Cuardaigh ar fad gov.ie

Preasráitis

Foilsíonn an tAire Calleary Plean Gníomhaíochta um Sheirbhísí Poiblí Gaeilge 2026-2028

  • Plean Gníomhaíochta do 2026-2028 seolta faoin bPlean Náisiúnta um Sheirbhísí Poiblí Gaeilge 2024-2030
  • Bearta tras-Rialtais leagtha amach faoi chúig mhór-théama straitéiseacha
  • Tionscnaimh nua dírithe ar fhorbairt acmhainneachta, feasachta agus scileanna chomh maith le cúrsaí teicneolaíochta agus réimse leathan bearta tacúla
  • Céim thábhachtach chun cinn i dtreo seirbhís phoiblí dhátheangach

D'fhógair an tAire Forbartha Tuaithe agus Pobail agus Gaeltachta, Dara Calleary TD, inniu (Máirt, 20 Eanáir 2026) go bhfuil an Plean Gníomhaíochta do Sheirbhísí Poiblí Gaeilge 2026-2028 ceadaithe ag an Rialtas.

Féachann an Plean Gníomhaíochta seo, atá foilsithe ar shuíomh gréasáin na Roinne, le cur chuige iomlánaíoch, intomhaiste agus praiticiúil a ghlacadh maidir le cur i bhfeidhm an Phlean Náisiúnta um Sheirbhísí Poiblí Gaeilge 2024-2030, a foilsíodh i mí Dheireadh Fómhair 2024.

Thit an fhreagracht fhoriomlán as ullmhú an dá phlean ar an gCoiste Comhairleach um Sheirbhísí Gaeilge, a bunaíodh i mí an Mheithimh 2022 faoi Achtanna na dTeangacha Oifigiúla, 2003 agus 2021. Tá ionadaíocht ag leibhéal sinsearach ag raon leathan eagraíochtaí ó trasna na hearnála poiblí ar an gCoiste seo, lena n-áirítear Ranna Rialtais, an Ghníomhaireacht Bainistíochta Rialtais Áitiúil, Feidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte, an Garda Síochána, agus an soláthraí earcaíochta poistphoiblí.

Tugadh faoi chomhairliúchán agus plé leathan tras-Rialtais agus eile – in ullmhú an Phlean seo – go háirithe mar a bhaineann le croí-sheirbhísí poiblí agus ceantair Ghaeltachta.

Tógadh é freisin ar an taighde luachmhar a rinneadh don Phlean Náisiúnta féin, a léirigh go bhfuil suim shoiléir ann i measc oibrithe san earnáil phoiblí inniúlacht sa Ghaeilge a fheabhsú agus go bhfuil dearcadh dearfach ann i leith na teanga go ginearálta.

Féachann na tionscnaimh crosghearrtha atá sa phlean gníomhaíochta seo le feabhas a chur ar sholáthar seirbhísí poiblí dátheangacha ar fud na tíre – go háirithe i gceantair Ghaeltachta, trí réimse beart éagsúil. Díríonn sé ar struchtúir thacúla a fhorbairt agus cuimsíonn sé bearta atá dírithe ar fhorbairt acmhainne, feasachta agus scileanna chomh maith le cúrsaí teicneolaíochta.

Cuirtear an-bhéim sa Phlean seo ar bhearta bainteach leis an oll-sprioc earcaíochta a bhaint amach, is é sin go mbeidh 20% d’earcaigh chuig comhlachtaí poiblí inniúil i nGaeilge faoi dheireadh 2030.

Mar thoradh ar an obair seo, déanfar normalú ar an nGaeilge agus cuirfear í ag croílár na seirbhíse poiblí, ag cumasú do chainteoirí na teanga í a úsáid agus iad ag déanamh éileamh ar sheirbhísí.

Dúirt an tAire Calleary:

“Is mór an onóir dom é, mar an chéad Aire sinsearach le cúram den Ghaeilge agus den Ghaeltacht le roinnt blianta anuas, an Plean Gníomhaíochta seo a fhoilsiú inniu.

