Cuardaigh ar fad gov.ie

Preasráitis

‘An fód iompaithe’ ag an Aire Calleary ar athfhorbairt mhór ar shuíomh Chlochar Shiúracha na Trócaire i gCathair na Mart

  • Infheistíocht €13.5 milliún faoin Chiste um Athghiniúint agus Forbairt Tuaithe
  • Beidh Leabharlann Phoiblí nua, Mol Pobail agus áiseanna eile san áireamh san athfhorbairt mhór
  • Tionscadal fíorshuntasach é do phobal Chathair na Mart

Inniu d’iompaigh an tAire Forbartha Tuaithe agus Pobail agus Gaeltachta (RFTPG), Dara Calleary TD, an fód ar athfhorbairt mhór ar shuíomh Chlochar Shiúracha na Trócaire agus na tailte in aice láimhe i gCathair na Mart.

Leis an athfhorbairt seo, a fuair €13.5 milliún faoin Chiste um Athghiniúint agus Forbairt Tuaithe, déanfar athrú ó bhonn ar iarshuíomh Chlochar Shiúracha na Trócaire agus na tailte in aice láimhe.

Áirítear sa tionscadal, a bheidh ag tarlú ina iomláine laistigh de thailte iarshuíomh stairiúil Chlochar Shiúracha na Trócaire i lár Chathair na Mart:

  • Athchóiriú agus síneadh ar an iar-Bhunscoil (a bhí ina Scoil Saothair roimhe seo) i gcomhair Leabharlann Phoiblí nua.
  • Athchóiriú na neachtlann chun Mol Pobail agus áiseanna pobail a chur ar fáil.
  • Láthair Réimse Phoiblí thírdhreachaithe a chruthú.

Agus é ag labhairt inniu ag iompú an fhóid i gCathair na Mart, dúirt an tAire Calleary:

“Déanfar athghiniúint leis an tionscadal seo ar iarshuíomh Chlochar Shiúracha na Trócaire i gcroílár Chathair na Mart, ar láthair shuntasach í ó thaobh ailtireachta, a bhfuil ról suntasach aici leis na céadta bliana sa phobal áitiúil agus ar tionscadal fíorshuntasach é do phobal Chathair na Mart.

“Nuair a chríochnófar an tionscadal, beidh an suíomh seo ina shainchomhartha tábhachtach i lár Chathair na Mart.”

Dúirt Cathaoirleach Chomhairle Chontae Mhaigh Eo, An Comhairleoir Sean Carey:

“Ní hamháin tús tionscadail tógála atá i gceist le casadh an fhóid d’athghiniúint shuíomh Chlochar Shiúracha na Trócaire i gCathair na Mart - is tús ré nua sibhialta agus cultúrtha don bhaile é. Ba mhaith liom aitheantas a thabhairt do dhíograis gach duine a chabhraigh leis an tionscadal seo a thabhairt go dtí an chéim seo agus go háirithe don Aire Calleary agus a Roinn Forbartha Tuaithe agus Pobail agus Gaeltachta, a chuir an maoiniú deontais ar fáil. Cinntíonn tiomantas na bpáirtithe uile atá páirteach go bhfeabhsóidh an athghiniúint seo bonneagar Chathair na Mart agus go neartóidh sí bunús sóisialta agus cultúrtha an bhaile freisin.”

Dúirt Príomhfheidhmeannach Chomhairle Chontae Mhaigh Eo, An tUasal Kevin Kelly:

“Trí na foirgnimh stairiúla seo a athchóiriú agus a athchuspóiriú, táimid ag tabhairt beatha nua do chuid stairiúil de Chathair na Mart. Beidh an suíomh seo, atá tumtha i stair agus i gcuimhne pobail, ina mhol bríomhar go luath a sholáthróidh seirbhísí poiblí, agus a fheabhsóidh saol an phobail do na glúnta atá le teacht. Beidh an Leabharlann nua, na hOifigí Cathartha, agus an Mol Pobail ina n-áiteanna do dhaoine foghlaim, rochtain a fháil ar sheirbhísí ríthábhachtacha agus teacht le chéile mar phobal.

“Is fianaise é an tionscadal seo ar a bhféadfar a bhaint amach nuair a thagann fís, oidhreacht agus pobal le chéile. Ba mhaith liom mo bhuíochas a ghabháil leis an Aire Calleary agus a Roinn as a dtiomantas don tionscadal seo agus ba mhaith liom buíochas a ghabháil le gach duine a chuir leis an tionscnamh seo a thabhairt go dtí an áit a bhfuilimid inniu agus táimid go léir ag tnúth le dul chun cinn tapa na tógála.”

