Tionscadail ar bronnadh maoiniú de bhreis is €10 milliún orthu nochta ag an Aire Calleary le linn a chuairte ar Cho. an Chabháin

Cuardaigh ar fad gov.ie

Preasráitis

Tionscadail ar bronnadh maoiniú de bhreis is €10 milliún orthu nochta ag an Aire Calleary le linn a chuairte ar Cho. an Chabháin

Thug an tAire Forbartha Tuaithe agus Pobail agus Gaeltachta, Dara Calleary TD, cuairt inniu (Déardaoin, 7 Bealtaine 2026) ar Chontae an Chabháin chun roinnt áiseanna pobail a fuair maoiniú ón Roinn Forbartha Tuaithe agus Pobail agus Gaeltachta a oscailt.

Chuir an tAire tús lena chuairt i nDún an Rí, áit inar oscail sé Láthair Súgartha Nádúrtha Pháirc Foraoise Dhún an Rí. Is é atá i gceist leis an tionscadal seo, a maoiníodh faoin Scéim um Bonneagar Áineasa Lasmuigh, ná oibreacha feabhsaithe ar an timpeallacht sa pháirc, eadhon clós súgartha nádúrtha a thógáil agus cosán a shuiteáil le rochtain ón dá phríomh-charrchlós.

Agus é ag labhairt i nDún an Rí, dúirt an tAire:

“Is léir anseo inniu an fiúntas atá le comhar idir Chomhairle Contae an Chabháin, Coillte, agus mo Roinn féin, agus sinn i ndiaidh an áis iontach seo a fhorbairt.

“Molaim an díograis agus an dúthracht atá léirithe ag gach duine a d’oibrigh chun an togra iontach seo a thabhairt chun críche. Is samplaí iad na tionscadail seo den dea-thionchar a imrítear ar dhaoine áitiúla, gnólachtaí, agus turasóireacht sa cheantar trí dhúthracht na cosmhuintire, in éineacht le rannpháirtíocht an phobail.”

Ina dhiaidh seo, d’iompaigh an tAire an fód ar Mhol Pobail agus Fiontraíochta Bhaile Shéamais Dhuibh, ar ar leithdháileadh breis is €7.65 milliún faoin Chiste um Athghiniúint agus Forbairt Tuaithe de chuid a Roinne.

Agus é ag labhairt i mBaile Shéamais Dhuibh, dúirt an tAire:

“Is mór an phribhléid dom a bheith anseo libh tráthnóna inniu chun an fód a iompú ar an mórthionscadal seo do Bhaile Shéamais Dhuibh.

“Ba mhaith liom mo bhuíochas a ghabháil le gach duine a ghlac páirt sa tionscadal suntasach seo, atá faoi stiúir Chomhairle Contae an Chabháin.

“Nuair a chríochnófar é, beidh an Mol ina lárionad d’athnuachan eacnamaíoch agus pobail Bhaile Shéamais Dhuibh agus na gcúlchríoch mórthimpeall air.”

Ina theannta sin, d’oscail an tAire Droichead Choillidh Chaoin go hoifigiúil, a fuair infheistíocht ón Scéim um Bonneagar Áineasa Lasmuigh i gcomhair feabhsúcháin ar dhroichead coisithe aitheanta sa pháirc foraoise. Beidh breis inrochtaineachta ar na conairí ag coisithe, rothaithe agus úsáideoirí le fadhbanna inrochtaineachta de bharr na bhfeabhsúchán.

Chuaigh an tAire go Baile an Chabháin ansin, áit inar oscail sé na hoibreacha feabhsúcháin i bPáirc Con Smith. I measc na n-oibreacha, bhí máistirphlean nua a forbraíodh don pháirc, both caife nua, leithris phoiblí atá inrochtana d’úsáideoirí cathaoireacha rothaí, inrochtaineacht agus bealaí siúil feabhsaithe, síneadh ar an chlós súgartha le painéil súgartha céadfach agus tuilleadh suíochán.

I ndiaidh an imeachta seo, d’oscail an tAire Teach Margaidh Bhéal Átha Conaill go hoifigiúil, a bheidh ina mhol pobail cianoibre agus turasóireachta. Tacaíodh le hathchóiriú agus athfhorbairt an Tigh Margaidh le €1.2 milliún ón Chiste um Athghiniúint agus Forbairt Tuaithe.

Dúirt an tAire Calleary:

“Tá fíorathruithe marthanacha á ndéanamh ag an gCiste um Athghiniúint agus Forbairt Tuaithe fud fad na tíre, mar atá déanta aige anseo i mBéal Átha Conaill. Tá an t-ádh liom gur féidir liom tionscadail mar seo a oscailt, inar féidir an infheistíocht Rialtais a fheiceáil agus inar léir na buntáistí don phobal.”

Nótaí don Eagarthóir

Páirc Foraoise Dhún an Rí - €625,000 tríd an Scéim um Bonneagar Áineasa Lasmuigh

Mol Pobail & Fiontraíochta Bhaile Shéamais Dhuibh - €7.65 milliún faoin Chiste um Athghiniúint agus Forbairt Tuaithe

Droichead Choillidh Chaoin - Fuarthas maoiniú €323,130 faoin Scéim um Bonneagar Áineasa Lasmuigh

Feabhas ar Pháirc Chuimhneacháin Con Smith - Bronnadh €500,000 faoin Scéim um Athnuachan Bailte agus Sráidbhailte

Teach Margaidh Bhéal Átha Conaill - Bronnadh €1.2 milliún faoin Chiste um Athghiniúint agus Forbairt Tuaithe

An Ciste um Athghiniúint agus Forbairt Tuaithe

Ó 2018 i leith, ceadaíodh breis is €612 milliún i gcomhair 272 thionscadal ar fud Éireann faoin scéim. Go dtí seo, leithdháileadh breis is €35 milliún de mhaoiniú CAFT ar 13 thionscadal ar fud Cho. an Chabháin.

Is ann don fhoirm seo d’aiseolas, agus sin amháin, a bhaineann leis an leathanach reatha.

Ná cuir faisnéis phearsanta ná airgeadais san áireamh.

Chun gov.ie a fheabhsú, déanfar anailís ar an bhfaisnéis a chuireann tú isteach agus ní thabharfar freagra uirthi ar bhonn indibhidiúil.

Conas mar a bhí d’eispéireas ar an leathanach reatha? (ag teastáil)

Tá 400 carachtar fágtha agat