Fógraíonn an tAire Calleary gurb iad Just Art It buaiteoir Ghradam Sheosaimh Uí Ógartaigh 2026

Cuardaigh ar fad gov.ie

Preasráitis

Fógraíonn an tAire Calleary gurb iad Just Art It buaiteoir Ghradam Sheosaimh Uí Ógartaigh 2026

  • Gradaim bronnta ag an Aire Calleary ar an bpríomhbhuaiteoir agus ar bhuaiteoirí cúig cinn de chatagóirí éagsúla
  • Tá an Gradam ag rith anois le 24 bliain anuas agus tá sé sainithe mar ghné an-tábhachtach d’fhéiniúlacht dhátheangach Chathair na Gaillimhe
  • I mbliana tá maoiniú €201,000 ceadaithe ag an Roinn Forbartha Tuaithe agus Pobail agus Gaeltachta do Ghaillimh le Gaeilge

D’fhógair an tAire Forbartha Tuaithe agus Pobail agus Gaeltachta, Dara Calleary TD, buaiteoir Ghradam Sheosaimh Uí Ógartaigh ag searmanas bronnta an Ghradaim tráthnóna inniu in Óstán Bhóthar na Trá, Gaillimh. Is é Gaillimh le Gaeilge a eagraíonn Gradam Sheosaimh Uí Ógartaigh, i gcomhpháirtíocht leis an Galway Advertiser agus TG4 agus le tacaíocht speisialta ó Chumann Tráchtála na Gaillimhe.

Is ócáid thábhachtach an Gradam seo i bhféilire na Gaeilge agus in imeachtaí gnó Chathair na Gaillimhe agus tá sé ag dul ó neart go neart ina mhisean chun go mbeidh teacht ag muintir na Gaillimhe agus ag cuairteoirí ar sheirbhísí as Gaeilge ó ghnólachtaí na cathrach.

Tá an Gradam ag rith anois le 24 bliain anuas agus tá sé sainithe mar ghné an-tábhachtach d’fhéiniúlacht dhátheangach Chathair na Gaillimhe. Roghnaíodh buaiteoirí na gcatagóirí bunaithe ar an úsáid leanúnach, rathúil agus éifeachtach a bhaineann siad as an dátheangachas ina ngnó/ina n-eagraíocht chun go ‘seasfaidh siad amach’ ina n-earnáil.

Ní mór don ghnó/don eagraíocht tiomantas láidir a bheith acu don Ghaeilge agus na bealaí agus smaointe nuálacha a bhfuil sé i gceist acu tuilleadh úsáide a bhaint aisti amach anseo a léiriú.

Is iad catagóirí an Ghradaim i mbliana: Miondíol; Seirbhís Custaiméara; Turasóireacht; Digiteach; agus Pobal & Cultúr.

Is é Just Art It príomhbhuaiteoir na bliana seo. Is fiú os cionn €27,000 an urraíocht don Ghradam i mbliana, le tacaíocht ó urraitheoirí áitiúla. Chomh maith leis sin, faigheann na buaiteoirí foriomlána agus buaiteoirí na gcatagóirí píosa álainn dealbhóireachta atá deartha go speisialta ag an ealaíontóir cáiliúil Pádraic Reaney.

Ag labhairt ag an ócáid tráthnóna inniu dúirt an tAire Dara Calleary TD:

“Tá áthas orm go bhfuil ar chumas mo Roinne – an Roinn Forbartha Tuaithe agus Pobail agus Gaeltachta – leanúint ar aghaidh leis an tacaíocht a thugann muid do Ghaillimh le Gaeilge agus do Ghradam Sheosaimh Uí Ógartaigh. Tá ról ríthábhachtach ag Gradam Sheosaimh Uí Ógartaigh maidir le stádas dátheangach na Gaillimhe a chur chun cinn sa chathair. Tugann sé misneach dom go bhfuil an Ghaeilge ag fás i ngach earnáil gnó i nGaillimh agus go bhfuil obair Gaillimh le Gaeilge ag tabhairt fuinneamh bríomhar, nua-aimseartha don teanga.

“Trí aitheantas a thabhairt do ghnólachtaí a úsáideann an Ghaeilge ina gcuid oibríochtaí laethúla agus ceiliúradh a dhéanamh ar na gnólachtaí sin, spreagann na gradaim seo dreamanna eile chun aithris a dhéanamh orthu agus bród breise as an teanga agus cultúr na hÉireann a léiriú ina gcuid gníomhaíochtaí.”

Ag labhairt di ag an ócáid, dúirt Príomhfheidhmeannach Ghaillimh le Gaeilge, Bríd Ní Chonghóile:

“Tá muid fíorbhuíoch go bhfuil Uachtarán na hÉireann, Catherine Connolly, i láthair ag an ócáid speisialta seo agus go bhfuil an tAire Forbartha Tuaithe agus Pobail agus Gaeltachta, Dara Calleary TD, anseo freisin chun na gradaim a bhronnadh dúinn.

“Is ócáid shuntasach í Gradam Sheosaimh Uí Ógartaigh do Ghaillimh le Gaeilge agus do na gnólachtaí ar fad atá ag cur na Gaeilge i gcroílár a gcuid seirbhíse.

“Léiríonn an Gradam seo an dul chun cinn leanúnach atá á dhéanamh i nGaillimh mar Bhaile Seirbhíse Gaeltachta, agus an fhorbairt atá á déanamh ar an nGaeilge mar theanga bheo ghnó, phobail agus chultúir, agus ar stádas na cathrach mar chathair dhátheangach.”

Is í an Roinn Forbartha Tuaithe agus Pobail agus Gaeltachta príomh-mhaoinitheoir Ghaillimh le Gaeilge agus deontas reáchtála suas le €201,000 á chur ar fáil aici don eagraíocht i mbliana.

Is ann don fhoirm seo d’aiseolas, agus sin amháin, a bhaineann leis an leathanach reatha.

Ná cuir faisnéis phearsanta ná airgeadais san áireamh.

Chun gov.ie a fheabhsú, déanfar anailís ar an bhfaisnéis a chuireann tú isteach agus ní thabharfar freagra uirthi ar bhonn indibhidiúil.

Conas mar a bhí d’eispéireas ar an leathanach reatha? (ag teastáil)

Tá 400 carachtar fágtha agat