Cuardaigh ar fad gov.ie

Preasráitis

Ciste €20 milliún seolta ag an Aire Calleary chun tacú le hÁineas Lasmuigh i gceantair thuaithe

  • Scéim um Bonneagar Áineasa Lasmuigh ar oscailt anois i gcomhair iarratas
  • Maoiniú spriocdhírithe do phobail Ghaeltachta agus Oileánda
  • Maoiniú feabhsaithe i gcomhair forbairt tionscadail agus cothabháil ar shaoráidí atá ann cheana

Sheol an tAire Forbartha Tuaithe agus Pobail agus Gaeltachta, Dara Calleary TD, an Scéim um Bonneagar Áineasa Lasmuigh 2026-2027 (SBÁL) le €20 milliún ar fáil i gcomhair infheistíochta.

Sheol an tAire an scéim agus é i gCo. Muineacháin ag freastal ar oscailt oifigiúil na bhfeabhsúchán áineasa ar an Oileán Dhubh, Loch Mucnú, ar tionscadal é dár tugadh breis is €500,000 i maoiniú SBÁL in 2022.

Faoin Scéim um Bonneagar Áineasa Lasmuigh, tugtar maoiniú i gcomhair forbairt agus cothabháil ar bhonneagar áineasa lasmuigh i gceantair thuaithe, idir bhonneagar nua agus bonneagar atá ann cheana, agus tacófar leis na céadta tionscadal áineasa lasmuigh ar fud na tíre.

Agus í ar an fhód le deich mbliana anuas, tá níos mó ná €150 milliún infheistithe faoin Scéim go dtí seo ar bhreis is 2,000 tionscadal áineasa ar ár sléibhte, locha, aibhneacha, tránna, gormbhealaí, portaigh, siúláin choille agus ceantair ardtailte.

Agus é ag labhairt ag an tseoladh, dúirt an tAire:

“Is cúis áthais dom go bhfuilim ag fógairt an phacáiste maoinithe shuntasaigh seo, lena leanfar leis an tacaíocht don earnáil áineasa lasmuigh. Leis na tionscadail atá tugtha i gcrích againn le deich mbliana anuas, ní amháin gur thacaigh muid lenár bhfolláine fhisiciúil agus mheabhrach, ach tá borradh curtha againn faoin ngeilleagar i gcuid de na ceantair is áille inár dtír.

“Trí ‘Téigh Amach faoin Aer’, an straitéis náisiúnta áineasa lasmuigh, tá mo Roinn ag obair chun an earnáil áineasa lasmuigh in Éirinn a athrú ó bhonn.

“Ba mhaith liom aitheantas a thabhairt do na sáriarrachtaí atá déanta ag na hoibrithe deonacha agus na coistí ar fad a d’oibrigh leis na príomh-iarrthóirí le deich mbliana anuas chun tionscadail a thabhairt i gcrích ar son ár dtíre agus táim ag súil lena bheith ag leanúint leis an obair libh amach anseo.”

Tacófar le trí phríomhbheart leis an mhaoiniú faoin Scéim um Bonneagar Áineasa Lasmuigh 2026-2027, le maoiniú de €40,000 ar an uasmhéid i gcomhair deisiú, cothabháil, cur chun cinn agus margaíocht ar scála beag faoi Bheart 1. Faoi Bheart 2, tá deontais de €200,000 ar an uasmhéid ar fáil i gcomhair deisiú/cothabháil/uasghrádú agus forbairt conairí/saoráidí nua ar scála meánmhéide. Ar deireadh, tá deontais de €500,000 ar an uasmhéid ar fáil faoi Bheart 3 i gcomhair deisiú/uasghrádú straitéiseach ar scála mór agus forbairt straitéiseach conairí/saoráidí. Ina theannta sin, tacófar le príomh-iarrthóirí faoi Bheart Forbartha Tionscadail (BFT) feabhsaithe chun píblíne de thionscadail atá réidh le tosú a chur ar fáil i gcomhair babhtaí maoinithe amach anseo.

Tá fáilte roimh iarratais ó údaráis áitiúla, cuideachtaí forbartha áitiúla agus forais stáit, i gcomhairle le pobail áitiúla agus de réir moltaí maidir le tionscadail atá ag teacht ó phleananna contae áineasa lasmuigh, atá á bhforbairt ar fud na tíre.

