Breis is €485,000 fógartha ag an Aire Calleary chun conairí siúil agus fánaíochta a uasghrádú ar fud cheantair thuaithe na hÉireann

Cuardaigh ar fad gov.ie

Preasráitis

Breis is €485,000 fógartha ag an Aire Calleary chun conairí siúil agus fánaíochta a uasghrádú ar fud cheantair thuaithe na hÉireann

  • Infheistíocht chun feabhas a chur ar 52 chonair arna liostú ar Scéim Siúlóidí na Roinne
  • Maoiniú chun conairí a athdhromchlú, a atreorú agus a fheabhsú i bpobail tuaithe
  • An Roinn i mbun oibre le breis is 2,900 úinéir talún chun an tuath a oscailt do shiúlóirí, turasóirí agus teaghlaigh

Inniu (Déardaoin, 21 Bealtaine 2026) d’fhógair an tAire Forbartha Tuaithe agus Pobail agus Gaeltachta, Dara Calleary TD, go ndéanfar tuilleadh infheistíochta de bhreis is €485,000 in 52 mhiontionscadal caipitil ar chonairí de chuid Scéim na Siúlóidí ar fud na tíre.

Agus béim á leagan ar chonairí atá mar chuid de Scéim Siúlóidí na Roinne, tá an maoiniú seo á chur ar fáil chun na conairí siúil seo a athdhromchlú, a atreorú agus a fheabhsú. De réir Téigh Amach Faoin Aer, an straitéis náisiúnta áineasa faoin aer, dearadh an infheistíocht le cinntiú go ndéantar cothabháil ar na conairí seo lena gcoinneáil ar ardchaighdeán, rud a théann chun tairbhe pobal áitiúil.

Agus an fógra á dhéanamh aige, dúirt an tAire Calleary:

“Is iomaí buntáiste atá i gceist lena bheith ag siúl i gceantair thuaithe áille na hÉireann, don siúlóir agus do phobail áitiúla. Tá réimse leathan conairí ann ar fud na tíre, idir conairí cósta agus conairí coille agus sléibhe, a fhágann gur fusa do shiúlóirí iad féin a thumadh sa dúlra.

“Is cúis áthais dom an maoiniú seo a fhógairt chun tacú le breis feabhais a chur ar na conairí seo de chuid Scéim na Siúlóidí, ionas gur féidir le gach duine tairbhe a bhaint astu.

“Léirítear leis an maoiniú seo go bhfuil rún daingean ag mo Roinn chun obair i gcomhar leis na Cuideachtaí Forbartha Áitiúla, le húinéirí talún, le heagraíochtaí bainistithe conairí agus le grúpaí pobail chun conairí siúil a fhorbairt agus a fheabhsú fud fad na tíre. Ba mhaith liom mo bhuíochas a ghabháil arís leis na húinéirí talún as a dtalamh a chur ar fáil agus leis na grúpaí pobail áitiúla a oibríonn go díograiseach chun na conairí seo a fhorbairt agus a bhainistiú.”

Faoi Scéim na Siúlóidí, tugtar maoiniú réasúnta d’fheirmeoirí agus úinéirí talún eile chun cothabháil a dhéanamh ar na conairí a thrasnaíonn a dtalamh. Tá maoiniú breise á fhógairt inniu i gcomhair mionoibreacha caipitil ar na conairí seo.

Áirítear ar na tionscadail ar éirigh leo:

  • Slí Chonamara, Co. na Gaillimhe – Uasghrádú agus Deisiú na Conaire – €10,000
  • Conair Oidhreachta Chruach Phádraig, Co Mhaigh Eo – Feabhsúcháin ar chonair agus sconsa - €10,000.
  • Slí Dhúiche Ealla, Co Chorcaí – Droichead nua do choisithe, sconsa nua, dreapa trasnaithe agus comhartha eolais a shuiteáil - €10,000.
  • Lúb Choillearnaí Choill Mhic Oilféara, Co. Chill Chainnigh – Uasghráduithe dromchla agus feabhas ar inrochaineacht – €10,000.
  • Lúb Raerainn, an tOileán Mór, Co. Chorcaí – Feabhsúcháin dhromchla le comharthaíocht agus marcanna slí nua á suiteáil – €10,000.
  • Conair Chósta Inbhear Phort Láirge, Co. Phort Láirge – Comharthaíocht um aithint suímh a shuiteáil, bord eolais nua a chur isteach – €10,000.