“Ag am nach raibh leibhéal báúlachta agus dearfachta i leith na teanga riamh chomh hard, leagan an plean uaillmhianach seo amach céimeanna soiléire agus intomhaiste tras-Rialtais a bheidh le glacadh sna blianta amach romhainn chun seirbhís phoiblí dhátheangacha, agus go deimhin sochaí dátheangach, iomlán a bhaint amach, i gcomhréir le gealltanais Chlár an Rialtais.

“Cuireann an plean seo tacaíocht agus nuálaíocht i gcroílár na bhforbairtí atá le teacht agus táim ag tnúth le dul chun cinn a dhéanamh ar an obair i gcomhar le mo chomhghleacaithe Rialtais agus páirtithe leasmhara tábhachtacha eile. Is am an-spreagúil é seo don Ghaeilge agus sampla amháin de seo is ea FÍS '26 – comhdháil nua, atá á cur ar bun le tacaíocht ó mo Roinnse, chun daoine óga a thabhairt le chéile le linn Sheachtain na Gaeilge chun cur amach a thabhairt dóibh ar na bealaí éagsúla a bhfuil an Ghaeilge ag múnlú na todhchaí.

“Tacóidh gníomhartha an phlean seo go mór le hobair eile atá le teacht faoin Acht chomh maith, lena n-áirítear córas na gcaighdeán teanga a thabhairt isteach, chomh maith le dualgais eile a bhaineann le hainmneacha, teidil agus seoltaí i nGaeilge a thaifeadadh i gceart agus foirmeacha oifigiúla a bheith ar fáil i nGaeilge nó go dátheangach. Táim ag tnúth le tuilleadh a fhógairt faoi seo go léir go luath.

“Tá an obair seo ag teacht go dlúth chomh maith leis an bpróiseas pleanála teanga, faoinar fhoilsigh mé athbhreithniú neamhspleách a rinneadh ar an bpróiseas go dtí seo inné. Baineann go leor de na moltaí san athbhreithniú sin le feabhas a chur ar sheirbhísí poiblí sa Ghaeltacht. Tar éis an méadú is mó riamh a bhaint amach d'earnáil na Gaeilge agus na Gaeltachta i mBuiséad 2026, infheisteofar €3m breise sa phróiseas pleanála teanga i mbliana.

“Idir an infheistíocht sin agus tionchar an Phlean Gníomhaíochta a foilsíodh inniu, cuirfear dlús leis an bpróiseas seo sa tréimhse amach romhainn freisin."

Is féidir cóip den Phlean Gníomhaíochta do Sheirbhísí Poiblí Gaeilge 2026-2028 a fháil anseo

Nótaí don Eagarthóir

Tá cóip den Phlean Náisiúnta do Sheirbhísí Poiblí Gaeilge 2024-2030, mar aon le heolas faoin bplean, le fáil anseo – GA/EN

Is féidir eolas faoin gCoiste Comhairleach um Sheirbhísí Gaeilge a fháil anseo – GA/EN

Is féidir eolas faoi Achtanna na dTeangacha Oifigiúla, 2003 agus 2021 i gcoitinne a fháil anseo – GA/EN

Is féidir teacht ar fhógraí faoin Acht le déanaí anseo – GA/EN

Tá eolas faoi FÍS'26, an chomhdháil nua Ghaeilge a bheidh á reáchtáil do dhaoine óga san Ionad Comhdhála i mBaile Átha Cliath ar an 12 Márta 2026, le fáil anseo – GA/EN

Tá an PR maidir leis an athbhreithniú neamhspleách ar an bPróiseas Pleanála Teanga agus freagairt na Roinne Forbartha Tuaithe agus Pobail agus na Gaeltachta ina leith le fáil anseo – GA/EN

