Mol Fiontraíochta Pobail & Spás Cianoibre Bhalla oscailte ag an Aire Calleary
- Foilsithe: 8 Samhain 2025
- An t-eolas is déanaí: 8 Samhain 2025
- Mol Fiontraíochta Pobail & Spás Cianoibre oscailte go hoifigiúil ag an Aire Calleary i mBalla, Co. Mhaigh Eo
- Infheistíocht curtha ar fáil tríd an Scéim um Athnuachan Bailte agus Sráidbhailte chun foirgneamh an tí cúirte a athfhorbairt ina shaoráid bhríomhar sa phobal
Inniu (Dé Sathairn, 8ú Samhain) thug an tAire Forbartha Tuaithe agus Pobail agus Gaeltachta, Dara Calleary TD, cuairt ar Bhalla, Co. Mhaigh Eo, chun an Mol Fiontraíochta Pobail & Spás Cianoibre, arna mhaoiniú ag a Roinn faoin Scéim um Athnuachan Bailte agus Sráidbhailte (SABS), a oscailt go hoifigiúil.
In 2022, fuair Comhairle Contae Mhaigh Eo maoiniú €120,000 faoin SABS i gcomhair tionscadail i mBalla, ar a n-áiríodh athfhorbairt fhoirgneamh folamh an tí cúirte, chun mol fiontraíochta agus spás cianoibre nua a dhéanamh de. Is iad Balla Community Resources Development CLG agus Comhairle Contae Mhaigh Eo a bhí ina gcomhpháirtithe sa tionscadal seo.
Tá an infheistíocht ón SABS sa bhaile seo ag teacht le cuspóirí Ár dTodhchaí Thuaithe agus Tús Áite do Lár an Bhaile maidir le tuilleadh daoine a mhealladh chun cónaí i mbailte tuaithe, chun infheistíocht a dhéanamh iontu agus chun sult a bhaint astu.
Agus é ag labhairt ag an oscailt, dúirt an tAire:
“Is mór an pléisiúr dom a bheith anseo i mBalla chun an Mol Fiontraíochta Pobail & Spás Cianoibre a oscailt go hoifigiúil. Tá an foirgneamh seo greanta sa stair, óna thús mar theach cúirte, ag seasamh mar shiombail den cheartas agus den tseirbhís phoiblí, agus anois tá caibidil nua á tosú aige mar áit cheangail, chomhair agus saothair don phobal; rud a thabharfaidh athchuspóir don spás stairiúil seo. Tá na huirlisí curtha ar fáil dó chun freastal ar riachtanais an phobail áitiúil inniu agus amach anseo.”
Dúirt an tAire an méid seo freisin:
“Is í an aidhm atá agam ná cinntiú go leanann an Scéim um Athnuachan Bailte agus Sráidbhailte lena thionchar fíordhearfach maidir le tacú le fostaíocht inbhuanaithe a chruthú agus athléimneacht agus athnuachan lár baile i mbailte agus sráidbhailte tuaithe na hÉireann.”
Dúirt Cathaoirleach Chomhairle Contae Mhaigh Eo, an Comhairleoir Seán Carey:
“Tá fís ag muintir agus pobal Bhalla chun áit níos mó, níos fearr agus níos dóchasaí a dhéanamh den bhaile, agus is trí chomhar an phobail amháin ar féidir rudaí cosúil leis seo a bhaint amach. Is eiseamláir é Balla ar conas ar féidir le bailte beaga nuálaíocht a spreagadh leis an Mol Fiontraíochta Pobail agus Spás Cianoibre. Ní amháin go dtabharfaidh sé deis do Bhalla fás agus a bheith ina áit spreagúil don tráchtáil, cuireann sé beocht nua i Sean Teach Cúirte Bhalla, rud a thabharfaidh fuinneamh nua d’fhoirgneamh suntasach i stair an Bhaile ar bhealach spreagúil nua-aimseartha.”
Nótaí d’Eagarthóirí
Tá an Scéim um Athnuachan Bailte agus Sráidbhailte (SABS) mar chuid den réimse beartas chun tacú le hathbheochan cheantair thuaithe na hÉireann. Tá an clár á mhaoiniú faoi Thionscadal Éireann 2040 mar chuid d’Ár dTodhchaí Thuaithe, Polasaí Forbartha Tuaithe na hÉireann.
Ó cuireadh tús leis an Scéim in 2016, ceadaíodh beagnach €184 milliún i gcomhair breis agus 1,800 tionscadal ar fud na tíre.
Faoin Scéim um Athnuachan Bailte agus Sráidbhailte 2022, fuair Comhairle Contae Mhaigh Eo maoiniú €120,000 i gcomhair Mol Pobail & Fiontraíochta Bhalla agus Páirc Phobail Choille Bhalla.
Ba é an cuspóir ná athearraíocht a bhaint as an tseanteach cúirte fholamh atá in aice le hIonad Acmhainní Pobail Bhalla agus é a chur in úsáid mar mol pobail agus fiontraíochta agus spás cianoibre. Tá 8 stáisiún oibre le háiseanna coimhdeacha á gcur ar fáil le forbairt an mhoil cianoibre. Rachaidh an láthair nuaforbartha seo chun tairbhe an phobail áitiúil freisin toisc gur féidir le heagraíochtaí, grúpaí agus daoine áitiúla í a úsáid mar sheomra oiliúna agus cruinnithe, rud a dhéanann seomra ilchuspóireach inbhuanaithe de. Tá beocht nua curtha san fhoirgneamh faoin tionscadal seo, le píosa oidhreachta áitiúla anois caomhnaithe do mhuintir Bhalla agus na n-áiteanna máguaird.
Tá an Scéim um Athnuachan Bailte agus Sráidbhailte á riar ag na húdaráis áitiúla thar ceann na Roinne Forbartha Tuaithe agus Pobail agus Gaeltachta.
Lean an nasc seo i gcomhair tuilleadh eolais: An Scéim um Athnuachan Bailte agus Sráidbhailte.