Sa tionscadal infheistíochta thábhachtach seo, cuirfear eochairáiseanna ar fáil i suíomh lárnach i gCathair na Mart, lena bhfeabhsófar caighdeán maireachtála mhuintir an bhaile, agus eispéireas foriomlán na gcuairteoirí chun an réigiúin freisin. Forbrófar oifigí nua don Chomhairle ar an tsuíomh mar chuid den tionscadal chomh maith.

Dúirt an tAire an méid seo freisin:

“Beidh athchóiriú agus athúsáid na bhfoirgneamh folamh tréigthe seo, arb é an tionscadal CAFT is mó i gCo. Mhaigh Eo, ina spreagadh d’athghiniúint an tsuímh seo agus, go deimhin, do thuilleadh athfhorbartha laistigh de lár an bhaile. Is suntasach iad na buntáistí a thiocfadh ón tionscadal seo, ó thaobh sóisialta agus eacnamaíoch araon.

“Is iontach an rud é go mbeidh an suíomh seo ina phointe suntais nua do Chathair na Mart, agus beidh mise ag cur an-spéis i ndul chun cinn an bhaile.”

Nótaí d’Eagarthóirí

An Ciste um Athghiniúint agus Forbairt Tuaithe

Bunaíodh an Ciste um Athghiniúint agus Forbairt Tuaithe ar mhaithe leis an Chuspóir Straitéiseach Náisiúnta i bPlean Forbartha Náisiúnta 2018-2027, eadhon Geilleagair agus Pobail Tuaithe Neartaithe, agus calabraíodh é freisin ar mhaithe le cuspóirí Ár dTodhchaí Tuaithe, straitéis forbartha tuaithe 5-bliana an Rialtais. Tá an Ciste á riar ag an Roinn Forbartha Tuaithe agus Pobail agus Gaeltachta.

Cuireann an Ciste infheistíocht ar fáil chun tacú le tionscadail oiriúnacha i mbailte agus sráidbhailte a bhfuil daonra faoi 10,000 acu, agus i gceantair imeallacha.

Táthar ag lorg iarratais ar an Chiste faoi dhá chatagóir: Baineann Catagóir 1 le tionscadail a bhfuil an phleanáil agus na ceaduithe riachtanacha uilig faighte ina leith agus atá réidh le dul chun tosaigh, agus baineann Catagóir 2 le tionscadail a bhfuil breis forbartha agus tionscadail chumasaithe de dhíth ina leith chun gur féidir iad a ullmhú do stádas Chatagóir 1.

Cuireadh €614 milliún ar fáil faoin Chiste go dtí seo i gcomhair 273 thionscadal ar fud na hÉireann, lena n-áirítear €48.6 milliún i gcomhair 21 thionscadal fud fad Cho. Mhaigh Eo.

Tugadh faomhadh i leith maoiniú CAFT, ar fiú €13.5 milliún ar an iomlán é, don tionscadal um Athghiniúint Shuíomh Chlochar Shiúracha na Trócaire agus na dTailte in Aice Láimhe.

Tá na sonraí go léir ar fáil ag An Ciste um Athghiniúint agus Forbairt Tuaithe

Ár dTodhchaí Tuaithe

Is polasaí uile-rialtais do cheantair thuaithe na hÉireann don tréimhse 2021-2025 é Ár dTodhchaí Tuaithe. Garsprioc eile atá ann sa chur chuige i leith polasaí forbartha tuaithe in Éirinn agus is cur chuige níos straitéisí, níos uaillmhianaí agus níos iomlánaíche é i gcomhair infheistiú i gceantair thuaithe agus deiseanna iontu a uasmhéadú.

Is ann don fhoirm seo d’aiseolas, agus sin amháin, a bhaineann leis an leathanach reatha.

Ná cuir faisnéis phearsanta ná airgeadais san áireamh.

Chun gov.ie a fheabhsú, déanfar anailís ar an bhfaisnéis a chuireann tú isteach agus ní thabharfar freagra uirthi ar bhonn indibhidiúil.

Conas mar a bhí d’eispéireas ar an leathanach reatha? (ag teastáil)

Tá 400 carachtar fágtha agat