Infheistiú de bhreis is €3 milliún i suímh áineasa Coillte do 2026 fógartha ag an Aire Calleary

Cuardaigh ar fad gov.ie

Preasráitis

Infheistiú de bhreis is €3 milliún i suímh áineasa Coillte do 2026 fógartha ag an Aire Calleary

  • €3.13m i gcomhair infreastruchtúr conairí nua agus cothabháil leanúnach ag 224 suíomh
  • Bliain dheireanach de chomhpháirtíocht straitéiseach 5 bliana faoinar bronnadh €16 milliún ar shuímh áineasa Coillte

Inniu (Dé Luain, 20 Aibreán 2026) d’fhógair an tAire Forbartha Tuaithe agus Pobail agus Gaeltachta, Dara Calleary TD, sonraí faoin mhaoiniú €3.13m atá an Roinn le cur ar fáil in 2026 mar pháirt dá comhpháirtíocht straitéiseach le Coillte.

Agus an maoiniú á fhógairt aige, dúirt an tAire Calleary:

Is í 2026 an bhliain dheireanach den chomhpháirtíocht reatha 5 bliana idir mo Roinn agus Coillte. Le 5 bliana anuas, cuireadh maoiniú de bhreis is €16m ar fáil chun tacaíocht a thabhairt agus cothabháil a dhéanamh ar choillte agus áiseanna áineasa iontacha de chuid Coillte ar fud na tíre. Tá sé seo sa bhreis ar an infheistíocht a rinneadh sna suímh seo trí chláir cosúil leis an Scéim Bonneagair Áineasa Lasmuigh.

“In éineacht lena úsáid chun líonra conairí agus áiseanna áineasa Coillte a chothabháil agus a fhorbairt, tá an maoiniú seo ina thacaíocht do rannpháirtíocht Coillte le pobail áitiúla agus grúpaí áineasa fud fad na tíre.

“Is acmhainní iontacha iad na coillte seo a mbaineann cuairteoirí agus pobail áitiúla tairbhe astu ar bhonn laethúil agus is gnéithe fíorthábhachtacha iad den earnáil áineasa lasmuigh in Éirinn.

“Tá €2m mar chuid dár n-infheistíocht in 2026 chun tacú le cothabháil leanúnach agus tacaithe gaolmhara i níos mó ná 200 suíomh áineasa ar fud na tíre. Ina theannta sin, tá €1.1m á chur ar fáil chun tacú le forbairt áiseanna fóillíochta nua agus uasghráduithe ar áiseanna atá ann cheana ag 20 suíomh ar fud Éireann.”

Seo roinnt samplaí de na háiseanna nua áineasa atá á maoiniú inniu:

  • Páirc na Coille, Co. an Chláir: Oibreacha feabhsúcháin ar charrchlós agus uasghrádú ar 1.4km den chonair. €90,000.
  • Páirc Foraoise na Cora, Co. Luimnigh: Athnuachan an bhóthair isteach sa Pháirc Foraoise. €280,000.
  • Coill Bhéal Leice, Co. Mhaigh Eo: Na chéad ghnéithe súgartha a shuiteáil mar chuid de chonair shúgartha coille nua. €105,000.
  • Coill na Lathach, Co. Thiobraid Árann: Athnuachan droichid portaigh. €60,000.
  • Coill Mhuine Mheá, Co. na Gaillimhe: Oibreacha feabhsúcháin ar charrchlós agus uasghrádú ar chonair. €76,000.
  • Páirc Foraoise Dhún an Rí, Co. an Chabháin: Áiseanna leithris a nuachóiriú. €82,000.

Is féidir teacht ar liosta iomlán na n-áiseanna atá á gcothabháil agus ar shuímh na n-oibreacha nua anseo.

Lean an tAire ar aghaidh:

Ní féidir linn róbhéim a leagan ar thionchar dearfach an áineasa lasmuigh ar ár sláinte fhisiciúil agus mheabhrach. Tá ár gcomhpháirtíocht le Coillte ar cheann de na cinn is tábhachtaí agus táim ag súil go mór lena bheith ag oibriú leis an eagraíocht sna míonna amach romhainn chun comhpháirtíocht straitéiseach nua a fhorbairt ó 2027 i leith.

“In éineacht le comhpháirtíochtaí straitéiseacha cosúil leis an gceann seo, tá infheistíocht dhíreach á cur ar fáil ag mo Roinn tríd an Scéim Bonneagair Áineasa Lasmuigh (ORIS).”

