Iarratais ar an Chiste um Athghiniúint agus Forbairt Tuaithe (CAFT) i gcomhair Mórthionscadail Chaipitil oscailte ag an Aire Calleary
- Foilsithe: 27 Feabhra 2026
- An t-eolas is déanaí: 27 Feabhra 2026
- Baineann an ghairm seo ar thograí Chatagóir 1 CAFT, baineann sé le mórthionscadail straitéiseacha a bhfuil na ceadanna faoi réir acu agus atá réidh le tosú
- Tá iarratais mhóra á n-iarraidh, le híos-iarratas maoinithe €500,000 suas le huas-iarratas de €10 milliún
- Breis is €614 milliún infheistithe ar fud 273 thionscadal go náisiúnta faoin CAFT go dtí seo
Inniu (Dé hAoine 27ú Feabhra) d’oscail an tAire Forbartha Tuaithe agus Pobail agus Gaeltachta, Dara Calleary TD, an próiseas iarratas don Ghairm ar Thograí Chatagóir 1 faoin Chiste um Athghiniúint agus Forbairt Tuaithe (CAFT).
Le maoiniú faoi Thionscadal Éireann 2040, is eochairbheart é an Ciste um Athghiniúint agus Forbairt Tuaithe lena dtacaítear go díreach le cuspóirí Ár dTodhchaí Thuaithe agus an beartas um Thús Áite do Lár an Bhaile.
Is í príomhaidhm na Gairme seo ná tacú le tionscadail lenar féidir ár mbailte agus sráidbhailte tuaithe a athbheochan, trí na háiseanna agus an t-infreastruchtúr riachtanach a chur ar fáil chun tacú le daoine a mhealladh chun cónaithe, chun oibre agus chun infheistíochta i gceantair thuaithe, agus é de chuspóir againn cinntiú go mbeidh rath ar bhailte, sráidbhailte agus pobail sna blianta amach romhainn.
Faoin Ghairm seo ar thograí, tá fáilte roimh iarratais i gcomhair mórthionscadail chaipitil a bhfuil tábhacht straitéiseach ag baint leo, a bhfuil pleanáil iomlán agus ceadanna eile faoi réir acu, agus atá réidh le tosú.
Agus é ag labhairt inniu, dúirt an tAire Calleary:
“Is cúis áthais dom oscailt na Gairme seo ar Thograí a fhógairt agus fáilte a chur roimh iarratais Chatagóir 1 faoin Chiste um Athghiniúint agus Forbairt Tuaithe.
“Is é CAFT an phríomhscéim mhaoinithe i mo Roinn agus, ó rinneadh Aire díom beagán thar 12 mhí ó shin, is léir a tábhacht ón mhéid atá feicthe agam. Mar thoradh ar infheistíocht CAFT i dtionscadail cosúil le Músaem Shackleton i mBaile Átha Í, Co. Chill Dara, tá athrú ó bhonn tagtha ar bhailte agus sráidbhailte, cruthaíodh cinn scríbe nua do thurasóirí agus forbraíodh moil bhríomhara ina dtagann pobail le chéile.
“Le maoiniú de bhreis is €614m faoin Chiste um Athghiniúint agus Forbairt Tuaithe ó seoladh ar dtús é, is léir a thionchar, agus tá ár bpobail tuaithe athraithe ó bhonn aige.”
Lean an tAire ar aghaidh:
“Is deis nach raibh a leithéid ann riamh do cheantair thuaithe é cumas an Chiste tionscadal den scála agus uaillmhian seo a thabhairt i gcrích.
“Fáiltím roimh thionscadail chomhordaithe chomhoibríocha chomhtháite lena dtabharfar chun críche cuspóirí Ár dTodhchaí Thuaithe, an beartas uile-rialtais i leith forbairt tuaithe inbhuanaithe in Éirinn. Go háirithe, táim ag fáiltiú roimh thionscadail lena ndéanfar ár mbailte agus sráidbhailte tuaithe a athbheochan agus lena gcuirfear na háiseanna agus an t-infreastruchtúr riachtanach ar fáil chun tacú le daoine a mhealladh chun cónaithe, chun oibre agus chun infheistíochta i gceantair thuaithe.”
Agus é ag labhairt faoi oscailt an Chiste freisin, dúirt an tAire Stáit le freagracht as Forbairt Pobail, Jerry Buttimer:
“Is deis gan sárú dár gceantair thuaithe í an Ghairm seo ar Thograí.” Mar Aire Forbartha Pobail, tá feicthe agamsa a thábhachtach atá an infheistíocht chaipitil, lena dtacaítear le tionscadail atá dírithe ar athghiniúint agus forbairt inbhuanaithe ár mbailte agus sráidbhailte. Tá an infheistíocht seo ina spreagadh don rannpháirtíocht áitiúil agus feabhsaíonn sí ár bpobail tuaithe.”
Tá mar aidhm leis an Chiste tacú le tionscadail de mhéid agus tionchar suntasach a bhfuil tábhacht straitéiseach leo. Ina thaobh sin, tá iarratais mhóra á lorg, le híos-iarratas maoinithe de €500,000 agus uas-iarratas de €10 milliún.
Ní mór d’iarratais faoin Chiste a bheith mar thoradh ar phlé cuimsitheach agus rannpháirtíocht phobail, agus a bheith faoi cheannas foras a fhaigheann maoiniú Stáit, lena n-áirítear Údaráis Áitiúla, Cuideachtaí Forbartha Áitiúla agus gníomhaireachtaí Stáit eile, forais Stáit neamhthráchtála san áireamh. Ba cheart go mbeadh cur chuige comhoibríoch idir dhá eagraíocht, ar a laghad, le feiceáil sna tograí faoin Chiste.
Is é an dáta deiridh i leith tograí a fháil ná 12in ar an 28 Iúil 2026. Tá tuilleadh eolais faoin Chiste um Athghiniúint agus Forbairt Tuaithe ar fáil anseo.
Nótaí d’Eagarthóirí
Ár dTodhchaí Thuaithe
Le Ár dTodhchaí Thuaithe, an beartas uile-rialtais i gcomhair forbairt tuaithe inbhuanaithe in Éirinn, glactar cur chuige níos straitéisí, níos uaillmhianaí agus níos iomlánaíche i leith infheistíocht i ndeiseanna do cheantair thuaithe, agus uasmhéadú na ndeiseanna sin, agus i leith cinnte a dhéanamh gur áiteanna mealltacha iad chun cónaí agus oibriú iontu agus teaghlaigh a thógáil iontu.
An Ciste um Athghiniúint agus Forbairt Tuaithe
Cuirtear maoiniú ar fáil faoin Chiste um Athghiniúint agus Forbairt Tuaithe d’fhorbairt agus tógáil tionscadail chaipitil i mbailte, sráidbhailte agus ceantair thuaithe ar fud Éireann. Ar an iomlán, tá €614 milliún curtha ar fáil faoin Chiste i gcomhair 273 thionscadal atá lonnaithe ar fud Éireann.
Tús Áite do Lár an Bhaile
Is mórbheartas tras-rialtais é beartas Tús Áite do Lár an Bhaile a bhfuil mar aidhm leis dul i ngleic le tithe foilmhe, tréigean foirgneamh a chomhrac, agus beocht nua a chur i láir ár mbailte. Tacaíonn an beartas le fís Ár dTodhchaí Thuaithe i leith ceantair thuaithe bhríomhara in Éirinn, atá bunriachtanach dár bhfolláine agus forbairt náisiúnta eacnamaíoch, shóisialta, chultúrtha agus comhshaoil.