Buaicphointí an Phlean Gníomhaíochta

1.Tionscnaimh Leathana agus Neartú Struchtúir Reatha

  • Tabhairt faoi staidéir féidearthachta ar an méid seo:
    • bunú mol/clinicí seirbhísí ina gcuirfear seirbhísí lárnacha ar fáil trí mheán na Gaeilge do phobail na Gaeltachta agus do lucht labhartha na Gaeilge taobh amuigh den Ghaeltacht;
    • aonaid seirbhísí poiblí ag feidhmiú trí Ghaeilge a bhunú/a athlonnú go buan sa Ghaeltacht;
    • Seirbhís Chomhroinnte Aistriúcháin a chur ar bun don earnáil phoiblí, na samhlacha oibriúcháin éagsúla a bhféadfaí glacadh leo don tSeirbhís á gcur san áireamh.
  • Leas éifeachtach a bhaint as córas Oifigigh na dTeangacha Oifigiúla ar na bealaí seo:
    • cnuasach de chineálacha sonracha tacaíochta, oiliúna agus acmhainní a chur le chéile d’Oifigigh na dTeangacha Oifigiúla;
    • Ciste Nuálaíochta a chur ar bun ar bhonn trialach agus córas agus searmanas gradam a fhorbairt leis an nuáil a spreagadh i gcomhthéacs fheidhmiú an Achta;
    • líonra faoi leith a bhunú d’Oifigigh na dTeangacha Oifigiúla, nuachtlitir a chur amach gach ráithe agus seimineáir eolais rialta a reáchtáil.

2.Soláthar Seirbhísí Poiblí trí Ghaeilge

  • Cinnte a dhéanamh de go mbeidh seirbhísí poiblí á gcur ar fáil trí Ghaeilge ar comhchaighdeán, ar a laghad, le seirbhísí a chuirtear ar fáil trí Bhéarla, ar na bealaí seo:
    • tacaíochtaí agus acmhainní Gaeilge a fhorbairt mar chuid den obair ghinearálta atá ar bun faoin bPlean Gníomhaíochta chun Seirbhísí Poiblí Níos Fearr a Dhearadh.
    • comhlachtaí poiblí a bhfuil freagrachtaí suntasacha orthu as bheith ag plé go díreach leis an bpobal le measúnú a dhéanamh ar a gcumas go hinmheánach chun tacú le feidhmiú an Achta agus chun struchtúir reatha a neartú nó úinéireacht shoiléir a leagan síos san eagraíocht le go mbainfear torthaí amach go héifeachtach.
    • an clár nuálaíochta teanga in údaráis áitiúla Bhaile Átha Cliath, Gaeilge365, a chur ar fáil i ngach údarás áitiúil ar fud na tíre i gcomhréir le gealltanais i gClár an Rialtais.
  • Bearta a dhéanamh ionas go gcuirfear seirbhísí leochaileacha ar fáil go dátheangach (mar shampla, cúram sláinte, póilíneacht agus leas sóisialta), go háirithe sna Gaeltachtaí agus, trí chonairí reatha isteach ag róil a fhorbairt.
  • Tacaíochtaí a fhorbairt do chomhlachtaí poiblí le go mbeidh siad in ann an cur chuige gníomhach a dhaingniú sa chóras (is é sin nuair a chuirtear seirbhís ar fáil i nGaeilge/go dátheangach gan gá do dhuine a leithéid a lorg).
  • Fadhbanna ó thaobh seoltaí i nGaeilge de a réiteach i gcóras Éirchóid. Leis sin a bhaint amach, beidh príomhpháirtithe leasmhara rannpháirteach go réamhghníomhach san obair, bainfear leas as struchtúir reatha agus, nuair is gá, beidh tacaíocht ann chun struchtúir úra a chur ar bun.
  • Forbairt a dhéanamh ar chóras aontaithe ilphointí teagmhála aitheantais d’oibrithe a bhfuil Gaeilge acu san earnáil phoiblí mar aon le córas aontaithe lena gcuirfí in iúl seirbhísí Gaeilge a bheith ar fáil.
  • Bearta ardaithe feasachta éagsúla a fhorbairt d’fhoirne i gcomhlachtaí poiblí i dtaca le cearta teanga, athrú cultúir in eagraíochtaí, próiseas na pleanála teanga, oibleagáidí faoin Acht chomh maith le huirlisí tacaíochta teicneolaíochta agus eile don Ghaeilge.
  • Comhlachtaí poiblí chun deis a thabhairt don phobal aiseolas a thabhairt i dtaobh a gcuid seirbhísí poiblí Gaeilge/dátheangacha ar bhealach oscailte rúnda a mbeidh teacht ag cách air faoi na caighdeáin teanga.
  • Comhlachtaí poiblí chun comhlíonadh an Achta a shonrú de réir mar a bhainfidh sé sin le dearadh seirbhísí poiblí agus córas gaolmhar mar chuid de phróisis soláthair.