Dúirt Imelda Hurley, Príomhfheidhmeannach Coillte:

“Tá fás láidir le feiceáil againn go leanúnach i líon na gcuairteoirí bliain i ndiaidh bliana ar fud ár bhforaoisí áineasa is mó tóir, rud a léiríonn cé chomh luachmhar is atá na foraoisí taitneamhachta seo ag pobail ar fud na hÉireann. Tá an infheistíocht €3.13 milliún seo ón Roinn Forbartha Tuaithe agus Pobail agus Gaeltachta (DRCDG) ríthábhachtach chun a chinntiú gur féidir linn leanúint ar aghaidh ag forbairt agus ag feabhsú na suíomhanna áineasa tábhachtacha seo ar fud na tíre, agus ar an gcaoi sin tacú le forbairt eacnamaíochta tuaithe, agus spásanna inrochtana ar ardchaighdeán a sholáthar do dhaoine chun taitneamh a bhaint astu.

“Is comhpháirtí straitéiseach, fadtéarmach, barrthábhachtach de chuid Coillte é an DRCDG agus ba mhaith liom buíochas a ghabháil leis an Aire Dara Calleary agus lena oifigigh sa Roinn as a dtacaíocht leanúnach. Táimid ag tnúth le leanúint ar aghaidh ag obair i gcomhpháirtíocht leis an DRCDG chun an chéad chlár straitéiseach eile a fhorbairt ó 2027 ar aghaidh agus le tacú le níos mó daoine fós taitneamh a bhaint as na buntáistí iomadúla a bhaineann lenár bhforaoisí ar fud na tíre.

Nótaí don Eagarthóir

Téigh Amach Faoin Aer – Straitéis Náisiúnta Áineasa Faoin Aer 2023 - 2027

Cuirfidh fógra an lae inniu go mór le cur i bhfeidhm Téigh Amach Faoin Aer, Straitéis Náisiúnta Áineasa Faoin Aer 2023-2027 atá ag tacú le forbairt inbhuanaithe an áineasa faoin aer in Éirinn.

Tá comhpháirtíocht straitéiseach le Coillte i bhfeidhm ag an Roinn Forbartha Tuaithe agus Pobail agus Gaeltachta trí Mheabhrán Tuisceana (MT). Aontaítear san MT go gcuirfear €15 milliún ar fáil do Coillte sa tréimhse 2022-2026 chun feabhas a chur ar áiseanna áineasa ar thailte Coillte agus chun tacú le turasóireacht agus gníomhaíocht eacnamaíoch mhéadaithe i gceantair thuaithe.

Tagann sé seo sna sála ar an chomhaontú cúig-bhliana roimhe seo, lenar cuireadh maoiniú de €11 milliún ar fáil don tréimhse 2017-2021.

Coillte

Tá de fhreagracht ar Coillte, comhlacht foraoiseachta fo-stáit na hÉireann, bainistiú a dhéanamh ar 400,000 heicteár de thalamh a bhfuil an mhórchuid de faoi chrainn. Mar sin, is é an bainisteoir foraoise is mó in Éirinn é. Tá mar aidhm ag Coillte cothromaíocht a aimsiú idir bhuntáistí éagsúla a choillte don aeráid, don dúlra, don adhmad agus do dhaoine, agus na buntáistí sin a chur ar fáil. Is é Coillte an soláthraí is mó d’áineas faoin aer in Éirinn le 260 láthair áineasa foraoise, 12 páirc foraoise agus 6 ionad rothaíochta sléibhe ar fud na tíre.

Tá sonraí faoi mhaoiniú roimhe seo ar fáil sna tuarascálacha bliantúla arna ndéanamh ag Coillte, tuarascáil 2025 san áireamh atá ar fáil ar shuíomh gréasáin na Roinne ag: https://www.gov.ie/en/policy-information/fd0c9f-outdoor-recreation-infrastructure-scheme/.

Is ann don fhoirm seo d’aiseolas, agus sin amháin, a bhaineann leis an leathanach reatha.

Ná cuir faisnéis phearsanta ná airgeadais san áireamh.

Chun gov.ie a fheabhsú, déanfar anailís ar an bhfaisnéis a chuireann tú isteach agus ní thabharfar freagra uirthi ar bhonn indibhidiúil.

Conas mar a bhí d’eispéireas ar an leathanach reatha? (ag teastáil)

Tá 400 carachtar fágtha agat