Cuardaigh ar fad gov.ie

Preasráitis

Ceadaíonn an tAire Calleary €468k do thionscnamh ‘Céad Míle Fáilte’ Chonradh na Gaeilge don tréimhse 2026 agus 2027

  • Tionscnamh nuálach agus spreagúil é Céad Míle Fáilte, a dhíríonn ar phobail nua na hÉireann chun eispéireas Gaeilge a thabhairt dóibh
  • Cuirtear ranganna, ceardlanna, imeachtaí feasachta agus scoláireachtaí chun na Gaeltachta ar fáil do na rannpháirtithe
  • In 2024, bhí rannpháirtithe sa scéim ó chúlraí ar fud na cruinne, ina measc daoine ón Úcráin, ón tSúdáin, ón Tuirc, ón bPalaistín, ó Mheiriceá agus ón Nigéir, i meas a lán tíortha eile

Inniu (Déardaoin, 18 Meán Fómhair 2025) d’fhógair an tAire Forbartha Tuaithe agus Pobail agus Gaeltachta, Dara Calleary TD, go bhfuil maoiniú suas le €467,772 á cheadú aige do thionscnamh ‘Céad Míle Fáilte’ Chonradh na Gaeilge don tréimhse 2026 agus 2027. Díríonn Céad Míle Fáilte ar an leas is féidir le pobail nua-Éireannacha a bhaint as an nGaeilge – i dtaobh thábhacht na teanga, na ndeiseanna breise a bhaineann léi agus i dtaobh imeascadh le sochaí na hÉireann.

Is é cuspóir an fheachtais ná na pobail Nua-Éireannacha in Éirinn a spreagadh leis an nGaeilge a fhoghlaim agus a úsáid mar bhealach chun féiniúlacht Éireannach níos láidre a chothú dóibh féin. Déantar é seo trí shraitheanna de ranganna teanga agus ceardlanna sainspéise a chur ar fáil do ghrúpaí de Nua-Éireannaigh timpeall na tíre agus trí acmhainní teanga a chur ar fáil dóibh le cuidiú leo an teanga a fhoghlaim agus a úsáid.

Ag labhairt dó maidir leis an bpacáiste maoinithe méadaithe, dúirt an tAire Calleary:

Táim thar a bheith bródúil go bhfuil ar chumas mo Roinne tacú le Conradh na Gaeilge leis an bhfeachtas spreagúil seo a chur ar aghaidh. Nuair a thagann daoine chun cónaithe i dtír eile bíonn orthu dul i ngleic le sochaí agus le cultúr nua – teangacha na tíre sin san áireamh. De thoradh an fheachtais seo tabharfar an deis dóibh siúd atá nua in Éirinn léargas a fháil ar thábhacht na Gaeilge dár gcultúr agus dár bhféiniúlacht. Tabharfaidh ‘Céad Míle Fáilte’ deis do Nua-Éireannaigh a bhféiniúlacht Éireannach a láidriú agus páirt níos iomláine a ghlacadh i saol na tíre trí chéile.”

Dúirt Uachtarán Chonradh na Gaeilge, Ciarán Mac Giolla Bhéin:

Tá lúcháir orainn go mbeidh deis ag Céad Míle Fáilte leanúint ar aghaidh leis an obair thábhachtach atá á déanamh againn le 3 bliana anuas. A bhuí le tuilleadh maoinithe ón Roinn Forbartha Tuaithe agus Pobail agus Gaeltachta, beidh an scéim nuálach seo de chuid Conradh na Gaeilge in ann tacú go gníomhach le tuilleadh pobail nua in Éirinn. Cuireann Céad Míle Fáilte ranganna, ceardlanna agus scoláireachtaí Gaeltachta ar fáil d’inimircigh atá ag cur fúthu in Éirinn, rud a chuidíonn le himeascadh sóisialta agus ionchuimsiú cultúrtha do phobail nua. Leis an tacaíocht bhreise seo don chéad dá bhliain eile, beidh an fhoireann in ann leanúint den obair atá idir lámha acu chun eispéireas na Gaeilge a thabhairt do níos mó dár gcomharsana nua.”

Cuireadh tús le feachtas ‘Céad Míle Fáilte’ chun daoine ó chúlraí éagsúla atá ag cónaí in Éirinn anois a mhealladh chun an Ghaeilge a fhoghlaim. Fuair Conradh na Gaeilge maoiniú aon uaire ó Fhoras na Gaeilge in 2022 chun an feachtas seo a reáchtáil an bhliain sin. Tá an Roinn Forbartha Tuaithe agus Pobail agus Gaeltachta á mhaoiniú ó shin. In 2024, bhí rannpháirtithe sa scéim ó chúlraí ar fud na cruinne, ina measc daoine ón Úcráin, ón tSúdáin, ón Tuirc, ón bPalaistín, ó Mheiriceá agus ón Nigéir, i meas a lán tíortha eile.

Is ann don fhoirm seo d’aiseolas, agus sin amháin, a bhaineann leis an leathanach reatha.

Ná cuir faisnéis phearsanta ná airgeadais san áireamh.

Chun gov.ie a fheabhsú, déanfar anailís ar an bhfaisnéis a chuireann tú isteach agus ní thabharfar freagra uirthi ar bhonn indibhidiúil.

Conas mar a bhí d’eispéireas ar an leathanach reatha? (ag teastáil)

Tá 400 carachtar fágtha agat