Cuardaigh ar fad gov.ie

Preasráitis

Scéim phíolótach íocaíochta nua d’úinéirí talún sna Cruacha Dubha fógartha ag an Aire Calleary

  • Scéim Fóillíochta Sléibhe phíolótach nua trí-bliana chun tacú le fóillíocht lasmuigh agus le turasóireacht tuaithe sna Cruacha Dubha
  • Os cionn €100,000 gach bliain chun breis is 50 úinéir talún a mhaoiniú le rochtain fóillíochta ar na Cruacha a bhainistiú
  • Fógra eile faoi thacaíocht do líonra “Helping the Hills” chun feabhas a chur ar an inniúlacht maidir le conairí sléibhe a bhainistiú

D’fhógair an tAire Forbartha Tuaithe agus Pobail agus Gaeltachta, Dara Calleary TD, inniu (Déardaoin, 5 Feabhra 2026) go maoineofar dhá thionscnamh lena dtacófar agus cosnófar ceantair shléibhe. Áirítear ar an dá thionscnamh seo an Scéim Fóillíochta Sléibhe phíolótach nua trí-bliana sna Cruacha Dubha, atá ainmnithe mar “Thionscadal um Rochtain Sléibhe”, agus tionscadal dhá-bhliain chun borradh a chur faoi obair líonra “Helping the Hills”.

Tá an Scéim Fóillíochta Sléibhe phíolótach cosúil le Scéim na Siúlóidí, agus is í an chéad scéim dá leithéid in Éirinn. Déanfar íocaíochtaí faoin scéim le feirmeoirí agus úinéirí talún príobháideacha sna Cruacha Dubha a théann i mbun clár oibre comhaontaithe. Beidh na cláir oibre aonair seo mar chuid de phlean foriomlán do na Cruacha lena n-áireofar monatóireacht agus cothabháil ar na conairí agus limistéir rochtana sléibhe. Tabharfar cúiteamh d'fheirmeoirí faoin scéim freisin as teagmháil dhíreach a dhéanamh le daoine den phobal agus as cúnamh agus treoir a thabhairt dóibh maidir le conas rochtain fhreagrach a fháil ar an tsliabh.

Déanfaidh Fóram Rochtana Sléibhe na gCruach Dubh maoirseacht ar chur i bhfeidhm na scéime píolótaí, agus beidh sí á riar ag Comhpháirtíocht Forbartha Chiarraí Theas CTR, ar cuideachta forbartha áitiúla í atá mar an phríomh-chomhpháirtí i bhFóram Rochtana Sléibhe na gCruach Dubh óna bhunú i leith.

Agus an fógra á dhéanamh aige inniu, dúirt an tAire Calleary:

“Tá mo Roinn tiomanta do thacaíocht a thabhairt i gcomhair forbairt agus cothabháil bonneagair fóillíochta de réir aidhmeanna ‘Téigh Amach Faoin Aer,’ straitéis náisiúnta na hÉireann um fhóillíocht faoin aer.

“Téann breis is 64,000 siúlóir sna Cruacha Dubha gach bliain agus cuireann an ceantar go mór leis an ngeilleagar turasóireachta áitiúil. Céim ríthábhachtach í an scéim phíolótach seo chun todhchaí níos inbhuanaithe a chruthú do rochtain cuairteoirí ar na Cruacha Dubha.

“Tá an t-ádh linn in Éirinn go bhfuil ceantair sáráilleachta againn ar a bhfuil rochtain ag an iliomad daoine. Mar sin féin, is minic a dhéanann muid dearmad ar thionchar suntasach na siúlóirí ar na ceantair íogaire seo, atá lonnaithe de ghnáth ar thalamh príobháideach ar a ndéantar feirmeoireacht ghníomhach. Ba mhaith liom mo bhuíochas a ghabháil arís leis na húinéirí talún as an rochtain seo a chur ar fáil agus as déileáil leis na dúshláin a bhaineann léi dóibhsean, agus ba mhaith liom iad a mholadh freisin as páirt a ghlacadh sa scéim phíolótach nua seo.

“Ba mhaith liom mo bhuíochas a ghabháil freisin le Comhpháirtíocht Forbartha Chiarraí Theas agus le Fóram Rochtana Sléibhe na gCruach Dubh as a n-obair leis an Roinn chun an scéim seo a fhorbairt. Táim tiomanta chun dul i gcomhar leo chun go mbeidh rath ar an bhfiontar nua seo agus chun dul i ngleic le haon dúshlán a eascraíonn as seo, le gur féidir leis an tionscadal seo agus tionscadail dá leithéid a bheith mar bhuanghné in a lán dár gceantair shléibhe amach anseo.”

Agus fáilte á cur aige roimh fhógra an lae inniu, dúirt Cathaoirleach Fhóram Gheallsealbhóirí na gCruach Dubh, Stewart Stephens:

“Is dul chun cinn mór í an Scéim Fóillíochta Sléibhe ó thaobh rochtain inbhuanaithe ar cheantair shléibhe, a bhfuil cuid mhór dóibh faoi úinéireacht phríobháideach. Déanfaidh an scéim leas d’úinéirí talún, don lucht fóillíochta agus don timpeallacht sléibhe leochaileach. Aithnítear inti ról tábhachtach na n-úinéirí talún sa bhainistíocht talún agus in eispéireas na gcuairteoirí. Is mór an obair a rinneadh don scéim, agus is cúis áthais go bhfuil triail phíolótach á baint aisti sna Cruacha Dubha.”

