Cuardaigh ar fad gov.ie

Preasráitis

Osclaíonn an tAire Calleary Tionscadal Athnuachana Shráidbhaile Ó Méith

  • Athnuachan chroílár shráidbhaile Ó Méith le hinfheistíocht beagnach €3 mhilliún ón Roinn Forbartha Tuaithe agus Pobail agus Gaeltachta.
  • Cruthaíodh spás teachta ardchaighdeáin ón mbealach glas ar an gcé.
  • Spás comhroinnte nua agus crios tosaíochta do choisithe leis an mbealach glas trí shráidbhaile Ó Méith.
  • Soláthraíodh oibreacha maolaithe tráchta don R173 agus spreagfar gníomhaíocht choisithe.

Inniu, Dé Máirt, an 22 Iúil, d’oscail an tAire Forbartha Tuaithe agus Pobail agus Gaeltachta, Dara Calleary TD, na hoibreacha a rinneadh mar chuid de Straitéis Athnuachana Shráidbhaile Ó Méith faoin gCiste Athnuachana agus Forbartha Tuaithe (CAFT).

Áiríodh leis na hoibreacha athnuachan agus athbheochan lár shráidbhaile Ó Méith agus soláthraíodh ann spás comhroinnte nua, crios tosaíochta do choisithe agus nasc feabhsaithe le Glasbhealach Mór an Oirthir.

Tacaíonn an tionscadal le forbairt an tsráidbhaile mar cheann scríbe ar an mbealach glas, ag mealladh úsáideoirí chuig lár an tsráidbhaile, ag éascú cruthú gnólachtaí áitiúla a dhíríonn ar chuairteoirí agus ag cur le fás sóisialta agus eacnamaíoch inbhuanaithe foriomlán Ó Méith.

Tá an scéim á maoiniú ag an Roinn Forbartha Tuaithe agus Pobail agus Gaeltachta, faoin gCiste Athbheochana agus Forbartha Tuaithe (CAFT) agus Comhairle Chontae Lú.

Ag labhairt ag an imeacht, dúirt an tAire Dara Calleary:

“Tá áthas orm gur éirigh le mo Roinnse infheistíocht de bheagnach €3 mhilliún a dhéanamh, tríd an gCiste Athbheochana agus Forbartha Tuaithe, sa tionscadal seo a spreagfaidh fás sóisialta agus eacnamaíoch tríd an sráidbhaile a shocrú chun leas a bhaint as an méadú ar líon na gcuairteoirí feadh Ghlasbhealach Mór an Oirthir agus cheantar Dhroichead Chaol Uisce. Cuirfidh na hoibreacha seo go mór le tairiscint turasóireachta an bhaile mar bhonn le haghaidh taiscéalaíochta ar Leithinis Chuaille.

“Déanaim comhghairdeas le Comhairle Chontae Lú agus le comhpháirtithe an tionscadail as an tionscadal seo a chur i gcrích. Is é seo croílár an CAFT – dul i ngleic le tithe folmha agus foirgnimh thréigthe agus beocht nua a chur i lár ár mbailte tuaithe, ag cruthú deiseanna le haghaidh tuilleadh fáis agus forbartha.”

Ag an oscailt oifigiúil, dúirt an Comhairleoir Seán Kelly, Cathaoirleach Chomhairle Chontae Lú:

“Ó na feabhsuithe scéimhe ar an réimse poiblí in Ó Méith go dtí na huasghráduithe bríomhara ar cheantar San Eiléana i nDún Dealgan, agus an áit súgartha nua atá de dhíth go géar i dTearmann Feichín, léirítear sna tionscnaimh seo an chaoi ar féidir le hinfheistíocht straitéiseach spásanna áitiúla a athrú. Léirítear iontu tiomantas leanúnach Chomhairle Chontae Lú timpeallachtaí cuimsitheacha, fáilteacha a thógáil ar fud an chontae. Gabhaim buíochas leis na grúpaí áitiúla agus leis na foirne comhairle a chuir beocht sna tionscadail seo trína ndúthracht.”

Sheachad Comhairle Chontae Lú an scéim faoi stiúir Building Design Partnership Ltd (BDP). Ba é Glas Civil Engineering Ltd. conraitheoir an tionscadail.

Ar a chuairt ar Lú, d’oscail an tAire Calleary áit súgartha agus limistéar áineasa nua i dTearmann Feichín freisin.

Ag labhairt ag oscailt na háite súgartha, dúirt an tAire Calleary:

“Cuirfidh an infheistíocht de bhreis is €200,000 san áit súgartha seo atá de dhíth go géar, faoin Scéim Athnuachana Baile agus Sráidbhaile, áis agus croílár ar fáil don phobal sa cheantar. Dearadh an áit súgartha leis an bpobal san áireamh agus tá súil agam go mbeidh teaghlaigh in ann go leor chuimhneacháin shona a chruthú anseo sna blianta amach romhainn.”