Dúnfort athchóirithe Dhún Canann oscailte go hoifigiúil ag an Aire Calleary

Cuardaigh ar fad gov.ie

Preasráitis

Dúnfort athchóirithe Dhún Canann oscailte go hoifigiúil ag an Aire Calleary

  • Cuirfear feabhas ar thurasóireacht sa cheantar le maoiniú €500,000 chun Dúnfort stairiúil Dhún Canann a fhorbairt agus a athchóiriú
  • Foirgnimh phobail agus áiseanna inrochtana, le hardán amhairc san áireamh, curtha ar fáil

Inniu (Déardaoin, 23 Aibreán 2026) thug an tAire Forbartha Tuaithe agus Pobail agus Gaeltachta, Dara Calleary TD, cuairt ar Chontae Loch Garman chun Dúnfort athchóirithe Dhún Chanann a oscailt go hoifigiúil.

Fuair Comhairle Contae Loch Garman maoiniú €500,000 faoin Scéim um Athnuachan Bailte agus Sráidbhailte 2022, atá á maoiniú ag an Roinn Forbartha Tuaithe agus Pobail agus Gaeltachta, chun Dúnfort stairiúil Dhún Canann a fhorbairt agus a athchóiriú.

Is é a bhí i gceist leis an tionscadal seo ná trí fhoirgneamh a athchóiriú, chun iad a athrú ina láthair fáiltithe, foirgnimh phobail, agus áiseanna leithris inrochtana, ina bhfuil rampaí do chathaoireacha rothaí agus ráillí galbhánaithe. Cuireadh deic dhroichid nua isteach in ionad na seandeice, agus cruthaíodh láthair nua d’ardán amhairc, le táblaí picnic inrochtana, mar chuid den tionscadal freisin. Is áit níos fáiltí í seo don phobal agus do thurasóirí leis an chomharthaíocht uasghrádaithe, soilsiú agus feabhsúcháin ar an chloch dhuirlinge bhunaidh.

Láthair oidhreachta shuntasach í Dúnfort Dhún Canann lena mbaineann luach ollmhór stairiúil, agus a raibh oibreacha uasghrádaithe móra de dhíth uirthi chun a hacmhainn ollmhór turasóireachta a fhorbairt. De bharr na hinfheistíochta seo, athosclaíodh an Dúnfort go sábháilte do thurasóirí agus is féidir le grúpaí pobail agus cuairteoirí úsáid a bhaint as.

Agus é ag labhairt ag an tseoladh oifigiúil, dúirt an tAire:

“Is cúis áthais dom a bheith in ann ceiliúradh a dhéanamh ar athnuachan Dhúnfort Dhún Canann, ar séadchomhartha náisiúnta suntasach é ar an suíomh stairiúil seo ar Rinn Duáin. Leis na céadta bliain anuas, tá an dúnfort seo ina sheasamh mar gharda ar an inbhear.

“De bharr na sároibre a tugadh i gcrích anseo, rinneadh áit shábháilte den suíomh oidhreachta tábhachtach seo, atá anois ina acmhainn luachmhar do ghrúpaí pobail áitiúla, agus is mó an tóir a bheidh ag grúpaí turais agus cuairteoirí idirnáisiúnta air de bharr na hoibre sin.

“Tá Dúnfort Dhún Canann anois ina cheann scríbe riachtanach san oirdheisceart dóibh siúd go léir ar spéis leo oidhreacht mhíleata agus oidhreacht na hÉireann.”

Nótaí don Eagarthóir

An Scéim um Athnuachan Bailte agus Sráidbhailte

Ó seoladh an Scéim um Athnuachan Bailte agus Sráidbhailte, leithdháileadh breis is €210 milliún ar os cionn 1,900 tionscadal. Is tábhachtach an méid atá déanta faoin Scéim chun tacú le pobail bhríomhara inbhuanaithe i mbailte agus sráidbhailte ar fud Éireann.

Tá Scéim 2025 dírithe go príomha ar thionscadail ina bhfuil béim athnuaite ar théarnamh agus athnuachan eacnamaíoch agus sóisialta i lár bailte.

Déantar an Scéim a riar trí na húdaráis áitiúla, nach mór dóibh oibriú go dlúth le pobail agus gnólachtaí áitiúla chun tograí a fhorbairt agus a chur i bhfeidhm. De ghnáth, is iad bailte agus sráidbhailte tuaithe, ina bhfuil cónaí ar níos lú ná 10,000 duine, a fhaigheann maoiniú faoin Scéim. D’fhéadfadh go dtabharfar maoiniú do bhailte móra tuaithe, ina bhfuil suas le 15,000 duine ina gcónaí, más iarratas an-láidir a rinneadh agus ina mbeadh tionchar suntasach ag an tionscadal ar an bhaile sin.

Is ann don fhoirm seo d’aiseolas, agus sin amháin, a bhaineann leis an leathanach reatha.

Ná cuir faisnéis phearsanta ná airgeadais san áireamh.

Chun gov.ie a fheabhsú, déanfar anailís ar an bhfaisnéis a chuireann tú isteach agus ní thabharfar freagra uirthi ar bhonn indibhidiúil.

Conas mar a bhí d’eispéireas ar an leathanach reatha? (ag teastáil)

Tá 400 carachtar fágtha agat