Cuardaigh ar fad gov.ie

Preasráitis

Maoiniú os cionn €250,000 ceadaithe ag an Aire Calleary thar tréimhse trí bliana do Chomhchoiste Náisiúnta na gColáistí Samhraidh (CONCOS)

D’fhógair an tAire Forbartha Tuaithe agus Pobail agus Gaeltachta, Dara Calleary TD inniu (Déardaoin, 7 Lúnasa 2025) go bhfuil maoiniú de €254,270 ceadaithe aige do Chomhchoiste Náisiúnta na gColáistí Gaeilge (CONCOS) thar an tréimhse 2025 - 2027 chun a chur ar chumas na heagraíochta a clár oibre a chur i bhfeidhm.

Ó bunaíodh CONCOS i 1968, tá an eagraíocht ag feidhmiú mar scátheagraíocht d’earnáil na gcoláistí samhraidh. Leis an maoiniú atá fógartha ag an Aire Calleary inniu, beidh ar chumas na heagraíochta na gníomhaíochtaí atá leagtha amach ina plean oibre a chur i gcríoch.

Déanann CONCOS feachtasaíocht ar son na gcoláistí Gaeilge agus cuireann an scáthghrúpa seirbhís leanúnach comhairliúcháin ar fáil don earnáil maidir le cúrsaí cosanta leanaí agus cúrsaí sábháilteachta dóiteáin ach go háirithe. Cuireann an eagraíocht tacaíocht ar fáil chomh maith don os cionn 500 teaghlach atá aitheanta faoi Scéim na bhFoghlaimeoirí Gaeilge a sholáthraíonn lóistín do na scoláirí. Tá CONCOS sannta chomh maith mar an eagraíocht a dhéanann grinnfhiosriúchán an Gharda Síochana don éarnáil.

Dúirt an tAire Calleary agus é ag fógairt an deontais:

“Tá áthas orm go bhfuil ar chumas mo Roinne maoiniú a chur ar fáil do Chomhchoiste Náisiúnta na gColáistí Gaeilge thar tréimhse trí bliana eile. Déanann mo Roinn infheistíocht bhliantúil os cionn €6m in earnáil na gcoláistí Gaeilge trí fhoirdheontais do theaghlaigh aitheanta faoi Scéim na bhFoghlaimeoirí Gaeilge. Níl ceist ar bith faoin tábhacht a bhaineann le hearnáil na gcoláistí Gaeilge don Ghaeilge agus don Ghaeltacht. Bhí lúchair orm tiomántas an Rialtais don earnáil a léiriú an tseachtain seo caite nuair a d’fhógair mé ardú deontais do na teaghlaigh agus na Coláistí cónaithe a choinníonn na scoláirí le héifeacht ó thus an tsamhraidh seo. Tá ról lárnach ag CONCOS mar gheallsealbhóir ó thaobh cur chun cinn na hearnála, dár ndóigh, leis an obair luachmhar, riachtanach atá idir lámha acu. Tá áthas orm, dá réir, go bhfuil ar chumas mo Roinne a bheith ábalta tacú leis an obair sin agus leis an earnáil i gcoitinne arís an tseachtain seo. Agus muid ag druidim le deireadh an tseisiúir seo, ba mhaith liom an deis a thapú le tréaslú le gach duine atá ag obair san earnáil, na teaghlaigh Gaeltachta, lucht na gcoláistí, na tiománaithe bus agus na pobail agus coistí áitiúla a chuireann áiseanna ar fáil. Bhí rannpháirtíocht ag an iolamad daoine agus eagraíochtaí áitiúla sa séisiúr ráthúil a bhí againn sa Ghaeltachta i mbliana agus tá moladh mór ag dul do gach duine a bhí bainteach leis.”

Is ann don fhoirm seo d’aiseolas, agus sin amháin, a bhaineann leis an leathanach reatha.

Ná cuir faisnéis phearsanta ná airgeadais san áireamh.

Chun gov.ie a fheabhsú, déanfar anailís ar an bhfaisnéis a chuireann tú isteach agus ní thabharfar freagra uirthi ar bhonn indibhidiúil.

Conas mar a bhí d’eispéireas ar an leathanach reatha? (ag teastáil)

Tá 400 carachtar fágtha agat