Fód iompaithe ag an Aire Calleary ar Ionad Pobail nua €1.3 milliún i gCill Ghlas, Co. Shligigh

Cuardaigh ar fad gov.ie

Preasráitis

Fód iompaithe ag an Aire Calleary ar Ionad Pobail nua €1.3 milliún i gCill Ghlas, Co. Shligigh

  • Áis aon stóir nuathógtha 325m2 le tógáil i sráidbhaile Chill Ghlas
  • Maoiniú ó Chiste Infheistíochta na Lárionad Pobail de chuid na Roinne

Inniu (Dé Domhnaigh, 19 Aibreán 2026), d’iompaigh an tAire Forbartha Tuaithe agus Pobail agus Gaeltachta, Dara Calleary TD, an fód chun tús a chur le tógáil ionaid pobail nua i sráidbhaile Chill Ghlas i gCo. Shligigh. Gheobhaidh an tionscadal seo maoiniú de bhreis is €1.2 milliún ón Roinn Forbartha Tuaithe agus Pobail agus Gaeltachta faoi Chiste Infheistíochta na Lárionad Pobail (CILP).

Cuirtear maoiniú ar fáil faoin CILP ar mhaithe le hionaid phobail a fheabhsú agus a athchóiriú, chomh maith le hionaid nua a fhorbairt nuair a aithnítear go bhfuil gá leo. Ó 2022 i leith, cuireadh os cionn €111 milliún ar fáil faoin chiste. Áirítear leis sin breis is €6.1 milliún i gcomhair 50 tionscadal i gCo. Shligigh.

Agus é ag labhairt inniu i gCill Ghlas, dúirt an tAire Calleary:

“Is cúis áthais dom a bheith anseo inniu i gCill Ghlas agus muid ag iompú an fhóid ar an ionad iontach seo. Sa spás pobail nua seo beidh halla pobail ilchuspóra a bheidh oiriúnach do thaibhiú agus spóirt laistigh, urlár spóirt ilúsáide, stáitse taibhithe, áiseanna feistis, agus réimse seirbhísí chun tacú le húsáid an phobail.

“Tá os cionn €1.2 milliún á chur ar fáil ag mo Roinn don áis seo. Beidh réimse gníomhaíochtaí sóisialta, fóillíochta, cultúrtha, cathartha agus oideachais á chur ar fáil faoin tionscadal seo, agus iad bunaithe go háitiúil, in éineacht le deiseanna oibre deonaí, arb í croílár saol pobail í.”

Ar deireadh, dúirt an tAire Calleary:

“Ba mhaith liom tréaslú leis an bpobal anseo i gCill Ghlas, atá chun a n-uaillmhian i leith an tionscadail seo a bhaint amach, le tacaíocht ó Chomhairle Contae Shligigh. Is féidir leis an bpobal a bheith níos inbhuanaithe agus níos athléimní mar gheall ar an bhforbairt seo agus dá barr, beidh spás a raibh géarghá leis ag muintir Cill Ghlas agus ag daoine ó níos faide amach.

“Táim ag súil le teacht ar ais gan mórán moille chun an t-ionad críochnaithe a fheiceáil. Gan amhras beidh sé ina bhunathrú don phobal i gcoitinne do na glúnta amach romhainn.”

Nótaí

Faoi Chiste Infheistíochta na Lárionad Pobail – Beart um Fhoirgneamh Nuathógtha, déantar infheistíocht in ionaid phobail ilfheidhmeacha nuathógtha le híosdeontas de €1,000,000 agus uasdeontas de €6,000,000.

Ceadaíodh 12 tionscadal in Aibreán 2024 lena mbaineann maoiniú de bhreis agus €30m.

Is féidir teacht ar thuilleadh sonraí faoi na cláir go léir atá á riar ag an Roinn ag www.gov.ie/drcdg

Is ann don fhoirm seo d’aiseolas, agus sin amháin, a bhaineann leis an leathanach reatha.

Ná cuir faisnéis phearsanta ná airgeadais san áireamh.

Chun gov.ie a fheabhsú, déanfar anailís ar an bhfaisnéis a chuireann tú isteach agus ní thabharfar freagra uirthi ar bhonn indibhidiúil.

Conas mar a bhí d’eispéireas ar an leathanach reatha? (ag teastáil)

Tá 400 carachtar fágtha agat