Is féidir teacht ar liosta iomlán na dtionscadal a ceadaíodh anseo.

Nótaí d’Eagarthóirí

Téigh Amach Faoin Aer, Straitéis Náisiúnta Áineasa Faoin Aer 2023-2027

Óna seoladh i mí na Samhna 2022, tá creat straitéiseach comhoibríoch á chur ar fáil i Straitéis Náisiúnta Áineasa Faoin Aer 2023-2027: Téigh Amach Faoin Aer, arb í an chéad straitéis dá leithéid in Éirinn, chun daingniú agus fás inbhuanaithe na hearnála áineasa faoin aer a éascú.

Faoin Straitéis, forbrófar cur chuige níos comhordaithe i leith an áineasa faoin aer ar leibhéal náisiúnta agus áitiúil trí fhorbairt na bPleananna Contae Áineasa Faoin Aer agus bunú Coistí Contae um Áineas Faoin Aer agus Fóraim Geallsealbhóirí Chontae.

Scéim na Siúlóidí

Is é aidhm Scéim na Siúlóidí ná cabhrú le húinéirí talún príobháideacha chun conairí siúil tábhachtacha a fhorbairt agus a chothabháil. Faoin scéim, cuirtear maoiniú ar fáil d’fheirmeoirí agus úinéirí talún eile chun cothabháil a dhéanamh ar na conairí siúil a thrasnaíonn a dtalamh.

Tá 2,797 bhfeirmeoir agus úinéir talún ag glacadh páirt cheana sa Scéim, atá á hoibriú ag an Roinn Forbartha Tuaithe agus Pobail agus Gaeltachta i gcomhair le cuideachtaí forbartha áitiúla.

Tá an scéim á riar ag 22 Chuideachta Forbartha Áitiúla (CFÁnna) a fheidhmíonn an scéim ina gceantair féin thar ceann na Roinne. Tugtar maoiniú do Chuideachtaí Forbartha Áitiúla freisin i gcomhair bhainistíocht na scéime agus chun na conairí a chothabháil.

Tá an Roinn ag maoiniú 23 Oifigeach Áineasa Tuaithe (OATanna) sna CFÁnna seo, le ranníocaíocht ó Fáilte Éireann, chun tacú leis an Scéim a fheidhmiú agus chun tacú le tiosncnaimh áineasa tuaithe eile ar an leibhéal áitiúil.

Tá ‘ceadú i bprionsabal’ ag 164 chonair le bheith san áireamh i Scéim na Siúlóidí faoi láthair. Go dtí seo, táthar i ndiaidh 138 gconair a thabhairt isteach sa Scéim, agus obair ar siúl chun fuílleach na gconairí a thabhairt isteach a luaithe agus is féidir.

Féach anseo i gcomhair tuilleadh eolais faoi Straitéis Náisiúnta Áineasa Faoin Aer 2023-2027.

Ciste Forbartha Scéim na Siúlóidí

Uasmhaoiniú €10,000 i gcomhair mionoibreacha caipitil ar chonairí lena bhfuiltear ag tacú trí Scéim na Siúlóidí cheana

Is ann don fhoirm seo d’aiseolas, agus sin amháin, a bhaineann leis an leathanach reatha.

Ná cuir faisnéis phearsanta ná airgeadais san áireamh.

Chun gov.ie a fheabhsú, déanfar anailís ar an bhfaisnéis a chuireann tú isteach agus ní thabharfar freagra uirthi ar bhonn indibhidiúil.

Conas mar a bhí d’eispéireas ar an leathanach reatha? (ag teastáil)

Tá 400 carachtar fágtha agat