3.An Teicneolaíocht

  • An Ghaeilge a leabú i bhforbairtí ó thaobh na hintleachta saorga de
  • Scéim scoláireachta socrúcháin oibre a chur le chéile i réimse na hintleachta saorga agus na Gaeilge.
  • Tabhairt faoi staidéar féidearthachta le féachaint an bhféadfadh saoránaigh a rogha ó thaobh teanga de (Gaeilge agus/nó Béarla) a chlárú in aon áit amháin le go bhféadfaí an t-eolas sin a úsáid sna seirbhísí poiblí coitianta éagsúla, samhlacha atá á n-úsáid cheana féin á gcur san áireamh.
  • Nuair a bhíonn a leithéid ar fáil, tá comhlachtaí poiblí chun uirlisí profála Gaeilge agus comhéadain Ghaeilge a chur ar fáil go réamhghníomhach dá mbaill foirne ar ríomhairí agus ar fhóin phóca.
  • Físeáin shimplí ghairmiúla a thaifeadadh d’oibrithe san earnáil phoiblí (agus don phobal, gan amhras) bunaithe ar na foclóirí, acmhainní agus uirlisí Gaeilge éagsúla atá ar fáil ar líne.
  • Grúpa oibre teicniúil a chur ar bun chun maoirseacht a dhéanamh ar fheidhmiú na ngnéithe teicniúla éagsúla den Acht agus den Phlean Náisiúnta faoi mar a bhaineann siad sin le príomhsheirbhísí, chomh maith leis an dea-chleachtas a shocrú i dtaca leis an méid sin a scaipeadh ar chomhlachtaí poiblí eile. (Cuireadh an grúpa seo ar bun i nDeireadh Fómhair 2025 agus bhí 3 chruinniú acu ó shin go tráth scríofa. Tá sé beartaithe go mbeidh an obair sin, a oiread agus is féidir, ag teacht le hobair dhigitithe eile a bheidh ar bun san earnáil phoiblí trí chéile, faoin bPlean um Sheirbhísí Poiblí Digiteacha a foilsíodh ar na mallaibh, mar shampla.)

4.Oiliúint, Earcaíocht agus Inniúlacht Teanga

Ó thaobh Oiliúint sa Ghaeilge de:

