontas ar chumas na heagraíochta leanúint dá gcuid oibre go deireadh 2026
  • Tugann Gnó Mhaigh Eo tacaíocht don lucht gnó i Maigh Eo, agus spreagann siad iad chun an Ghaeilge a úsáid
  • Cuireann an eagraíocht seirbhís tacaíochta gnó ar fáil mar aon le seirbhís aistriúcháin agus sainchomhairleoireachta teanga

D’fhógair an tAire Forbartha Tuaithe, Pobail agus Gaeltachta, Dara Calleary TD, inniu (Dé Céadaoin, 30 Iúil) go bhfuil deontas €217,500 ceadaithe aige do Ghnó Mhaigh Eo, ar feadh tréimhse bliana go leith, chun clár oibre na heagraíochta don tréimhse 2025-2026 a chur i bhfeidhm.

Cuireann Gnó Mhaigh Eo tacaíocht ar fáil don lucht gnó i gCo. Mhaigh Eo, á spreagadh chun an Ghaeilge a úsáid agus iad ag cur táirgí agus seirbhísí ar fáil don phobal. Tá an eagraíocht ag cur seirbhís tacaíochta gnó ar fáil do ghnólachtaí i gCo. Mhaigh Eo le breis agus deich mbliana anuas, mar aon le seirbhís aistriúcháin agus sainchomhairleoireachta teanga. Leis an maoiniú a d’fhógair an tAire Calleary inniu, beidh an eagraíocht in ann leanúint leis an obair sin, chomh maith le ranganna Gaeilge a chur ar fáil, na gradaim ghnó a reáchtáil agus páirt a ghlacadh in ócáidí gnó agus cultúrtha sa chontae.

Agus an maoiniú á fhógairt aige inniu, dúirt an tAire Calleary:

Táim thar a bheith sásta go bhfuil mo Roinn in ann an maoiniú seo a thabhairt do Ghnó Mhaigh Eo arís i mbliana. Le breis agus deich mbliana anuas, tá obair luachmhar ar siúl ag Gnó Mhaigh Eo agus iad ag cur le híomhá dhátheangach an Chontae agus ag cur Mhaigh Eo chun cinn mar chontae Gaeltachta. Mar thoradh ar an obair dhíograiseach sin, tá an Ghaeilge le feiceáil agus le cloisteáil i ngnólachtaí, i siopaí agus i mbialanna ar fud an chontae.

“Tá sé thar a bheith tábhachtach go gcuirfí seirbhísí ar fáil i nGaeilge – don chustaiméir agus dóibh siúd ar mhaith leo a ngnó a dhéanamh trí mheán na teanga sin. Tá gnólachtaí áitiúla ag baint tairbhe as an tacaíocht a fhaigheann siad ó Ghnó Mhaigh Eo agus tá siad féin ag cur seirbhís luachmhar ar fáil do phobal na Gaeilge sa chontae.”

Ag labhairt di faoin fógra maoinithe dúirt Príomhfheidhmeannach Ghnó Mhaigh Eo, Niamh De Búrca:

Is cúis áthais do Ghnó Mhaigh Eo go bhfuil maoiniú €217,500 ceadaithe ag an Roinn Forbartha Tuaithe agus Pobail agus Gaeltachta don eagraíocht go dtí deireadh na bliana 2026. Is eagraíocht é Gnó Mhaigh Eo a thugann tacaíocht don lucht gnó ar fud Mhaigh Eo agus a spreagann iad chun an Ghaeilge a úsáid mar acmhainn eacnamaíochta atá idir luachmhar agus bhrabúsach. Cuireann Gnó Mhaigh Eo seirbhís comhairle gnó, aistriúcháin agus poiblíochta ar fáil do ghnólachtaí chomh maith le himeachtaí gnó agus cultúrtha a chur ar bun chun tacú leo.

“Tá Gnó Mhaigh Eo ina cheanneagraíocht ar dhá Bhaile Seirbhíse Gaeltachta freisin – Caisleán an Bharraigh agus Baile an Róba. Cabhróidh an maoiniú seo leis an eagraíocht na dualgais sin ar fad atá uirthi a chomhlíonadh.”

Agus é ar an bhfód ó 2011 i leith, déanann Gnó Mhaigh Eo tacaíocht agus spreagadh a thabhairt don earnáil gnó i gCo. Mhaigh Eo chun an Ghaeilge a úsáid mar acmhainn fhiúntach agus bhrabúsach, agus chun an Ghaeilge a chur chun cinn i measc an phobail i gcoitinne.

CRÍOCH