Osclaíonn an tAire Calleary Oireachtas na Samhna 2025 i mBéal Feirste
- Foilsithe: 29 Deireadh Fómhair 2025
- An t-eolas is déanaí: 29 Deireadh Fómhair 2025
- Tús oifigiúil curtha le himeachtaí na féile, a mhairfidh go dtí Dé Domhnaigh, 2 Samhain 2025
- Breis agus míle (1,000) duine le páirt a ghlacadh i gcomórtais na féile
- 80 eagraíocht páirteach i mbliana in Aonach an Oireachtais
Inniu, sheol an tAire Forbartha Tuaithe agus Pobail agus Gaeltachta, Dara Calleary TD, Oireachtas na Samhna go hoifigiúil san ionad comhdhála idirnáisiúnta, an ICC i mBéal Feirste. Chuir sé tús oifigiúil le himeachtaí na féile, a mhairfidh go dtí Dé Domhnaigh seo chugainn (2 Samhain 2025). Chuir an tAire fáilte faoi leith roimh phobal na cathrach féin agus roimh na mílte daoine ó phobal na Gaeilge agus ó na ceantair Ghaeltachta atá ag taisteal go Béal Feirste le bheith rannpháirteach i gceiliúradh bliantúil an Oireachtais.
Agus an fhéile á seoladh aige inniu, dúirt an tAire Calleary:
“Is mór an onóir dom a bheith in éineacht libh mar Aire Gaeltachta chun Oireachtas na Samhna 2025 a sheoladh go hoifigiúil anseo i mBéal Feirste cois cuain. Tá an teanga beo agus ag fás i mBéal Feirste agus tá pobal bríomhar Gaeilge anseo sa gcathair. Tá an-áthas orm a bheith ag oscailt an cheiliúrtha fhíorspeisialta anseo inniu.
“Tugann Oireachtas na Samhna deis dúinn theacht le chéile chun ár dteanga a cheiliúradh agus ardán a thabhairt do thraidisiún beo na Gaeilge – ár n-amhráin, ár scéalta agus ár ndamhsa. Tugann an fhéile seo deis do na glúnta, sean agus óg, an stáitse a roinnt le chéile agus nascanna nua a chruthú trí cheol, litríocht, filíocht agus steipeanna. Guím gach rath ar na rannpháirtithe, na ceoltoírí, na múinteoirí, na hamhránaithe, na damhsóirí agus a lucht leanúna ar fad sna comórtais as seo go deireadh na seachtaine.”
Dúirt Uachtarán Oireachtas na Gaeilge, Éamon Ó Cuív:
“Is iontach an rud é go bhfuil ceiliúradh bliantúil na nGael, Oireachtas na Samhna, ar ais anseo i mBéal Feirste cois cuain agus muid ar an taobh ó thuaidh den teorainn den chéad uair ó 1997. Tá na mílte daoine ó áiteanna ar fud na tíre ag triall ar an gcathair agus iad le páirt a ghlacadh in imeachtaí éagsúla na féile.
“Tá an-tacaíocht go deo faighte againn ó na húdaráis anseo – ó Chomhairle Cathrach Bhéal Feiste agus ón Roinn Pobal. Molaim freisin díograis agus dúthracht phobal fuinniúil Gaeilge na cathrach seo ina dtiomantas don fhéile uathúil ealaíne agus pobail seo.”
Chomh maith leis na himeachtaí agus na comórtais stáitse, bíonn na sluaite ag triall freisin ar Aonach an Oireachtais, atá ar siúl i mbliana san ICC. Is deis atá ann dóibh siúd a fhreastalaíonn ar an bhféile bualadh le gnólachtaí, eagraíochtaí, institiúidí agus fiú amháin páirtithe polaitiúla a bhfuil an Ghaeilge tábhachtach dóibh.
Tá 80 eagraíocht le bheith páirteach i mbliana san Aonach i mbliana. Deis atá ann dóibhsean a saothar a chur os comhair phobal an Oireachtais – is iad pobal na Gaeilge an sprioc-mhargadh atá ag a bhformhór.