  • Ball foirne amháin ar a laghad le bheith ag obair mar chóitséalaí Gaeilge i gcomhlachtaí poiblí de réir na gcaighdeán teanga, go háirithe na comhlachtaí poiblí sin a bhfuil freagrachtaí suntasacha orthu as bheith ag plé go díreach leis an bpobal. Cuirfear an oiliúint chuí ar fáil don bhall foirne nó do na baill foirne sin lena leithéid de ról a chomhlíonadh, ar chúrsa creidiúnaithe, agus tabharfaidh an duine nó na daoine sin tacaíocht dóibh siúd a bheidh ag obair i ról a bhaineann leis an nGaeilge agus dóibh siúd a bheidh ag foghlaim na teanga.
  • Comhlachtaí poiblí chun tionscnaimh a chur ar bun chun úsáid agus foghlaim na Gaeilge san ionad oibre a chur chun cinn i measc na foirne. Mar chuid den obair sin, ceapfar Seaimpíní Teanga ar bhonn deonach.
  • Cur le hacmhainneacht OneLearning/an Fhorais Riaracháin ó thaobh na Gaeilge de, struchtúir chuí a chur i bhfeidhm agus plé le páirtithe leasmhara cuí ionas go mbeifear in ann na nithe seo a leanas a fhorbairt níos mó:
    • conairí cuí foghlama Gaeilge do státseirbhísigh agus fostaithe sa tseirbhís phoiblí;
    • modúil ag baint leis an bhfeasacht teanga agus an obair i dtimpeallacht dhátheangach; agus
    • oiliúint sna croíscileanna a chur ar fáil i nGaeilge.
  • Tabhairt faoi staidéar féidearthachta maidir le tréimhsí cónaithe sa Ghaeltacht le bheith mar chuid de chúrsaí oiliúna Gaeilge.
  • An cás a mheas i dtaobh clár socruithe iasachta a chur ar bun leis an deis a thabhairt d’fhostaithe san earnáil phoiblí am a chaitheamh ag obair in oifig phoiblí eile a bhfuil an Ghaeilge mar theanga oibre inti (faoi na treoirphrionsabail sa Bheartas Iasachta don Státseirbhís).
  • Comhlachtaí poiblí chun cúrsaí oiliúna Gaeilge a thairiscint go réamhghníomhach dá gcuid fostaithe agus féachaint le fáil réidh le haon bhacainní a chuirfeadh as do dhaoine freastal ar na cúrsaí sin. Eagrófar searmanas bliantúil gradam d’fhostaithe san earnáil phoiblí a chuirfidh lena n-inniúlacht sa teanga agus a bhainfidh creidiúnú amach de réir CCTE (an Creat Comhchoiteann Tagartha Eorpach le haghaidh Teangacha).
  • Taighde a dhéanamh ar na samhlacha a úsáidtear go hidirnáisiúnta chun fostaithe a mhealladh chun cur lena n-inniúlacht teanga.
  • Forbairt a dhéanamh ar réimse leathan de chláir chuí, de mhodúil/de chúrsaí micridhintiúr agus de thaithí oibre/d’intéirneachtaí/clár fillte ar an obair struchtúrtha agus tacú lena leithéid mar fhreagra ar chuspóirí an Phlean Náisiúnta agus an Achta.
  • Grúpa oibre earnála a chur ar bun chun breathnú ar bhealaí a bhféadfadh an t-oideachas treasach cur leis an obair chun spriocanna na hearnála poiblí faoin bPlean Náisiúnta agus an Acht a bhaint amach.
  • Forbairt a dhéanamh ar thionscnaimh le go mbeidh an deis ag pobail nua in Éirinn Gaeilge a fhoghlaim agus tacú níos mó le tionscnaimh mar sin.
  • Clár téarmeolaíochta do thimpeallachtaí cúraim sláinte go sonrach a fhorbairt.
  • An acmhainneacht reatha don mheasúnú/don chreidiúnú de réir CCTE a mheas agus a neartú más gá.
  • Dul i mbun oibre le go mbeidh curaclaim na Gaeilge ag teacht le CCTE chun caighdeán na Gaeilge labhartha a fheabhsú san oideachas bunscoile, iar-bhunscoile agus tríú leibhéal i gcomhréir le gealltanais i gClár an Rialtais.
  • Beartais nua ag baint leis an oideachas trí mheán na Gaeilge taobh amuigh den Ghaeltacht agus leis an nGaeilge i scoileanna Béarla a fhoilsiú agus a chur i bhfeidhm agus leanúint ar aghaidh leis an tacaíocht do thionscnaimh éagsúla eile ag baint le teagasc na teanga. (Tá sé le tabhairt faoi deara gur foilsíodh an dá bheartas nua atá luaite anseo i mí na Samhna 2025).
  • Cur leis an Scéim Scoláireachta Gaeilge do na hEolaíochtaí Sláinte agus an Scéim a fhorbairt níos mó.
  • Breathnú ar bhealaí chun an Ghaeilge mar theanga ar an gcampas san oideachas tríú leibhéal a fhorbairt agus a neartú.
  • Tacú le comhlachtaí poiblí cuí san aistriú i dtreo na Gaeilge mar theanga oibre oifigí poiblí atá lonnaithe sna Gaeltachtaí i gcásanna nach bhfuil a leithéid i bhfeidhm cheana féin.

