Fód iompaithe ag an Aire Calleary ar Ionad Pobail nua €2 milliún i Muine Gall, Co. Uíbh Fhailí
- Foilsithe: 8 Eanáir 2026
- An t-eolas is déanaí: 8 Eanáir 2026
- Áis nuathógtha aon stóir le tógáil ar láithreán úrnua i sráidbhaile Mhuine Gall
- Maoiniú ó Chiste Infheistíochta na Lárionad Pobail de chuid na Roinne
Inniu (Déardaoin, 8 Eanáir 2026), d’iompaigh an tAire Forbartha Tuaithe agus Pobail agus Gaeltachta, Dara Calleary TD, an fód chun tús a chur le tógáil ionaid pobail nua 327 méadar cearnacha i sráidbhaile Mhuine Gall i gCo. Uíbh Fhailí.
Tá an tionscadal seo, lena mbaineann costas de bheagán os cionn €2 milliún, chun maoiniú de bhreis agus €1.8 milliún a fháil ón Roinn Forbartha Tuaithe agus Pobail agus Gaeltachta faoi Chiste Infheistíochta na Lárionad Pobail (CILP).
Cuirtear maoiniú ar fáil faoin CILP ar mhaithe le hionaid phobail a fheabhsú agus a athchóiriú, chomh maith le hionaid nua a fhorbairt nuair a aithnítear go bhfuil gá leo. Ó 2022 i leith, cuireadh os cionn €110 milliún ar fáil chun ionaid a bhí ann cheana a fheabhsú agus a athchóiriú, agus chun áiseanna nua a thógáil nuair a aithníodh go raibh gá leo.
Ó bunaíodh an ciste in 2022 i leith, leithdháileadh breis agus €3.7 milliún ar 47 dtionscadal i gCo. Uíbh Fhailí.
Agus é ag labhairt inniu i Muine Gall, dúirt an tAire Calleary:
“Is cúis áthais dom a bheith anseo inniu i Muine Gall agus muid ag iompú an fhóid chun tús a chur le tógáil an ionaid iontaigh seo. Sa spás pobail nua seo, beidh halla pobail ilchuspóireach, halla mór ócáidí, láthair chistine tráchtála agus réimsí seirbhísí chun borradh a chur faoi úsáid phobail.
“Tá díreach os cionn €1.8 milliún á chur ar fáil ag mo Roinn don áis seo. Beidh réimse gníomhaíochtaí sóisialta, fóillíochta, cultúrtha, cathartha agus oideachais á chur ar fáil faoin tionscadal seo, agus iad bunaithe go háitiúil, in éineacht le deiseanna oibre deonaí, arb í croílár saol pobail í.
“Is é seo an cúigiú ionad pobail nuathógtha a bhfuil fód iompaithe agam ina leith i mbeagán níos mó ná sé mhí, agus táim ag súil go mór le tuilleadh tosach go luath in 2026.
Dúirt Cathaoirleach Chomhairle Contae Uíbh Fhailí, an Comhairleoir John Leahy:
“Ní hamháin tús tionscadail tógála atá i gceist le casadh an fhóid don ionad pobail nua seo do Mhuine Gall—is tús ré nua don sráidbhaile é. Ba mhaith liom aitheantas a thabhairt do dhíograis gach duine a chuidigh leis an tionscadal seo a thabhairt go dtí an chéim seo, agus go háirithe Cumann Forbartha Mhuine Gall, faoi cheannas Henry Healy. Ba mhaith liom buíochas mór a ghabháil freisin leis an Aire Calleary agus a Roinn Forbartha Tuaithe agus Pobail agus Gaeltachta, a chuir an maoiniú deontais ar fáil. Cinntíonn tiomantas na bpáirtithe uile seo go gcuirfidh an t-ionad pobail seo feabhas ní hamháin ar bhonneagar Mhuine Gall ach go neartóidh sé bunús sóisialta agus pobail an tsráidbhaile freisin.”
Dúirt Príomhfheidhmeannach Chomhairle Contae Uíbh Fhailí, an tUasal Anna Marie Delaney:
“Is fianaise é an tionscadal seo ar a bhfuil indéanta nuair a thagann fís, dúthracht agus pobal le chéile. Ba mhaith liom mo bhuíochas a ghabháil leis an Aire Calleary agus a roinn as a dtiomantas don tionscadal seo agus ba mhaith liom buíochas a ghabháil le gach duine a chuir leis an tionscnamh seo a thabhairt go dtí an áit a bhfuilimid inniu agus táimid go léir ag tnúth le dul chun cinn pras na tógála. Ba mhaith liom aitheantas a thabhairt gur tháinig an cistiú meaitseála don tionscadal seo ón gCiste Cánach Maoine Áitiúil.”
Dúirt an tUasal Henry Healy, Cumann Forbartha Mhuine Gall:
“Gabhaimid buíochas ó chroí leis an Roinn Forbartha Tuaithe agus Pobail agus Gaeltachta, leis an Aire Calleary, agus le Comhairle Contae Uíbh Fhailí as a dtacaíocht láidir don tionscadal seo. Beidh an t-ionad pobail saintógtha nua seo claochlaitheach do Mhuine Gall, ag soláthar áiseanna nua-aimseartha a fheabhsóidh deiseanna do gach grúpa pobail, a thacóidh lenár bhfiontair shóisialta chun fostaíocht áitiúil a chothabháil, agus a neartóidh seachadadh gníomhaíochtaí sóisialta, spóirt agus cultúrtha do dhaoine de gach aois. Is infheistíocht mhór í i dtodhchaí ár bpobal.”
Ar deireadh, dúirt an tAire Calleary:
“Ba mhaith liom tréaslú leis an bpobal anseo i Muine Gall, atá chun a n-uaillmhian i leith an tionscadail seo a bhaint amach, le tacaíocht ó Chomhairle Contae Uíbh Fhailí. Is féidir leis an bpobal a bheith níos inbhuanaithe agus níos athléimní mar gheall ar an bhforbairt seo agus dá barr, beidh spás a raibh géarghá leis ag muintir Mhuine Gall agus ag daoine ó níos faide amach.
“Táim ag súil le teacht ar ais gan mórán moille chun an t-ionad críochnaithe a fheiceáil. Gan amhras beidh sé ina bhunathrú don phobal i gcoitinne do na glúnta amach romhainn.”
Nótaí
Faoi Chiste Infheistíochta na Lárionad Pobail – Beart um Fhoirgneamh Nuathógtha, déantar infheistíocht in ionaid phobail ilfheidhmeacha nuathógtha le híosdeontas de €1 milliún agus uasdeontas de €6 milliún.
Ceadaíodh 12 tionscadal in Aibreán 2024 lena mbaineann maoiniú de bhreis agus €30 milliún.
Is féidir teacht ar thuilleadh sonraí faoi na cláir go léir atá á riar ag an Roinn ag www.gov.ie/drcdg.