Osclaíonn an tAire Calleary Eispéireas Shackleton i mBaile Átha Í, Co. Chill Dara
- Foilsithe: 10 Deireadh Fómhair 2025
- An t-eolas is déanaí: 10 Deireadh Fómhair 2025
- Is é an músaem an t-aon institiúid atá tiomnaithe do shaol thaiscéalaí mór le rá réigiúin na bpol Ernest Shackleton
- Taispeánfar ann an bailiúchán is suntasaí de chuimhneacháin Shackleton ar domhan
- Ionad turasóireachta den chéad scoth le teicneolaíocht nuálach agus taispeántais tumtha idirghníomhacha
- Costas tionscadail de bheagnach €7 milliún faoin gCiste Athghiniúna agus Forbartha Tuaithe
Inniu, an 10 Deireadh Fómhair 2025, thug an tAire Forbartha Tuaithe agus Pobail agus Gaeltachta, Dara Calleary TD, cuairt ar Bhaile Átha Í, Co. Chill Dara chun Eispéireas Shackleton a oscailt go hoifigiúil, músaem atá tiomnaithe do shaol urghnách taiscéalaí réigiúin na bpol Ernest Shackleton, a rugadh díreach taobh amuigh de Bhaile Átha Í.
Le hathfhorbairt iar-halla an bhaile atá 300 bliain d'aois, leathnaíodh agus nuachóiríodh an foirgneamh chun músaem a thiomnú do dhuine de thaiscéalaithe réigiúin na bpol ba mhó ar domhan.
Taispeántar sa mhúsaem an bailiúchán is suntasaí de chuimhneacháin Shackleton ar domhan agus áirítear leis:
- príomh-ghailearaí agus caifé le spás álainn cuartha atá lán le solas ón síneadh gloine ar chúl.
- síneadh gloine drámatúil i gcruth chnoc oighir;
- urlár atá tiomnaithe do na taiscéalaíochtaí agus lena n-áirítear eispéireas tumtha chun turas a dhéanamh trasna an oighir agus cuairteoirí ag ‘éalú’ ón Endurance atá ag dul faoi agus ag déanamh a mbealach chuig bád tarrthála James Caird.
Ag labhairt ag oscailt Ionad na gCuairteoirí, dúirt an tAire Calleary, ar an gcéad dul síos:
“Tar éis Ionad Oidhreachta Bhaile Átha Í a leathnú agus a nuachóiriú in iar-halla an bhaile atá 300 bliain d’aois, taispeántar an bailiúchán is suntasaí de chuimhneacháin Shackleton ar domhan sa mhúsaem uathúil seo anois. Beidh Éispearas Shackleton ag croílár na turasóireachta i mBaile Átha Í agus tacóidh sé leis an sprioc lár an bhaile a dhéanamh ina áit bhríomhar agus tharraingteach do thurasóirí agus do mhuintir an bhaile araon.”
Ar an dara dul síos, dúirt an tAire:
“Tá áthas orm a fheiceáil go bhfuil spás san áireamh chun deiseanna taighde agus oideachais a chur ar fáil. Tá sé ríthábhachtach go ndéanaimid infheistíocht i dtionscadail mar seo chun a chinntiú go mbeidh lár bailte, cosúil le Baile Átha Í, ina n-áiteanna bríomhara, tarraingteacha agus níos acmhainní le maireachtáil, le hoibriú, le teaghlach a thógáil agus le hinfheistiú iontu.
“Cabhróidh Éispearas Shackleton leis seo a bhaint amach.”
Mar fhocal scoir, dúirt an tAire:
“Tá áthas orm gur éirigh le mo Roinnse maoiniú deontais níos mó ná €5.2 mhilliún a sholáthar don tionscadal seo do Chomhairle Chontae Chill Dara faoin gCiste Athnuachana agus Forbartha Tuaithe.
“Is beart lárnach Rialtais é an Ciste chun tionscadail a sheachadadh ar fud cheantair thuaithe na hÉireann a chuireann acmhainneacht agus athnuachan ár mbailte chun cinn”
Maoiníodh Eispéireas Shackleton faoin gCiste Athnuachana agus Forbartha Tuaithe (CAFT) le leithdháileadh de €5.2 mhilliún. Chuir Comhairle Chontae Chill Dara maoiniú meaitseála de €1.76 mhilliún ar fáil. Bronnadh maoiniú CAFT ar an Músaem faoin gcéad ghlao do thionscadail Chatagóir 1.
Ag an ócáid i mBaile Átha Í inniu, d’fhógair an tAire maoiniú níos mó ná €20.5 milliún
do 30 tionscadal athghiniúna suntasach de chatagóir 2 de chuid CAFT i bpobail thuaithe ar fud na tíre. Áiríodh leis seo leithdháileadh de bhreis is €163,000 i maoiniú do Chomhairle Contae Chill Dara chun na hoibreacha pleanála, dearaidh agus teicniúla tosaigh a dhéanamh agus a chríochnú chun Athghiniúint Chearnóg an Mhargaidh i Mainistir Eimhín a chlaochlú ina réimse poiblí dinimiciúil, ilfheidhmeach agus inrochtana.
Is clár mór infheistíochta caipitil é an Ciste Athbheochana agus Forbartha Tuaithe (CAFT) a bhfuil sé mar aidhm aige tacú le tionscadail mhórscála, uaillmhianacha ar féidir leo forbairt eacnamaíoch agus shóisialta inbhuanaithe a bhaint amach i gceantair thuaithe.
Nótaí don Eagarthóir
An Ciste Athnuachana agus Forbartha Tuaithe
Bunaíodh an Ciste Athnuachana agus Forbartha Tuaithe chun an Cuspóir Straitéiseach Náisiúnta sa Phlean Forbartha Náisiúnta 2018-2027 maidir le Geilleagair agus Pobail Thuaithe Neartaithe a bhaint amach agus tá sé calabraithe freisin chun cuspóirí Ár dTodhchaí Tuaithe, straitéis 5 bliana an Rialtais maidir le forbairt tuaithe, a bhaint amach. Tá an Ciste á riaradh ag an Roinn Forbartha Tuaithe agus Pobail agus Gaeltachta.
Soláthraíonn an Ciste infheistíocht chun tacú le tionscadail oiriúnacha i mbailte agus i sráidbhailte a bhfuil daonra níos lú ná 10,000 acu, agus i gceantair imeallacha.
Lorgaítear gairmeacha ar iarratais ar an gCiste faoi dhá chatagóir. Baineann Catagóir 1 le tionscadail a bhfuil an phleanáil agus na toilithe riachtanacha go léir i bhfeidhm acu agus atá réidh le dul ar aghaidh, agus baineann Catagóir 2 le tionscadail a bhfuil gá le forbairt bhreise agus tionscnaimh a chumasú chun a bheith réidh le haghaidh stádas Chatagóir 1.
Baineann na tionscadail rathúla atá á bhfógairt inniu le Catagóir 2.
Go dtí seo, cuireadh €593 milliún ar fáil faoin gCiste do 243 tionscadal ar fud na hÉireann, le haghaidh tionscadal a chosnaíonn €791 milliún san iomlán.
Tá sonraí iomlána ar fáil anseo.
Ár dTodhchaí Tuaithe
Is é Ár dTodhchaí Tuaithe an polasaí uile-rialtais do cheantair thuaithe na hÉireann do thréimhse 2021-2025. Glactar cur chuige níos straitéisí, uaillmhianaí agus iomlánaíche ann maidir le hinfheistíocht a dhéanamh i gceantair thuaithe agus deiseanna a uasmhéadú dóibh.