Fógraíonn an tAire Calleary seirbhísí lastais throm nua do cheithre oileán amach ó chósta Chorcaí
- Foilsithe: 4 Iúil 2025
- An t-eolas is déanaí: 4 Iúil 2025
Tá conradh nua fógartha ag an Aire Forbartha Tuaithe agus Pobail agus na Gaeltachta, Dara Calleary TD, ar mhaithe le seirbhís lastais throm a sholáthar do cheithre oileán atá suite amach ó chósta Chontae Chorcaí. Is iad na hoileáin: Oileán Chléire, Inis Arcáin, Inis Fada agus Inis Uí Drisceoil.
Is conradh chúig bhliana é seo, a mhairfidh ó 2025 go 2030, agus cuirfear 70 lá seolta, in aghaidh na bliana, ar fáil do phobail na n-oileáin. Is ionann sin agus méadú de 20% ar líon na laethanta seolta a bhí ar fáil sa gconradh deireadh agus freisin, cuirfear seirbhís níos rialta ar fáil freisin d’Oileán Chléire, an t-oileán is iargúlta agus is dúshlánaí le freastal air.
Is le Carbery Isle Ferries LTD. atá an conradh nua, agus cuirfidh an Roinn €1.5 milliún ar fáil thar thréimhse cúig bliana don tseirbhís seo.
Agus an conradh nua á fhógairt aige, dúirt an tAire Calleary:
“Tá ríméad orm an conradh fíor thábhachtach seo do sheirbhís lastais do Oileán Chléire, Inis Arcáin, Inis Uí Dhrisceoil agus Inis Fada a fhógairt.
“Is amach ó chósta Chontae Chorcaí atá an líon is mó oileáin a bhfuil pobail ina gcónaí orthu. Tá riachtanais éagsúla ag gach aon oileán ach tá na seirbhísí iompair ar cheann de na clocha is mó ar a bpaidrín acu ar fad. Is cuid lárnach den pholasaí Rialtais ‘Ár nOileáin Bheo’ seirbhís rialta a chinntiú do na pobail oileánda ar feadh na bliana ar chostas réasúnach. Tá mé thar a bheith sásta go ndéanfaidh an conradh nua seo cinnte go mbeidh seirbhís den scoth ag na hoileáin seo sna blianta atá romhainn.”
“Ó ceapadh mar Aire mé, tá tús áite tugtha agam dár n-oileáin. Tá cuairt tugtha agam ar chuid acu cheana féin agus tá súil agam cuairt a thabhairt orthu go léir le linn mo thréimhse mar Aire.”
D’fháiltigh an tAire Stáit ag an Roinn Forbartha Tuaithe agus Pobail agus Gaeltachta, agus TD do Chorcaigh Theas-Lár, Jerry Buttimer roimh an bhfógra freisin:
“Cinnteoidh an conradh nua seo go mbeidh rochtain leanúnach ag pobail agus lucht gnó na n-Oileáin Thiar, amach ó chósta Chorcaí, ar sheirbhís lastas throm ar féidir brath air ar feadh 5 bhliana eile. Beidh an méadú ar líon na laethanta seolta ina bhuntáiste ar leith do phobail bheaga feirmeoireachta na n-oileán a bhraitheann go mór ar an tseirbhís seo agus iad ag bogadh beostoc ós na hoileáin go dtí an mórthír le linn an tséasúir mhargaidh”.
“Léiríonn an conradh nua seo tiomantas agus tacaíocht leanúnach an Rialtais d ’inbhuanaitheacht ár bpobal oileánda.”
Cinnteoidh an conradh seo go gcuirfear seirbhís lastas throm leanúnach, rialta, ar phraghas réasúnta ar fáil dóibh don chéad chúig bliana eile.
Tháinig an conradh i bhfeidhm an 1 Iúil 2025.