Osclaíonn an tAire Calleary áiseanna fóillíochta amuigh faoin aer i gContae Chill Chainnigh
- Foilsithe: 25 Meitheamh 2025
- An t-eolas is déanaí: 25 Meitheamh 2025
- Cuireadh maoiniú €400,000 ar fáil do dhá thionscadal thábhachtacha i gCill Channigh
D’oscail an tAire Forbartha Tuaithe agus Pobail agus na Gaeltachta, an tUasal Dara Calleary TD, roinnt áiseanna áineasa i gContae Chill Chainnigh go hoifigiúil inniu (Dé Céadaoin, 25 Meitheamh).
Rinneadh na háiseanna seo a athbheochan le tacaíocht ón Scéim Infreastruchtúr Fóillíochta faoin Aer, a mhaoiníonn an Roinn Forbartha Tuaithe agus Pobail agus na Gaeltachta.
Mar thoradh ar oibreacha athchóirithe i nGairdíní agus Chrannlann Choill Chluain Dúin in Inis Tíog, beidh áis níos inrochtana agus níos cuimsithí ann. Áirítear leis seo athchóiriú ar Chosán Siúlóide 1.5 chiliméadar, suiteáil suíochán atá cairdiúil do dhaoine níos sine, spásanna súgartha nua inrochtana/cuimsitheacha agus soláthar páirceála rothair tiomnaithe. Soláthraíodh maoiniú €200,000 faoin gclár infreastruchtúir don tionscadal seo.
Chomh maith leis sin, faoin Scéim Infreastruchtúr Fóillíochta faoin Aer, cuireadh maoiniú €200,000 ar fáil do Choill Chorclaí. Baineadh úsáid as seo chun an dá shiúlóid lúibe atá ann cheana a athchóiriú agus chun siúlóid lúibe nua atá inrochtana go hiomlán a chruthú le suíocháin atá cairdiúil do dhaoine níos sine agus comharthaíocht uasghrádaithe feadh na gcosán go léir. Maoiníodh rampa rochtana nua chun é a nascadh leis an gcarrchlós agus leis an tírdhreachú freisin.
Ag labhairt inniu i gCill Chainnigh, dúirt an tAire Calleary:
"Trí chistí ar nós an Scéim Infreastruchtúr Fóillíochta faoin Aer, tá maoiniú á chur ar fáil chun ár n-áiseanna faoin aer a fhorbairt agus a fheabhsú. Tá gníomhaíocht faoin aer thar a bheith tábhachtach ní hamháin dár sláinte choirp ach dár bhfolláine mheabhrach chomh maith."
Tá comhpháirtíocht straitéiseach i bhfeidhm ag mo Roinnse le Coillte freisin, atá ag infheistiú €3 mhilliún gach bliain chun tairiscint áineasa Coillte a fhorbairt agus a chothabháil ar fud breis is 250 suíomh ar fud na hÉireann.
Is léiriú soiléir iad na hoibreacha a críochnaíodh sa dá háit seo ar an obair iontach atá ar siúl tríd an Scéim Infreastruchtúr faoin Aer anseo i gCill Chainnigh agus ar fud na tíre fiú. Faoi Scéim 2023, ceadaíodh beagnach €1.2 mhilliún do Chontae Chill Chainnigh le haghaidh 12 thionscadal agus ó 2020 i leith, ceadaíodh maoiniú de bheagnach €4.4 mhilliún do 51 thionscadal sa chontae.
Nótaí don eagarthóir:
An Scéim Infreastruchtúr Fóillíochta faoin Aer 2024/25
Riarann údaráis áitiúla agus cuideachtaí forbartha áitiúla an Scéim ar leibhéal áitiúil. Tabharfar tús áite do thionscadail a bhfuil fianaise iontu ar rannpháirtíocht láidir phobail. Seo a leanas samplaí de ghníomhaíochtaí ar cheart d’iarratasóirí a bheith i gcuimhne acu agus iarratais á gcur isteach acu don Scéim Infreastruchtúr Fóillíochta faoin Aer 2024/25:
Talamh-Bhunaithe |
Uisce-Bhunaithe |
Aer-Bhunaithe |
Spaisteoireacht |
Canúáil/Cadhcáil |
Parafaoileoireacht |
Cnocadóireacht / Siúlóireacht |
Rámhaíocht |
Faoileoireacht foluana |
Rothaíocht Fóillíochta |
Snámh faoin aer lena n-áirítear linnte taoide |
|
Rothaíocht Sléibhte |
Surfáil |
|
Rianta Eachaíochta |
Cóstóireacht |
|
Reathaíocht Riain / Easbhóthair |
Gaothshurfáil/Surfáil Eitleoige |
|
Treodóireacht |
Seoltóireacht |
|
Dreapadóireacht Bollán, Crúbadóireacht, Ailleadóireacht, Sléibhteoireacht |
Tumadóireacht |
Is féidir sonraí faoi thionscadail ar éirigh leo go dtí seo faoin Scéim anseo.