Ó thaobh Earcaíochta de:

  • Comhlachtaí poiblí chun an cás a mheas an bhféadfaí ról Oifigeach na dTeangacha Oifigiúla, duine a cheaptar faoi alt 4B den Acht, a shocrú le go mbeadh sé sin ag teacht le ról an Oifigigh Gaeilge agus/nó breathnú ar leibhéal inniúlachta sa Ghaeilge a chur san áireamh sa ról mar Oifigeach na dTeangacha Oifigiúla - faoi réir próisis earcaíochta agus eile cuí.
  • Is é leibhéal B2 ar CCTE a leagfar síos go ginearálta faoi na caighdeáin teanga mar an leibhéal a theastóidh ar a laghad do róil a mbeidh an Ghaeilge i gceist leo. D’fhéadfadh sé go mbeadh éagsúlacht ann ó thaobh inniúlacht labhartha agus scríofa de ag brath ar an ról. Ba chóir a thabhairt ar aire go mb’fhéidir go dteastódh leibhéal C1 ar a laghad i gcás líon beag eisceachtaí.
  • Acmhainní agus tacaíochtaí treorach agus eolais faoi na gairmeacha, cúrsaí, conairí, scoláireachtaí agus folúntais ar fáil dóibhsean a mbeadh inniúlacht sa Ghaeilge acu a chur ar fáil nó a fhorbairt.
  • Comhlachtaí poiblí le réimse de bhearta éagsúla a úsáid chun daoine atá inniúil sa Ghaeilge a earcú go réamhghníomhach agus go háitiúil, go háirithe sna Gaeltachtaí.
  • Acmhainneacht poistphoiblí ó thaobh na Gaeilge de a neartú le go mbeifear in ann bainistíocht éifeachtach a dhéanamh ar na comórtais a éileofar faoi na spriocanna earcaíochta san Acht.
  • Struchtúir, treoir agus próisis inmheánacha FSS a neartú chun tacú le feidhmiú éifeachtach na gceanglas earcaíochta Gaeilge den Acht agus dul i mbun plé go réamhghníomhach le páirtithe leasmhara cuí i gcomhréir leis an maoiniú/leis na hacmhainní ann.
  • Féachaint an bhféadfaí daoine a mbeadh suim acu san obair trí mheán na Gaeilge, ach a mbeadh leibhéal reatha inniúlachta acu níos ísle ná B2 ar CCTE, a earcú/a cheapadh agus tacú leo a n-inniúlacht a fhorbairt go leibhéal B2 ar a laghad.
  • Scéim thrialach a fhorbairt chun tacú le múinteoirí cur lena n-inniúlacht sa Ghaeilge, faoi réir a ceadaithe ag an Roinn Caiteachais Phoiblí agus Athchóirithe.
  • Feachtais náisiúnta agus áitiúla ar mhórscála a reáchtáil ina ndíreofaí ar dheiseanna fostaíochta Gaeilge san earnáil phoiblí. (Tá an obair ar an gcéad fheachtas díobh sin beagnach i gcrích agus táthar lena sheoladh i Meán Fómhair/Deireadh Fómhair 2026 chun bheith ag teacht le hobair eile faoin bPlean Náisiúnta agus faoin Acht).
  • Aonaigh gairmeacha agus painéil a reáchtáil do dhaoine óga ag baint le deiseanna fostaíochta Gaeilge ar leibhéal náisiúnta agus réigiúnach, go háirithe sa Ghaeltacht. (Le tabhairt ar aire: beidh FÍS 2026 ar siúl i mBaile Átha Cliath an 12 Márta 2026 le linn Sheachtain na Gaeilge. Comhdháil úrnua do dhaoine óga atá ann ina gcuirfear an saol dátheangach atá i ndán dúinn san oideachas, i ngairmeacha agus sa phobal os a gcomhair).
  • Comhlachtaí poiblí le haon deiseanna fostaíochta Gaeilge acu a phoibliú mar chuid d’aon phoiblíocht ghinearálta earcaíochta a dhéanfaidh siad, faoi na caighdeáin teanga. Beidh an méid céanna le déanamh ag aon chomhlachtaí poiblí a chuirfidh cúrsaí oideachais nó oiliúna ar fáil.
  • Oiliúint chaighdeánaithe don bhord agallaimh trí mheán na Gaeilge a chur ar fáil do réimse leathan daoine atá incháilithe a bheith ar bhoird agallaimh. Mar chuid den oiliúint sin, beidh treoirlínte soiléire maidir le measúnú na Gaeilge labhartha le linn an agallaimh i gcomhréir le CCTE. Foilseofar liosta de dhaoine a bheidh cáilithe dá réir ansin.
  • Páipéar dea-chleachtais earcaíochta a eisiúint maidir le reáchtáil feachtas earcaíochta do dhaoine a bhfuil Gaeilge acu/earcú oibrithe atá inniúil sa Ghaeilge.
  • Beidh gach comórtas earcaíochta le fógairt go dátheangach nó go hiomlán i nGaeilge.
  • Comhlachtaí poiblí leis na riachtanais ó thaobh na Gaeilge de i bpost/ról a chur san áireamh mar chuid d’fhoirmeacha inmheánacha le poist a líonadh de réir na gcaighdeán teanga faoi na teidil seo a leanas: Gaeilge Riachtanach; foghlaimeofar Gaeilge sa phost; Gaeilge Inmhianaithe; níl aon riachtanas teanga don Ghaeilge ann faoi láthair (níor chóir an rogha dheireanach a úsáid ach go hannamh).
  • Uirlis chomhroinnte teicneolaíochta a chruthú do chomhlachtaí poiblí chun cuidiú leo an leibhéal cumais cuí a shocrú leis an ról a chomhlíonadh de réir CCTE.
  • Féachaint an bhféadfaí uirlis ar líne a fhorbairt chun inniúlacht sa Ghaeilge i gcomhréir le CCTE a mheasúnú.

