Fógraíonn an tAire Calleary ardú ar fhóirdheontas do theaghlaigh Ghaeltachta ag cur lóistín ar fáil do dhaltaí

Cuardaigh ar fad gov.ie

Preasráitis

Fógraíonn an tAire Calleary ardú ar fhóirdheontas do theaghlaigh Ghaeltachta ag cur lóistín ar fáil do dhaltaí

  • Brúnna/Coláistí cónaithe chun árdú a fháil faoin scéim freisin

Tá sé fógartha ag an Aire Forbartha Tuaithe agus Pobail agus Gaeltachta, Dara Calleary T.D., inniu go bhfuil ardú ceadaithe aige ar an bhfóirdheontas atá iníoctha le teaghlaigh aitheanta a chuireann lóistín ar fáil do scoláirí faoi Scéim na bhFoghlaimeoirí Gaeilge.

Beidh ardú €1.50 in aghaidh an dalta in aghaidh na hoíche ar an bhfóirdheontas a íoctar faoi Scéim na bhFoghlaimeoirí Gaeilge na Roinne le teaghlaigh aitheanta. Beidh €1.50 in aghaidh an dalta in aghaidh na hoíche breise á íoc le brúnna/coláistí cónaithe atá aitheanta chun lóistín a sholáthar faoin scéim chomh maith.

Ardóidh an fógra seo ón Aire Calleary an fóirdheontas a íoctar le teaghlaigh incháilithe ó €14.50 go €16 in aghaidh na hoíche agus ó €10.50 go €12 i gcás brúnna / coláistí cónaithe Gaeltachta atá aitheanta faoin scéim.

Dúirt an tAire Calleary:

" Is cúis mhór áthais dom an t-ardú seo a fhógairt don scéim is sine atá á riar ag mo Roinn, Scéim na bhFoghlaimeoirí Gaeilge. Ag leanúint ar aghaidh ón mhéadú €1.50 a bhronn mé anuraidh, agus i bhfianaise luach na seirbhíse a chuir na teaghlaigh agus na soláthraithe brúnna ar fáil, bhí an-áthas orm an méadú céanna a cheadú arís i mbliana.”

Is é seo an cúigiú ardú ar fhóirdheontas na scéime ó thús 2022; sin ardú de 60% a íoctar le teaghlaigh na scéime (ó €10 go €16) agus ardú 140% le brúnna/coláistí cónaithe (€5 go €12)

Beidh an t-ardú seo ag teacht i bhfeidhm ón 30 Bealtaine 2026 agus bainfidh os cionn 530 teaghlach ó cheann ceann na Gaeltachta atá cláraithe leis an Roinn faoin scéim leas as an ardú seo.

Mar aon leis an ardú ar na gnáthchúrsaí, tá ardú ar an bhfóirdheontas a íoctar faoi na scéimeanna eile a thagann faoi scáth Scéim na bhFoghlaimeoirí Gaeilge ceadaithe ag an Aire Calleary Chomh maith, sin iad Scéim Oileánda (ÁRAINN) Gaeltachta agus ERASMUS Gaeltachta mar atá leagtha amach sa tábla thíos.

Is é cuspóir foriomlán an bheartais seo atá fógartha ná tacú leis an nGaeilge agus leis an nGaeltacht i gcomhréir le cuspóirí na Straitéise 20 Bliain don Ghaeilge 2010-2030.

Tugann an tábla thíos briseadh síos ar na hardaithe atá ceadaithe:

Fóirdheontas

Ráta 2025

Ráta 2026

Gnáthchúrsaí

€14.50

€16

Brú / coláiste cónaithe

€10.50

€12

ERASMUS Gaeltachta

€23.50

€25

Scéim Oileánda (ÁRAINN) Gaeltachta

€35.50

€37

Mar fhocal scoir, dúirt an tAire Calleary:

“Tá aitheantas tuillte ag na teaghlaigh a chuireann lóistín ar fáil mar aon leis na coláistí as an acmhainn luachmhar a chuireann siad ar fáil do lucht freastail na gcúrsaí Gaeilge. Tá mé lánchinnte go gcuideoidh an t-ardú ar thacaíocht mo Roinne leis an gcostas a bhaineann le lóistín a sholáthar agus chun tuilleadh teaghlaigh a mhealladh le go dtiocfadh fás agus forbairt ar an earnáil thábhachtach seo sna blianta amach romhainn.”

Nóta don Eagarthóir

Is é cuspóir Scéim na bhFoghlaimeoirí Gaeilge (SFG) - atá ar an scéim is sine atá á riar ag an Roinn ná tacú le deiseanna breise sealbhaithe agus saibhrithe teanga a chur ar fáil sa Ghaeltacht do lucht freastail iar-bhunscoileanna agus tríú leibhéal na tíre.

Mar thoradh ar an méadú atá fógartha, beidh ciste foriomlán ar fiú os cionn €8m á infheistiú ag an Roinn i 2026 ar leas na hearnála.

Ardú an deontais go dtí €16

Sampla ar thionchar an méadú do theaghlach atá aitheanta do shé fhoghlaimeoir déag-

  • 16 scoláire x 20 oíche x 3 chúrsa trí seachtaine x €1.50 ón Roinn = €1,440 in ioncam breise i 2026
  • €16 in aghaidh na hoíche i leith cúrsa trí seachtaine (20 oíche)

(ionann le €320 in aghaidh an scoláire)

Is ann don fhoirm seo d’aiseolas, agus sin amháin, a bhaineann leis an leathanach reatha.

Ná cuir faisnéis phearsanta ná airgeadais san áireamh.

Chun gov.ie a fheabhsú, déanfar anailís ar an bhfaisnéis a chuireann tú isteach agus ní thabharfar freagra uirthi ar bhonn indibhidiúil.

Conas mar a bhí d’eispéireas ar an leathanach reatha? (ag teastáil)

Tá 400 carachtar fágtha agat