Fógraíonn an tAire Calleary ardú ar an bhfóirdheontas do theaghlaigh agus coláistí cónaithe Gaeltachta faoi Scéim na bhFoghlaimeoirí Gaeilge
- Foilsithe: 1 Lúnasa 2025
- An t-eolas is déanaí: 1 Lúnasa 2025
Tá sé fógartha ag an Aire Forbartha Tuaithe agus Pobail agus Gaeltachta, Dara Calleary TD inniu (Déardaoin, 31 Iúil) go bhfuil ardú ceadaithe aige ar na fóirdheontais atá iníoctha le teaghlaigh Ghaeltachta agus coláistí cónaithe a chuireann lóistín ar fáil do lucht freastail na gcoláistí Gaeilge.
Rinne an tAire an fógra le linn cuairte ar Choláiste Mhuigheo, áit ar bhuail sé le mná tí, múinteoirí, daltaí agus baill foirne eile.
Beidh ardú €1.50 ó €13 go €14.50 ar an bhfóirdheontas a íoctar de ghnáth faoi Scéim na bhFoghlaimeoirí Gaeilge de chuid na Roinne le theaghlaigh atá aitheanta faoin scéim. Anuas air sin, beidh ardú €1 ó €9.50 go €10.50 ar an deontas a íoctar leis na brúnna/coláistí cónaithe atá aitheanta chun lóistín a sholáthar faoin scéim.
Bainfidh os cionn 500 teaghlach ó cheann ceann na Gaeltachta atá cláraithe leis an Roinn faoin scéim leas as an ardú le héifeacht ó thús na gcúrsaí samhraidh 2025 ar 31 Bealtaine 2025.
Tagann an t-ardú sna sála ar ardú de bheagnach 30% ar an ráta fóirdheontas atá iníoctha le teaghlaigh agus an méadú 90% i gcomhthéacs na coláistí cónaithe agus brúnna, ó 2022 i leith.
Anuas ar na hardaithe seo, tá ardú ar an bhfóirdheontas a íoctar faoi dhá scéim eile de chuid na Roinne, Scéim Oileánda (ÁRAINN) Gaeltachta faoina dtugtar deis do scoláirí scoilbhliain iomlán a chaitheamh ar cheann de na trí oileán Árainn agus an Scéim ERASMUS Gaeltachta faoina dtugtar deis do mhic léinn tríú leibhéil seimeastar a chaitheamh sa Ghaeltacht.
Is é cuspóir foriomlán an bheartais seo atá fógartha tacú leis an nGaeilge agus leis an nGaeltacht de réir cuspóirí na Straitéise 20-Bliain don Ghaeilge 2010-2030.
Tugann an tábla thíos briseadh síos ar na hardaithe:
Fóirdheontas |
Ráta 2024 |
Ardú 2025 |
Gnáthchúrsaí |
€13.00 |
€14.50 |
Brú/coláiste cónaithe |
€9.50 |
€10.50 |
ERASMUS Gaeltachta |
€22.00 |
€23.50 |
Scéim Oileánda (ÁRAINN) Gaeltachta |
€34.00 |
€35.50 |
Dúirt an tAire Calleary inniu:
" Tá tábhacht faoi leith ag Scéim na bhFoghlaimeoirí Gaeilge don Ghaeilge agus do gheilleagar na Gaeltachta araon agus í ar an scéim is sine atá á riar ag mo Roinn. Is iad na teaghlaigh a chuireann lóistín ar fáil atá mar chnámh droma na scéime. Mar aitheantas air sin agus ar an ardú atá tagtha ar na costais a thiteann orthu, tá áthas orm an méadú deontais seo a fhógairt a chabhróidh le hós cionn 500 teaghlach. Lena chois sin, cabhróidh an t-ardú leis na coláistí cónaithe agus go deimhin na coláistí ar fad lena gcuid iarrachtaí féin chun teaghlaigh nua a earcú agus a choinneáil.”
Nóta don Eagarthóir:
Is é cuspóir Scéim na bhFoghlaimeoirí Gaeilge (SFG) - atá ar an scéim is sine atá á riar ag an Roinn, tacú le deiseanna breise sealbhaithe agus saibhrithe teanga a chur ar fáil sa Ghaeltacht do lucht freastail iar-bhunscoileanna agus tríú leibhéal na tíre.
De thoradh an arduithe atá fógartha, beidh ciste foriomlán ar fiú tuairim is €6m á infheistiú go bliantúil feasta ag an Roinn ar leas na hearnála.
Ardú an deontais go €14.50 - sampla ar thionchar an ardaithe ar theach a mbíonn 16 foghlaimeoir ar iostas leo:
- 16 foghlaimeoir x 21 oíche x 3 chúrsa trí seachtaine x €1.50 ón Roinn = €1,512
€14.50 in aghaidh an oíche (ionann le €304.50 in aghaidh an scoláire) i leith cúrsa trí seachtaine (21 oíche) an fóirdheontas seo.
An Roinn Forbartha Tuaithe agus Pobail agus Gaeltachta
Anois is é ainm nua na Roinne Forbartha Tuaithe agus Pobail ná an Roinn Forbartha Tuaithe agus Pobail agus Gaeltachta. Is iad na teidil atá ag ár mbeirt Airí ná an tAire Forbartha Tuaithe agus Pobail agus Gaeltachta, Dara Calleary TD agus an tAire Stáit le Freagracht as Forbairt Pobail agus Carthanas, Jerry Buttimer TD. Ba cheart úsáid a bhaint as na teidil thuas agus tagairt á déanamh don Roinn agus do na hAirí as seo amach.