Mar fhocal scoir, dúirt an tAire:

“Táim sásta go bhfuilim ag tabhairt tuilleadh solúbthachta d’údaráis áitiúla agus do chuideachtaí forbartha áitiúla chun maoiniú a chur ar fáil i gcomhair na hoibre réamhfhorbartha atá de dhíth ar thionscadail nua, conairí eachaíochta san áireamh, agus go bhfuilim ag tabhairt cead i gcomhair iarratas breise ar thionscadal ó cheantar Gaeltachta nó Oileánda amháin ó gach contae de réir mar is cuí. Tá soiléire tugtha agam freisin ar an ról a d’fhéadfadh a bheith ag an scéim seo ó thaobh oibreacha cothabhála caipitil a dhéanamh ar shaoráidí atá ann cheana.

“Táim ag súil le fógra a dhéanamh faoi na tionscadail a n-éireoidh leo faoin chiste seo in am trátha agus mholfainn d’aon ghrúpa a bhfuil tionscadal ar leith ar intinn acu teagmháil a dhéanamh lena n-údarás áitiúil nó a gcuideachta forbartha áitiúla, a bheidh sásta cabhrú leo.”

Nótaí don Eagarthóir

Beidh an Scéim um Bonneagar Áineasa Lasmuigh 2026-2027, le leithdháileadh €20 milliún, ina tacaíocht i gcomhair forbairt agus cothabháil tionscadail áineasa ar fud na tíre.

Tá maoiniú ar fáil faoi cheithre bheart;

  • Beart 1: Deisiú/Cothabháil/Forbairt/Cur chun Cinn agus Margaíocht ar Scála Beag (Méid na nDeontas: €40,000 ar an uasmhéid)
  • Beart 2: Deisiú/Cothabháil/Uasghrádú agus Forbairt Conairí/Saoráidí Nua ar Scála Meánmhéide (Méid na nDeontas: €200,000 ar an uasmhéid)
  • Beart 3: Deisiú/Uasghrádú Straitéiseach ar Scála Mór agus Forbairt Straitéiseach Conairí/Saoráidí Nua (Méid na nDeontas: €500,000 ar an uasmhéid)
  • Beart Forbartha Tionscadail: Costais forbartha i gcomhair Tionscadail Nua (Méid na nDeontas: athraitheach, le huasmhéid iomlán de €100,000 in aghaidh an údaráis áitiúil nó €70,000 in aghaidh na cuideachta forbartha áitiúla)

An Ghaeltacht agus na hOileáin:

  • Is féidir le húdaráis áitiúla Beart Forbartha Tionscadail amháin eile a chur isteach i gcomhair tionscadal lena mbaineann luach de €50,000 ar an uasmhéid má tá oileáin amach ón chósta nó ceantair Ghaeltachta faoina choimirce.
  • Is féidir le húdaráis áitiúla iarratas breise amháin a chur isteach faoi Bheart 1 má tá oileáin amach ón chósta nó ceantair Ghaeltachta faoina choimirce.

Gné Nua in 2026:

  • Is féidir le húdaráis áitiúla iarratas breise amháin lena mbaineann luach de €50,000 ar an uasmhéid a chur isteach ar mhaithe le tacú leis an obair réamhfhorbartha atá riachtanach chun conairí eachaíochta/cosáin mharcaíochta a fhorbairt. Tá seo á chur ar fáil chun líon na n-áiseanna seo a mhéadú ar bhealach spriocdhírithe.

Dúnfar na hiarratais faoi Bheart 1 agus an BFT ar an 25ú Meán Fómhair, agus glacfar le hiarratais ar bheart 2 agus 3 go dtí an 15ú Nollaig.

Is ann don fhoirm seo d’aiseolas, agus sin amháin, a bhaineann leis an leathanach reatha.

Ná cuir faisnéis phearsanta ná airgeadais san áireamh.

Chun gov.ie a fheabhsú, déanfar anailís ar an bhfaisnéis a chuireann tú isteach agus ní thabharfar freagra uirthi ar bhonn indibhidiúil.

Conas mar a bhí d’eispéireas ar an leathanach reatha? (ag teastáil)

Tá 400 carachtar fágtha agat