D’fhógair an tAire freisin go dtabharfar maoiniú chun tacú le clár ‘Helping the Hills’, ar tionscnamh é faoina gcuirtear oiliúint ar fáil i bhforbairt conairí sléibhe, rud atá ina chuidiú chun cur le hinniúlacht eagraíochtaí le dul i ngleic le creimeadh conairí i gceantair shléibhe, le ceachtanna ó thionscadail a rinneadh le déanaí a fháil agus a roinnt, agus chun Líonra Helping the Hills a neartú.

Bhí an méid seo le rá freisin ag an Aire Calleary:

“Táim sásta freisin chun maoiniú €90,000 a chur ar fáil don chéad bhliain de chlár dhá-bhliain chun tacú le líonra ‘Helping the Hills’. Faoi stiúir Shléibhteoireacht Éireann, cuirfidh an clár le hinniúlacht eagraíochtaí chun dul i ngleic le creimeadh conairí i gceantair shléibhe agus beidh oiliúint i bhforbairt conairí sléibhe mar chuid de.”

Nótaí d’Eagarthóirí

Téigh Amach Faoin Aer - Straitéis Náisiúnta Áineasa Faoin Aer 2023 - 2027

Is straitéis trasrialtais faoi stiúir geallsealbhóirí í Téigh Amach faoin Aer a forbraíodh i gcomhar le Comhairle na Tuaithe. Faoin straitéis seo tá ceannaireacht, stiúir agus éascú á ndéanamh ar fhorbairt agus bainistíocht inbhuanaithe na hearnála fóillíochta lasmuigh. Tá mar aidhm léi freisin borradh a chur faoi rannpháirtíocht agus buntáistí sóisialta, sláinte agus eacnamaíocha a thabhairt i gcrích.

An Tionscadal um Rochtain Sléibhe (TRS)

Forbraíodh an TRS trí Chomhairle na Tuaithe mar chur chuige i leith éascaíocht agus bainistiú ar rochtain fóillíochta phoiblí ar cheantair shléibhe atá, ar an mhórchóir, faoi úinéireacht phríobháideach (cimíneacht de ghnáth). Is iad na Cruacha Dubha an t-aon cheantar TRS faoi láthair, mar sin féin tá trí cheantar eile – Cruach Phádraig, an Earagail agus Sléibhte an Chomaraigh – i mbun an phróisis chun páirt a ghlacadh sa TRS.

An Scéim Fóillíochta Sléibhe

Cuirfear an scéim i bhfeidhm sa chuid de na Cruacha Dubha atá san áireamh sa TRS agus feidhmeoidh sí ar bhonn dhá leibhéil. Is mó uaireanta oibre a dhéanfaidh úinéirí talún atá ar na príomhbhealaí rochtana, ar mó an brú fóillíochta agus a éifeachtaí gaolmhara orthu (Leibhéal 2) ná na húinéirí talún siúd i gceantair a mbíonn níos lú cuairteoirí fóillíochta iontu (Leibhéal 1).

Chláraigh aon úinéir talún is cúigeach chun páirt a ghlacadh sa scéim go dtí seo. Tá idir 26 rannpháirtí leibhéal 2 agus 25 rannpháirtí leibhéal 1 sa scéim.

Is ionann an t-uaslíon uaireanta oibre ar féidir le rannpháirtí i Leibhéal 1 a dhéanamh ná 50 sa bhliain, agus is féidir le rannpháirtithe ar Leibhéal 2 uaslíon 250 uaire sa bhliain a dhéanamh. Íoctar ráta saothair na Roinne Talmhaíochta, Bia agus Mara féin le rannpháirtithe, eadhon €16.74 san uair.

Costas measta na scéime píolótaí:

Tá costas measta na n-íocaíochtaí rannpháirtíochta le húinéirí talún beagnach os cionn €100,000 sa chéad bhliain, agus ceaptar go dtiocfaidh borradh air sin de réir mar a fhorbraíonn an scéim phíolótach.

Helping the Hills

Is é cuspóir chlár oibre dhá-bhliain Helping the Hills ná oiliúint a chur ar fáil i bhforbairt conairí sléibhe, cur le hinniúlacht eagraíochtaí chun aghaidh a thabhairt ar chreimeadh conairí i gceantair shléibhe, ceachtanna ó thionscadail a rinneadh le déanaí a fháil agus a roinnt, agus Líonra Helping the Hills a neartú – ar líonra geallsealbhóirí é a bhíonn i mbun bainistíochta conairí sléibhe.

Glacfaidh Sléibhteoireacht Éireann an phríomhfhreagracht chun an clár a thabhairt i gcrích.

Is ann don fhoirm seo d’aiseolas, agus sin amháin, a bhaineann leis an leathanach reatha.

Ná cuir faisnéis phearsanta ná airgeadais san áireamh.

Chun gov.ie a fheabhsú, déanfar anailís ar an bhfaisnéis a chuireann tú isteach agus ní thabharfar freagra uirthi ar bhonn indibhidiúil.

Conas mar a bhí d’eispéireas ar an leathanach reatha? (ag teastáil)

Tá 400 carachtar fágtha agat