Cuardaigh ar fad gov.ie

Preasráitis

Leagan digiteach de 'An Gaodhal' seolta ag an Aire Calleary in Ollscoil na Gaillimhe

  • Tionscadal seachadta ag Ollscoil na Gaillimhe agus maoinithe ag An Roinn Forbartha Tuaithe agus Pobail agus Gaeltachta
  • Seolann an tAire Calleary uirlis nua OCR don Ghaeilge freisin

Sheol an tAire Forbartha Tuaithe agus Pobail agus Gaeltachta, Dara Calleary TD, leagan digiteach inniu de An Gaodhal, ceann de na nuachtáin Gaeilge is tábhachtaí ó dheireadh an naoú céad déag.

Chuir an Roinn maoiniú dár luach €47,000 ar fáil do Ollscoil na Gaillimhe, chun digitiú a dhéanamh ar chnuasach iomlán An Gaodhal (1881–1898), nuachtán dátheangach Gaeilge-Béarla a bhunaigh Micheál Ó Lócháin i Nua-Eabhrac agus arb as Co. na Gaillimhe ó dhúchas é. Rinneadh an tionscadal a chómhaoiniú ag Fondúireacht Robert David Lion Gardiner, Institiúid Éireannach Nua-Eabhrac, Glucksman Ireland House, Ollscoil Nua-Eabhrac agus Ollscoil na Gaillimhe.

Tacaíonn tionscadal taighde An Gaodhal le spriocanna an Phlean Dhigitigh don Ghaeilge, a bhfuil sé mar aidhm aige a chinntiú go dtacaítear go hiomlán leis an nGaeilge sa domhan digiteach agus go bhfuil sonraí teanga ar ardchaighdeán ar fáil lena n-úsáid amach anseo. Mar chuid den tionscadal seo, forbraíodh teicneolaíocht nua Aithint Optúil Carachtar (OCR/ Optical Character Recognition) chun an seanchló Gaelach a léamh go cruinn, rud a bhí ina dhúshlán do thaighdeoirí le fada an lá.

Cuirfear an nuachtán digitithe agus na hacmhainní gaolmhara ar fáil go hoscailte, ionas go mbeidh mic léinn, taighdeoirí agus an pobal trí chéile in ann an t-ábhar seo a scrúdú agus staidéar ceart a dhéanamh air den chéad uair.

Tá An Gaodhal ar fáil ar líne agus is féidir breathnú air ANSEO

Ag labhairt dó ag an seoladh in Ollscoil na Gaillimhe, dúirt an tAire Calleary TD:

“Léiríonn an tionscadal seo an bealach ar féidir linn an teicneolaíocht nua-aimseartha a úsáid chun an Ghaeilge a chosaint agus a neartú. Trí ‘An Gaodhal’ a chur ar líne i bhformáid dhigiteach, táimid ag oscailt suas stair teangeolaíocht agus cultúrtha na teanga do lucht féachana nua.

“Is iontach an rud é freisin gur forbraíodh uirlis nua OCR don Ghaeilge de thoradh na hoibre a rinneadh ar an tionscadal seo; tá forbairtí dá leithéid seo ag teacht go dlúth le ceann de chuspóirí mo Roinne i dtaobh áiseanna nuatheicneolaíochta a bheith á gcruthú don Ghaeilge ionas go mbeidh sí gob ar ghob le teangacha nua-aimseartha an domhain.”

Dúirt comhalta taighde an tionscadail, an Dr Deirdre Ní Chonghaile:

“Tá Gaeilge agus Béarla taobh le taobh ar leathanaigh an nuachtáin chomh maith le canúintí éagsúla agus litriú réamhchaighdeánach Gaeilge agus beagnach 1.8 milliún focal ar fad. De bharr toirt agus éagsúlacht an ábhair sin, ba thréine na fearais digiteacha a d’fháiscfí as.”

Dúirt an Dr Ní Chonghaile freisin:

“Tá fáilte roimh chách leas a bhaint as na samhlacha a chruthaítear ar Transkribus saor in aisce. Anois agus trí shamhail OCR don Ghaeilge ar fáil (d’fhoilsigh Gerard Farrell an tríú ceann in 2023), is fada linn go bhfeicfimid iad á gcur i bhfeidhm ar théacsanna éagsúla. Agus leagan inchuardaithe digiteach de An Gaodhal á eisiúint, léirítear mar a chuidíonn an teicneolaíocht linn cothrom na Féinne a thabhairt do phobail éagsúla teanga agus d’fhoinsí stairiúla a bhaineann le cách.”

Nóta don Eagarthóir

Plean Digiteach don Ghaeilge, Teicneolaíochtaí Urlabhra agus Teanga, 2023-2027

Sa Phlean Digiteach don Ghaeilge cuirtear fís i láthair faoin tslí a bhféadfaí teicneolaíocht digiteach urlabhra agus teanga a fhorbairt don Ghaeilge. Mínítear an taighde agus an fhorbairt atá riachtanach, agus tugtar léirmheas ar an méid atá déanta go dtí seo.

Tá an bhéim ar an teanga bheo agus ar na teicneolaíochtaí a chuideoidh le daoine an teanga a fhoghlaim agus a úsáid i ngach réimse dá saol. Tá sé mar bhunphrionsabal don Phlean, go gcuirfear na teicneolaíochtaí agus na háiseanna bunaithe orthu ar fáil go forleathan do phobal na Gaeilge.

Is ann don fhoirm seo d’aiseolas, agus sin amháin, a bhaineann leis an leathanach reatha.

Ná cuir faisnéis phearsanta ná airgeadais san áireamh.

Chun gov.ie a fheabhsú, déanfar anailís ar an bhfaisnéis a chuireann tú isteach agus ní thabharfar freagra uirthi ar bhonn indibhidiúil.

Conas mar a bhí d’eispéireas ar an leathanach reatha? (ag teastáil)

Tá 400 carachtar fágtha agat