Cuardaigh ar fad gov.ie

Preasráitis

Freastalaíonn an tAire Calleary ar Sheónna Talmhaíochta i gClár Chlainne Mhuiris agus i Muine Chonalláin

D’oscail an tAire Forbartha Tuaithe agus Pobail agus Gaeltachta, Dara Calleary TD, Seó Talmhaíochta Chlár Chlainne Mhuiris le linn deireadh seachtaine saoire bainc Lúnasa, chomh maith lena bheith i láthair ag Seó Talmhaíochta Mhuine Chonalláin.

Tá tacaíocht á tabhairt ag an Roinn Forbartha Tuaithe agus Pobail agus Gaeltachta i gcomhair seónna talmhaíochta ó 2018 i leith, i gcomhar leis an Irish Shows Association. Tá breis agus €1 milliún tugtha chun tacú le 123 seó do shéasúr 2025, rud a fhágann gurb ionann an maoiniú a leithdháileadh ó 2018 i leith agus €5.3 milliún.

Agus é ag labhairt ag oscailt an tseó i gClár Chlainne Mhuiris, dúirt an tAire Calleary:

"Tá an seó anseo i gClár Chlainne Mhuiris á chur ar siúl le céad bliana anuas. Is éachtach an méid atá ar siúl i mbliana le réimse comórtas agus ranganna idir beostoc agus cócaireacht agus idir eachaíocht agus ceardaíocht. Is fíor go bhfuil rud éigin do gach duine anseo i gClár Chlainne Mhuiris agus is cúis mhór áthais dom a bheith anseo chun seó oifigiúil 2025 a oscailt. Bhí áthas orm freisin go dtabharfaidh mo roinn féin maoiniú de €9,205 i gcomhair seó 2025.”

“Tá le feiceáil sa seó seo an maitheas go léir a bhaineann leis an tsaol i bpobail thuaithe agus, trí “Ár dTodhchaí Tuaithe”, táim tiomanta do thuilleadh tacaíochta a thabhairt do cheantair thuaithe na hÉireann chun a bheith níos inbhuanaithe agus níos athléimnigh amach anseo.”

Tá breis agus €5.3 milliún curtha ar fáil ag an Roinn Forbartha Tuaithe agus Pobail agus Gaeltachta ó 2018 i leith, chun tacú le Seónna Talmhaíochta ar fud na tíre. Ar an iomlán, tá €45,460 faighte ag seó Chlár Chlainne Mhuiris agus €52,980 faighte ag seó Mhuine Chonalláin chun tacú leo sna costais reáchtála leanúnacha a bhaineann leis na himeachtaí seo a óstáil.

Agus é ag labhairt ag an tseó i Muine Chonalláin, dúirt an tAire Calleary:

“Is cúis áthais dom a bheith anseo i Muine Chonalláin agus an 74ú seó ar siúl. Óna bhunú in 1949 i leith, tá an seó ag dul ó neart go neart agus tá sé anois ar cheann de na seónna is fearr sa tír. Ba mhaith liom an coiste ar fad a mholadh, chomh maith leo siúd a oibríonn chun na seónna seo a dhéanamh ina gceiliúradh agus seóthaispeántas iontach den earnáil talmhaíochta agus den mhéid atá ar fáil ann. Bhí mé an sásta go raibh mo roinn in ann €10,700 a chur ar fáil do sheó Mhuine Chonalláin i mbliana.”

Cuireadh tús le seó Mhuine Chonalláin in 1949 agus tá taispeántais ann faoi bhláthanna, cócaireacht, ceardaíocht agus grianghrafadóireacht, gan trácht ar an bheostoc, táirgí feirme, stainníní trádála agus seóléimneach. Is imeacht é atá oiriúnach do theaghlaigh agus tá forbairt tagtha air le blianta beaga anuas, le bannaí ceoil beo ar an pháirc agus seónna aonaigh agus imeachtaí fairsinge do dhaoine de gach aois agus spéis.

Nótaí d’Eagarthóirí:

Is é sprioc na Roinne Forbartha Tuaithe agus Pobail agus Gaeltachta ná forbairt tuaithe agus phobail a chur chun cinn agus tacú le pobail bheoga, chuimsitheacha agus inbhuanaithe ar fud na hÉireann.

Díríonn sí ar athléimneacht pobal agus aontacht shóisialta a neartú, agus tacú le pobail chun gur féidir leo dul i ngleic le dúshláin an lae inniu agus an lae amárach.

Tá an maoiniú á riar ag an Irish Shows Association (ISA). Is é an ISA an foras oifigiúil a dhéanann ionadaíocht thar ceann Seónna Talmhaíochta Éireannacha ar oileán na hÉireann.

An Roinn Forbartha Tuaithe agus Pobail agus Gaeltachta

Anois is é ainm nua na Roinne Forbartha Tuaithe agus Pobail ná an Roinn Forbartha Tuaithe agus Pobail agus Gaeltachta. Is iad na teidil atá ag ár mbeirt Airí ná an tAire Forbartha Tuaithe agus Pobail agus Gaeltachta, Dara Calleary TD agus an tAire Stáit le Freagracht as Forbairt Pobail agus Carthanas, Jerry Buttimer TD. Ba cheart úsáid a bhaint as na teidil thuas agus tagairt á déanamh don Roinn agus do na hAirí as seo amach.