Fógraíonn an tAire Calleary €16.5 mhilliún do 63 thionscadal áineasa lasmuigh
- Foilsithe: 3 Samhain 2025
 - An t-eolas is déanaí: 3 Samhain 2025
 
- Infheistíocht in áiseanna áineasa ar nós conairí siúil, bealaí rothaíochta, áiseanna uiscebhunaithe agus bealaí rochtana sléibhe
 - Tacaíonn tionscadail go díreach le spriocanna an Straitéis Náisiúnta um Áineas Allamuigh: ‘Saol na hÉireann faoin Aer a Spreagadh’
 
Le linn cuairte ar Chliara, d’fhógair an tAire Forbartha Tuaithe agus Pobail agus Gaeltachta, Dara Calleary TD, €16.5 mhilliún chun 63 thionscadal áineasa a sheachadadh ar fud na tíre tríd an Scéim Infreastruchtúr Áineasa Allamuigh (SIÁA).
Tá an maoiniú a fógraíodh inniu i leith Bearta 2 agus 3 den scéim a sholáthraíonn maoiniú suas le €500,000 le haghaidh deisiúcháin agus cothabhála straitéiseacha ar áiseanna atá ann cheana féin mar aon le forbairt bonneagar áineasa nua.
I measc na 63 thionscadal a fógraíodh inniu, atá lonnaithe ar fud gach contae in Éirinn, tá cosáin siúil, tionscadail rochtana sléibhe, agus áiseanna uisce lasmuigh. I measc samplaí de na tionscadail seo tá:
- Co. an Chabháin – Dún an Rí: Forbairt moil ar an nglasbhealach i nDún an Rí le carrchlós agus suíocháin - €500,000.
 - Co. Chorcaí – Dúras: Céim II ag nascadh an chéad chéim den chosán le Sráidbhaile Dúras - €196,395.
 - Co. Dhún na nGall – Carraig Airt go dtí na Dúnaibh: Céim dheiridh na n-oibreacha chun an cosán idir Carraig Airt agus na Dúnaibh a chríochnú - €500,000.
 - Contae Lú – Glasbhealach na Bóinne: Feabhsú agus síneadh ar Bhruach Thuaidh Ghlasbhealach na Bóinne lena n-áirítear leathnú, athdhromchlú agus athlíneáil cosán agus cur suas soilsithe. - €500,000.
 - Co. Mhaigh Eo – Cliara: Uasghrádú a dhéanamh ar chosán rothaíochta atá ann cheana féin i gCuan Mó go caighdeán a thugann inrochtaineacht do chách - €500,000.
 - Co. Phort Láirge – an Baile Nua: Feabhsú agus uasghrádú ar Ché an Bhaile Nua chun gníomhaíochtaí áineasa lasmuigh uiscebhunaithe a éascú. €200,000
 - Co. Chill Mhantáin – Dioghais: Tógáil agus athchóiriú gnáthóige ar Chosán Dhioghsa. - €445,500.
 
