Os cionn €2 milliún ceadaithe ag an Aire Calleary don tionscadal ABAIR, Scoil na nEolaíochtaí Teangeolaíochta, Urlabhra agus Cumarsáide i gColáiste na Tríonóide
- Foilsithe: 9 Nollaig 2025
- An t-eolas is déanaí: 10 Nollaig 2025
- Teicneolaíochtaí AI urlabhra agus teanga don Ghaeilge (ASR, TTS) ar an gcaighdeán is airde á bhforbairt
- Comhéadain feidhmchláir (APInna) láidre á dtógáil – ag tacú le seirbhísí poiblí, earnáil an oideachais, agus earnáil na hinrochtaineachta
- Tús curtha le mórshamhlacha urlabhra-bhunaithe teanga (LLManna) a thógáil don Ghaeilge
- Guthanna sintéiseacha nua (abair.ie) agus ardán nua ‘Fotheidil’ seolta ag an Aire (fotheidil.abair.ie)
Inniu, Dé Máirt, 9 Nollaig 2025 ag ócáid i gColáiste na Tríonóide, Baile Átha Cliath d’fhógair an tAire Forbartha Tuaithe agus Pobail agus Gaeltachta, Dara Calleary TD, os cionn €2 milliún, thar thréimhse chúig bliana, don tionscadal ABAIR sa tSaotharlann Foghraíochta agus Urlabhra san Ollscoil. Tá ABAIR dírithe ar réimse teicneolaíochtaí urlabhra agus áiseanna teanga a fhorbairt agus a chur ar fáil do phobal na Gaeilge.
Cuireann suíomh gréasáin ABAIR.ie áiseanna oideachais ar fáil do mhúinteoirí agus d’fhoghlaimeoirí Gaeilge. Baintear úsáid as guthanna ABAIR agus acmhainní teangeolaíochta do shealbhú scileanna labhartha, scríofa, éisteachta agus léitheoireachta.
Thréaslaigh an tAire Calleary le foireann na Saotharlainne Foghraíochta agus Urlabhra i gColáiste na Trionóide as an obair thionscantach atá idir lamha acu, agus dúirt:
“Tá teicneolaíocht agus acmhainní teanga Gaeilge ríthábhachtach lena chinntiú go mbainfidh an teanga tairbhe as an bhféidearthacht a chruthaíonn na teicneolaíochtaí do dhaoine agus iad ag iarraidh an teanga a úsáid agus a fhoghlaim i ngach réimse dá saol. Tá tábhacht faoi leith leis na bunchórais urlabhra agus teanga atá á bhforbairt ag ABAIR, a chuirfidh ar ár gcumas seirbhísí dátheangacha a chur ar fáil do chomhlachtaí poiblí, in earnáil an oideachais, agus in earnáil na hinrochtaineachta”
Ag labhairt di faoin maoiniú nua i gcomhair Abair, dúirt Propast Choláiste na Tríonóide, an Doctúir Linda Doyle:
“Is iontach an fógra seo maidir le maoiniú don tionscnamh ABAIR IV ón Roinn Forbartha Tuaithe agus Pobail agus Gaeltachta a fheiceáil.
“Tugann an maoiniú seo aitheantas don obair thábhachtach agus cheannródaíoch atá ar bun ag foireann taighde ABAIR chun teicneolaíochtaí IS den chéad scoth a fhorbairt don Gaeilge. Trí theicneolaíocht agus teangeolaíocht na Gaeilge a chumasc, tá an fhoireann idirdhisciplíneach seo ag táirgeadh teicneolaíochtaí ardleibhéil atá dílis do struchtúr na teanga, do na canúintí dúchais agus do riachtanais ilghnéitheacha úsáideoirí deiridh.”
Le blianta beaga anuas, tá forbairt déanta ag foireann ABAIR ar áiseanna do dhaoine atá faoi mhíchumas agus daoine a bhfuil deacrachtaí foghlama acu, leithéid Geabaire – córas cumarsáide AAC (le haschur cainte) dóibh siúd gan urlabhra, atá faoi láthair á thástáil le páistí uathacha; agus léitheoir gréasáin dóibh siúd gan radharc.
Ag an ócáid i gColáiste na Tríonóide, sheol an tAire Calleary freisin dhá theicneolaíochtaí urlabhra nua atá forbartha ag ABAIR:
- Guthanna sintéiseacha nua ABAIR:
Glór na nDéise
Glór (fireann) Ghaoth Dobhair
- Fotheidil
Ardán le tras-scríobh uathoibríoch a dhéanamh ar chóid fuaime agus/nó físeáin. Baineann sé úsáid as córas aitheanta cainte ABAIR-ÉIST.
Sa tréimhse cúig bliana amach romhainn, díreoidh ABAIR ar fhorbairtí breise sna teicneolaíochtaí urlabhra agus teanga don Ghaeilge mar aon le mórshamhlacha teanga dúchasacha a fhorbairt.