Athosclaíonn an tAire Calleary Páirc Mhic Eoin sa Longfort

Cuardaigh ar fad gov.ie

Preasráitis

Athosclaíonn an tAire Calleary Páirc Mhic Eoin sa Longfort

  • Cuireadh €182,000 ar fáil faoin gCiste Aitheantais Pobail le haghaidh oibreacha uasghrádaithe ar Pháirc Mhic Eoin, Fearnach, Baile an Longfoirt

Inniu, Déardaoin, an 30 Aibreán 2026, d’athoscail an tAire Forbartha Tuaithe agus Pobail agus Gaeltachta, Dara Calleary TD, Páirc Mhic Eoin, Fearnach, Baile Longfoirt, a feabhsaíodh le déanaí.

I mí Feabhra 2025, leithdháileadh €182,096 ar Chomhairle Chontae an Longfoirt faoi Chiste Aitheantais Pobail an Rialtais chun Páirc Mhic Eoin a uasghrádú.

Cuirfidh an pháirc seo asraon sóisialta ríthábhachtach ar fáil, ag tabhairt deis do dhaoine a bheith gníomhach agus nascadh lena chéile. Cuireann an tionscadal seo cuimsiú, folláine agus comhionannas chun cinn do chách agus léirítear tiomantas láidir ann d’fholláine an phobail.

Ag labhairt ag an athoscailt, dúirt an tAire Calleary:

“Tá áthas orm a bheith anseo libh inniu chun athoscailt na páirce seo a cheiliúradh. Tá an pháirc dúnta le 20 bliain anuas, ach anois tá sí ina saoráid bhríomhar agus fháilteach don phobal ar fad taitneamh a bhaint aisti. Le breis is €182,000 i maoiniú ó mo Roinnse faoin gCiste Aitheantais Pobail, chruthaigh an tionscadal seo áit inar féidir le daoine teacht le chéile, imirt agus ceangal a dhéanamh i dtimpeallacht shábháilte agus chuimsitheach. Molaim gach duine a ghlac páirt i dtabhairt an tionscadail seo chun críche. Níl aon amhras orm ach go mbainfidh an pobal ar fad agus na ceantair máguaird taitneamh as an bpáirc seo ar feadh na mblianta fada le teacht.

“Tugadh isteach an Ciste Aitheantais Phobail in 2023 chun aitheantas a thabhairt do na hiarrachtaí ollmhóra a dhéanann pobail chun fáilte a chur roimh dhaoine a thagann go hÉirinn agus iad a thacú. Pobail cosúil leo siúd anseo i mbaile an Longfoirt, áit a ndearnadh iarrachtaí ollmhóra chun daoine nua a mheascadh inár bpobal.”

Cuireadh thart ar €100 milliún ar fáil faoin gCiste Aitheantais Pobail chun tacú le raon tionscadal i sráidbhailte, i mbailte agus i gcathracha ar fud na tíre.

I measc na dtionscadal a fhaigheann tacaíocht tríd an gciste tá athchóiriú áiseanna pobail, cosúil le Páirc Mhic Eoin, chomh maith le spásanna súgartha do leanaí agus spásanna céadfacha, soláthar agus feabhsú conairí áineasa agus áiseanna spóirt, agus tacaíochtaí iompair do phobail ar fud na tíre.

Mar fhocal scoir, dúirt an tAire Calleary:

“Creidim go daingean go spreagfaidh an spás feabhsaithe seo ár ndaoine óga agus an pobal ar fad teacht le chéile, taitneamh a bhaint as, agus spraoi a bheith acu, agus sin é croílár an scéil.

“Níl aon amhras orm ach go mbainfear taitneamh as an bpáirc seo ar feadh na mblianta atá le teacht agus go mbeidh ról lárnach aici i saol an phobail anseo le go mbainfidh cách taitneamh as.”

Nótaí don Eagarthóir

Ciste Aitheantais Phobail

  • “Tugadh isteach an Ciste Aitheantais Phobail in 2023 chun aitheantas a thabhairt do na hiarrachtaí ollmhóra a dhéanann pobail chun fáilte a chur roimh dhaoine a thagann go hÉirinn agus iad a thacú. Leithdháileadh €100 milliún chun tacú le cathracha, bailte agus sráidbhailte ar fud na tíre.
  • Faoi scéim 2023, ceadaíodh 22 thionscadal de chuid Chomhairle Chontae an Longfoirt arbh fhiú os cionn €653,000 iad.
  • Faoi scéim 2024, ceadaíodh os cionn €893,000 do Chomhairle Chontae an Longfoirt le haghaidh 11 thionscadal, rud a fhágann gur leithdháileadh os cionn €1.5 mhilliún do Chomhairle Chontae an Longfoirt ar an iomlán.

Is ann don fhoirm seo d’aiseolas, agus sin amháin, a bhaineann leis an leathanach reatha.

Ná cuir faisnéis phearsanta ná airgeadais san áireamh.

Chun gov.ie a fheabhsú, déanfar anailís ar an bhfaisnéis a chuireann tú isteach agus ní thabharfar freagra uirthi ar bhonn indibhidiúil.

Conas mar a bhí d’eispéireas ar an leathanach reatha? (ag teastáil)

Tá 400 carachtar fágtha agat