5.Bailiú Sonraí

  • Comhlachtaí poiblí le ceisteanna ar na nithe seo a leanas a chur ar fhoirmeacha iarratais earcaíochta agus na sonraí cuí a thuairisciú ina dtuarascáil bhliantúil:
    • an leibhéal inniúlachta sa Ghaeilge i gcomhréir le CCTE;
    • suim ag an duine a bheith ag obair trí mheán na Gaeilge;
    • suim ag an duine inniúlacht sa teanga a fheabhsú (más cuí/más gá);
    • cúrsaí/creidiúnú Gaeilge atá déanta roimhe, más cuí.
  • Comhlachtaí poiblí le cuntas a thuairisciú gach bliain ina dtuarascálacha bliantúla ar na nithe seo:
    • an líon oibrithe a earcaíodh/a ceapadh as an nua an bhliain roimhe sin
    • an líon oibrithe a earcaíodh/a ceapadh as an nua an bhliain roimhe sin agus iad inniúil sa Ghaeilge
  • Teimpléad do na ceanglais tuairiscithe ar chomhlachtaí poiblí a eisiúint faoin bPlean Náisiúnta, faoin bPlean Gníomhaíochta agus faoin Acht.
  • Leas a bhaint as tacair sonraí eile (figiúirí Daonáirimh, mar shampla), struchtúir agus taighde mar thacaíocht chun cinntí a dhéanamh bunaithe ar an bhfianaise sa chomhthéacs seo.

Is ann don fhoirm seo d’aiseolas, agus sin amháin, a bhaineann leis an leathanach reatha.

Ná cuir faisnéis phearsanta ná airgeadais san áireamh.

Chun gov.ie a fheabhsú, déanfar anailís ar an bhfaisnéis a chuireann tú isteach agus ní thabharfar freagra uirthi ar bhonn indibhidiúil.

Conas mar a bhí d’eispéireas ar an leathanach reatha? (ag teastáil)

Tá 400 carachtar fágtha agat