Ag labhairt inniu, dúirt an tAire Calleary:
“Tá áthas orm an fógra suntasach maoinithe seo a dhéanamh inniu le haghaidh áiseanna áineasa lasmuigh. Cuirfidh an infheistíocht seo feabhas breise ar na spásanna seo a fheidhmíonn ní hamháin mar spásanna áineasa agus sóisialta dár bpobail ach a chuireann go mór lenár n-earnáil turasóireachta freisin.
“Leis an bhfógra inniu ar Chliara, feicfear réimse leathan tionscadal caipitil a sheachadadh ar fud na tíre a chlúdaíonn conairí siúil agus rothaíochta, cosáin sléibhe, agus feabhsuithe ar ghníomhaíochtaí uiscebhunaithe. Tá sé seo go léir ag comhlíonadh cuspóirí ár straitéis náisiúnta áineasa lasmuigh, Saol na hÉireann faoin Aer a Spreagadh.”
Tá na 63 thionscadal a fógraíodh inniu sa bhreis ar na 221 thionscadal a d’fhógair an tAire Calleary i mí Lúnasa. Tá an maoiniú a leithdháileadh faoi chlár 2024/2025 anois os cionn €25.27 milliún, an ceadú is mó go dtí seo faoin Scéim.
Mar fhocal scoir, dúirt an tAire Calleary:
“Mar chuid den mhaoiniú don tionscadal a d'fhógair mé do Chliara, feicfear oibreacha uasghrádaithe ar an gcosán atá ann cheana féin ionas gur féidir cosán rothaíochta Chliara a leathnú níos faide isteach san oileán. Is toradh comhoibrithe idir go leor páirtithe leasmhara an tionscadal seo, agus go deimhin is infheistíocht í a thacaíonn le cuspóirí mo Roinne.”
Dheimhnigh an tAire Calleary gur foilsíodh an Dara Tuarascáil ar Dhul Chun Cinn maidir le Saol na hÉireann faoin Aer ar shuíomh gréasáin na Roinne. Leagtar amach sa tuarascáil an dul chun cinn suntasach atá á dhéanamh ar fud raon na ngníomhartha tábhachtacha sa straitéis. Tá cóip den tuarascáil ar fáil anseo.
Tá sonraí na 63 thionscadal a fógraíodh inniu ar fáil anseo.
Nótaí don eagarthóir:
Scéim Infreastruchtúr Áineasa Allamuigh 2024/25
Riarann údaráis áitiúla agus cuideachtaí forbartha áitiúla an Scéim ar leibhéal áitiúil. I measc na samplaí de ghníomhaíochtaí ar cheart d’iarratasóirí a bheith i gcuimhne acu agus iarratais á gcur isteach acu don Scéim Infreastruchtúr Áineasa Allamuigh (SIÁA) 2024/25 tá:
| Bunaithe ar an Talamh | Bunaithe ar an Uisce | Bunaithe san Aer | 
| Siúl | Canúáil/Cadhcáil/SUP | Parafaoileoireacht | 
| Cnocadóireacht/Siúlóireacht | Rámhaíocht | Faoileoireacht foluana | 
| Rothaíocht Fóillíochta | Snámh in Uisce Oscailte lena n-áirítear Linnte Taoide | |
| Rothaíocht Sléibhe | Surfáil | |
| Conairí Marcaíochta | Treodóireacht Chósta | |
| Rith Conaire/Easbhóthair | Surfáil gaoithe/Surfáil eitleoige/SUP | |
| Treodóireacht | Seoltóireacht | |
| Bollánóireacht, Scraimbil, Ailleadóireacht, Sléibhteoireacht | Tumadóireacht | 
Soláthraítear maoiniú Scéim 2024/25 mar seo a leanas:
- Beart 1 –
- Deisiú/forbairt/cur chun cinn agus margaíocht ar scála beag.
 - Maoiniú suas le €40,000 ag ráta cúnaimh 90%.
 
 - Beart 2 –
- Deisiú/uasghrádú meánmhéide agus forbairt conaire/áiseanna nua.
 - Maoiniú suas le €200,000 ag ráta cúnaimh 90%.
 
 - Beart 3 –
- Deisiú/uasghrádú ar scála mór agus forbairt conaire/áiseanna straitéiseacha nua
 - Maoiniú suas le €500,000 ag ráta cúnaimh 90%.
 
 - Beart Forbartha Tionscadail –
- Forbairt mhionsonraithe tionscadal a chuirfeadh ar a gcumas caighdeán a bhaint amach le haghaidh iarratais faoi Bheart 2 nó Beart 3 den Scéim.
 - Maoiniú suas le €50,000 ag ráta cúnaimh 90%.
 
 
Is féidir sonraí faoi thionscadail rathúla roimhe seo faoin Scéim a fháil anseo.