Casann an tAire Calleary an fód d’ionad pobail nua €9.3m i Maigh Cuilinn
- Foilsithe: 20 Deireadh Fómhair 2025
- An t-eolas is déanaí: 20 Deireadh Fómhair 2025
- €6 mhilliún ó Chiste Infheistíochta na nIonad Pobail agus €1 mhilliún ón gCiste Tacaíochta Pobail agus Teanga
- Spás pobail den chéad scoth do Mhaigh Cuilinn agus don cheantar máguaird chun tacú leo amach anseo
Inniu, chas an tAire Forbartha Tuaithe agus Pobail agus Gaeltachta, Dara Calleary TD, an fód chun tús a chur le tógáil Ionad Pobail Mhaigh Cuilinn, áis phobail nua do Mhaigh Cuilinn agus don cheantar máguaird.
Cosnaíonn an tionscadal seo €9.3m agus gheobhaidh sé maoiniú €7m ón Roinn Forbartha Tuaithe agus Pobail agus Gaeltachta. Cuirfidh Ciste Infheistíochta na nIonad Pobail €6m ar fáil agus cuirfear €1m eile ar fáil ón gCiste Tacaíochta Pobail agus Teanga.
Infheistíonn Ciste Infheistíochta na nIonad Pobail i bhfeabhsú agus athchóiriú ionaid phobail, chomh maith le forbairt ionaid nua nuair a aithnítear a leithéid de riachtanas. Leithdháileadh €16m ar bhreis is 100 tionscadal i gcontae na Gaillimhe ó bunaíodh Ciste Infheistíochta na nIonad Pobail in 2022.
Ag labhairt inniu i Maigh Cuilinn, dúirt an tAire Calleary:
“Tá áthas orm a bheith anseo inniu i Maigh Cuilinn agus muid ag casadh an fhóid do thosú tógála an ionaid iontach seo. Cuirfidh an tsaoráid phobail seo, lena n-áirítear mol fiontraíochta, go mór le saol an phobail dóibh siúd i Maigh Cuilinn agus sa cheantar máguaird níos leithne.
“Tá mo Roinnse ag cur suas le €7 milliún ar fáil don tsaoráid seo. Cabhróidh an tionscadal seo leis an bpobal a bheith níos inbhuanaithe agus níos acmhainní, agus cuirfidh sé spás ar fáil atá de dhíth go géar do raon grúpaí agus gníomhaíochtaí pobail, chomh maith le fiontair áitiúla sa cheantar Gaeltachta seo, agus neartóidh sé an próiseas pleanála teanga tuilleadh trí spásanna a sholáthar ina gcuirtear imeachtaí agus gníomhaíochtaí Gaeilge chun cinn agus ina spreagtar iad.”
Dúirt Peadar Mac Fhlannchadha, Cathaoirleach Choiste Forbartha Pobail Mhaigh Cuilinn
"Is lá stairiúil é seo do Mhaigh Cuilinn. Faoi dheireadh, feicfidh an pobal tairbhe na hoibre a rinne glúnta dár mbaill a bhí ag iarraidh áiseanna den scoth a sholáthar don cheantar. Ba mhaith linn buíochas ó chroí a ghabháil leis an Aire Calleary, le hÚdarás na Gaeltachta, agus go háirithe leis an bpobal áitiúil as a dtacaíocht"
Duirt Tomás Ó Síocháin, Príomhfheidhmeannach Údarás na Gaeltachta:
"Táimid thar a bheith bródúil as ár gcomhpháirtíocht le Forbairt Pobail Mhaigh Cuilinn agus leis an bpobal áitiúil i dtaca leis an tionscadal tábhachtach seo. Beidh ról lárnach ag an ionad nua seo i bhforbairt eacnamaíoch, shóisialta agus theangeolaíoch Mhaigh Cuilinn."
Mar fhocal scoir, dúirt an tAire Calleary:
“Molaim pobal Mhaigh Cuilinn as a bhfís agus a ndiongbháilteacht agus an tionscadal seo á thabhairt go dtí an chéim seo tar éis blianta fada oibre. Táim ag tnúth go mór le filleadh go luath chun an t-ionad críochnaithe a fheiceáil. Déanfaidh sé athrú mór, gan amhras, i saolta an phobail seo sna glúnta atá le teacht.”
Nótaí
Infheistíonn Ciste Infheistíochta na nIonad Pobail - Bearta um Thógáil Nua in ionaid phobail ilfheidhmeacha nuathógtha le deontas íosta €1,000,000 suas go huasmhéid €6,000,000.
Ceadaíodh 12 thionscadal i mí Aibreáin 2024 le maoiniú gaolmhar níos mó ná €30m.
Tá tuilleadh sonraí faoi na cláir uile a riarann an Roinn ar fáil ar www.gov.ie/drcdg