Cuardaigh ar fad gov.ie

Preasráitis

Maoiniú €300,000 thar thréimhse trí bliana (2025-2028) ceadaithe ag an Aire Calleary do Fighting Words

  • Cuireann an clár oibre atá beartaithe ag Fighting Words le húsáid na Gaeilge i measc daoine óga
  • Tá fócas láidir ag Fighting Words ar an gcóras oideachais fhoirmiúil agus oibríonn siad go dlúth le scoileanna ar gach leibhéaI
  • Le tacaíocht ón Roinn tá Fighting Words ag feidhmiú sna ceantair Ghaeltachta ó 2019, agus ó 2022 i leith i nGaelscoileanna thart timpeall na tíre
  • Maoiniú €300,000 ceadaithe ag an Aire Calleary do chlár Gaeilge Fighting Words don tréimhse trí bliana go 2028

Inniu (Dé Luain, 29 Nollaig 2025) d’fhógair an tAire Forbartha Tuaithe agus Pobail agus Gaeltachta, Dara Calleary TD, go bhfuil €300,000.00 san iomlán á cheadú aige le haghaidh chlár Gaeilge agus Gaeltachta Fighting Words don tréimhse trí bliana as seo go 2028.

Le tacaíocht airgid ón Roinn Forbartha Tuaithe agus Pobail agus Gaeltachta, is tionscadal spraíúil é Fighting Words. Cuireann an clár oibre atá beartaithe ag Fighting Words le húsáid na Gaeilge i measc daoine óga agus le húsáid na Gaeilge sa chóras oideachais – sna ceantair Ghaeltachta agus in ionaid eile thart timpeall na tíre. Leis na tionscadail scríbhneoireachta cruthaithí a reáchtálann siad as Gaeilge – agus cur chuige dearfach taitneamhach i bhfeidhm acu – cruthaíonn siad deiseanna chun an Ghaeilge a úsáid ar bhealaí nua agus suimiúla agus cothaíonn siad dearcthaí dearfacha i leith an teanga.

Agus an maoiniú nua á fhógairt aige, dúirt an tAire Calleary:

‘‘Cuireann Fighting Words teagasc, meantóireacht agus foilsiú saor in aisce ar fáil trí Ghaeilge i ngach seánra scríbhneoireachta cruthaithí do leanaí agus do dhaoine óga. Lonnaithe sa Ghaeltacht agus i mBaile Átha Cliath, bíonn ceardlanna, clubanna, campaí samhraidh agus tograí leabhar á eagrú le scoileanna Gaeltachta, Gaelscoileanna, agus le grúpaí óige is pobail ar fud na tíre, Tuaisceart Éireann san áireamh.

“Is sampla iontach é an obair atá ar siúl ag Fighting Words de na bealaí difriúla ar féidir linn daoine óga a mhealladh i dtreo áilleacht agus shaibhreas na Gaeilge. Ní hamháin go gcothaíonn an tionscadal seo grá don Ghaeilge ach spreagann sé freisin an scéalaíocht agus an tsamhlaíocht i measc ár ndaoine óga; tá mé fíorbhródúil go bhfuil mo Roinn in ann tacú go gníomhach leis an tionscadal breá seo.’’

Dúirt Stiúrthóir Feidhmiúcháin Fighting Words,Colm Ó Cuanacháin:

Tá an-áthas ar Fighting Words an tacaíocht airgeadais seo a fháil ón Roinn Forbartha Tuaithe agus Pobail agus Gaeltachta dár gcuid oibre scríbhneoireachta cruthaithí sa Ghaeltacht agus le daoine óga as Gaeilge ar fud na tíre.

“Tugann ár gcuid oibre ar scéalta buntáistí do leanaí, ní hamháin i dtéarmaí teanga agus foghlama, ach freisin maidir lena muinín, a bhfolláine agus a bhforbairt phearsanta. Neartaíonn sé úsáid na Gaeilge i measc daoine óga freisin.

“Tá sé go hiontach an tacaíocht leanúnach seo a fháil ón Aire na Gaeltachta, i bhfianaise thábhacht na scríbhneoireachta as Gaeilge.”

Is eagraíocht scríbhneoireachta cruthaithí é Fighting Words a bhunaigh Roddy Doyle agus Seán Love i mBaile Átha Cliath in 2009. Is é príomhaidhm na heagraíochta ná cuidiú le daltaí de gach aois a gcuid scileanna scríbhneoireachta a fhorbairt agus a ngrá don scríbhneoireacht chruthaitheach a mhúscailt.

Tugann Fighting Words deiseanna do dhaoine óga a scríbhneoireacht chruthaitheach a fhorbairt sna ceardlanna/campaí/ócáidí a bhíonn a reáchtáil acu ar fud na tíre agus iad go léir saor in aisce. In 2024 reáchtáladh os cionn 1,300 ceardlann/campa/ócáid agus ghlac breis agus 25,000 dalta páirt iontu sin.

Níos túisce i mbliana, sheol an tAire Calleary an leabhair ‘1, 2 Spraoi’ le Fighting Words i mí na Bealtaine in Institiúid Oideachais Ollscoil Chathair Bhaile Átha Cliath (DCU), Coláiste Phádraig i nDroim Conrach. Is tionscadail spraíúil é an leabhar '1, 2 Spraoi' idir Fighting Words, an Roinn Forbartha Tuaithe agus Pobail agus Gaeltachta, an Institiúid Oideachais in Ollscoil Chathair Bhaile Átha Cliath, agus an Chomhairle um Oideachas Gaeltachta agus Gaelscolaíochta (COGG). Bhí deis ag na páistí na scéalta a scríobh agus is sampla iontach é an leabhair ‘1, 2 Spraoi’ de na bealaí difriúla ar féidir daoine óga a mhealladh i dtreo na Gaeilge.

CRÍOCH

Is ann don fhoirm seo d’aiseolas, agus sin amháin, a bhaineann leis an leathanach reatha.

Ná cuir faisnéis phearsanta ná airgeadais san áireamh.

Chun gov.ie a fheabhsú, déanfar anailís ar an bhfaisnéis a chuireann tú isteach agus ní thabharfar freagra uirthi ar bhonn indibhidiúil.

Conas mar a bhí d’eispéireas ar an leathanach reatha? (ag teastáil)

Tá 400 carachtar fágtha agat