Iompaíonn an tAire Calleary an fód i gcomhair Ionad Pobail nua €2m i Réileán, Co. Chorcaí
- Foilsithe: 1 Nollaig 2025
- An t-eolas is déanaí: 1 Nollaig 2025
- Tógáil saoráid nua aon stór ar shuíomh úrnua i sráidbhaile Réileáin
- Maoiniú ó Chiste Infheistíochta Ionad Pobail na Roinne
Inniu, (Dé Sathairn, an 29 Samhain) d’iompaigh an tAire Forbartha Tuaithe agus Pobail agus Gaeltachta, Dara Calleary TD, an fód chun tús a chur le tógáil ionad pobail nua i sráidbhaile Réileáin i gCo. Chorcaí.
Gheobhaidh an tionscadal seo, ar chostas iomlán €2m, maoiniú €1.8m ón Roinn Forbartha Tuaithe agus Pobail agus Gaeltachta faoin gCiste Infheistíochta Ionad Pobail.
Soláthraíonn an Ciste infheistíocht chun ionaid phobail a fheabhsú agus a athchóiriú, chomh maith le forbairt ionaid nua má aithnítear an gá sin. Ó 2022 i leith, cuireadh os cionn €110 milliún ar fáil chun ionaid atá ann cheana a fheabhsú agus a athchóiriú agus chun áiseanna nua a thógáil má aithnítear an gá sin.
Ó tugadh isteach an Scéim in 2022, ceadaíodh breis is €10.7 milliún do bheagnach 190 tionscadal ar fud na tíre.
Ag labhairt i Réileán inniu, dúirt an tAire Calleary:
“Tá áthas orm a bheith anseo inniu i Réileán agus muid ag iompú an fhóid do thosú tógála an ionad iontach seo. Beidh halla pobail ilchuspóireach, seomraí cruinnithe, limistéar itheacháin pobail agus réimse seirbhísí san áireamh sa spás pobail nua seo.
“Tá mo Roinnse ag cur suas le €1.8 milliún ar fáil don tsaoráid seo. Sa tionscadal seo cuirfear réimse gníomhaíochtaí sóisialta, áineasa, cultúir, sibhialta agus oideachais ar fáil go háitiúil chomh maith le deiseanna do dhaoine obair dheonach a dhéanamh, atá i gcroílár shaol an phobail.”
Mar fhocal scoir, dúirt an tAire Calleary:
“Molaim an pobal anseo i Réileán a bhainfidh, le tacaíocht ó IRD Dhúiche Ealla, a sprioc amach anois chun an tionscadal seo a fheiceáil ag teacht chun críche. Tacóidh an fhorbairt seo leis an bpobal chun a bheith níos inbhuanaithe agus níos acmhainní agus cuirfear spás a bhfuil géarghá leis ar fáil do mhuintir Réileáin agus níos faide i gcéin.
“Tugaim aitheantas freisin do mo chomhghleacaí sa Roinn, an tAire Stáit Jerry Buttimer, a d’oibrigh go dlúth le IRD Dhúiche Ealla ar an tionscadal seo agus ar thionscadail eile.
“Táim ag tnúth go mór le filleadh go luath chun an t-ionad a fheiceáil agus é críochnaithe. Déanfaidh sé athrú mór, gan amhras, don phobal i gcoitinne sna glúnta atá le teacht.”
Nótaí
Infheistíonn Ciste Infheistíochta na nIonad Pobail - Bearta um Thógáil Nua in ionaid phobail ilfheidhmeacha nuathógtha le deontas íosta €1,000,000 suas go huasmhéid €6,000,000.
Ceadaíodh 12 thionscadal i mí Aibreáin 2024 le maoiniú gaolmhar níos mó ná €30m.
Tá tuilleadh sonraí faoi na cláir uile a riarann an Roinn ar fáil ar www.gov.ie/drcdg